Cuireann cuid mhór againn dúil i bhfréamhacha na Gaeilge: cad iad na teangacha lena bhfuil sí gaolta? Cá huair ar scar sí uathu? An raibh sí an-chosúil leis na teangacha seo fadó?
Tuigtear ar ndóigh gur teanga Ind-Eorpach í an Ghaeilge agus go bhfuil cúlra coiteann aici le breis agus 400 teanga eile atá rangaithe faoin lipéad seo, lipéad a chuimsíonn beagnach trí bhilliún cainteoir atá anois lonnaithe ar gach ilchríoch ar domhan.
Creidtear gur shíolraigh na teangacha seo ar fad ó theanga amháin, Próta-Ind-Eorpais, a bhíodh á labhairt ag dream daoine a chónaigh in oirthear na hEorpa nó iarthar na hÁise thart ar 4500 go 2500 BCE.
Sa 19ú céad, d’úsáid an teangeolaí Gearmánach August Schleicher Próta-Ind-Eorpais chun fabhalscéal – ‘An Chaora agus na Capaill’ – a chumadh agus anois is téacs aitheanta é i saol na teangeolaíochta.
Ach cad iad na fuaimeanna a bheadh leis an scéal áfach, dá gcluinfí inniu é? Cad lena mbeadh sé cosúil?
Tá freagra áirithe againn ar an cheist sin anois tar éis gur thaifead an teangeolaí Meiriceánach Andrew Byrd ó Ollscoil Kentucky leagan den fhabhalscéal bunaithe ar na tuiscintí is úire ar an Phróta-Ind-Eorpais.
Níl gach saineolaí ar aon intinn faoi fhuaimeanna na bunteanga seo, mar sin ní féidir a rá go bhfuil leagan críochnúil ann, ach ar a laghad tá barúil éigin againn ar cad a bhí le cluinstin ag ár sinsir agus iad ag scéalaíocht na mílte bliain ó shin.
An aithníonn tú aon chuid de?
Seo é téacs an scéil, de réir Byrd:
H₂óu̯is h₁éḱu̯ōs-kʷe
h₂áu̯ei̯ h₁i̯osméi̯ h₂u̯l̥h₁náh₂ né h₁ést, só h₁éḱu̯oms derḱt. só gʷr̥hₓúm u̯óǵʰom u̯eǵʰed; só méǵh₂m̥ bʰórom; só dʰǵʰémonm̥ h₂ṓḱu bʰered. h₂óu̯is h₁ékʷoi̯bʰi̯os u̯eu̯ked: “dʰǵʰémonm̥ spéḱi̯oh₂ h₁éḱu̯oms-kʷe h₂áǵeti, ḱḗr moi̯ agʰnutor”. h₁éḱu̯ōs tu u̯eu̯kond: “ḱludʰí, h₂ou̯ei̯! tód spéḱi̯omes, n̥sméi̯ agʰnutór ḱḗr: dʰǵʰémō, pótis, sē h₂áu̯i̯es h₂u̯l̥h₁náh₂ gʷʰérmom u̯éstrom u̯ept, h₂áu̯ibʰi̯os tu h₂u̯l̥h₁náh₂ né h₁esti. tód ḱeḱluu̯ṓs h₂óu̯is h₂aǵróm bʰuged.
Agus an leagan Gaeilge de, ar eagla gur chuir sé crua ort an Phróta-Ind-Eorpais a oibriú amach:
An Chaora agus na Capaill
Chonaic caora, nach raibh aon olann uirthi, roinnt capall – ceann amháin acu ag tarraingt cairt throm, lasta mór ar cheann eile agus an ceann eile ar lánsodar le fear ar a dhroim. “Goilleann sé orm nuair a fheicim fear ag tiomáint capall,” arsa an chaora. “Éist, a chaora,” arsa na capaill, “goilleann sé orainn nuair a fheicimid seo: fear, an máistir, ag déanamh ball teolaí éadaigh dó féin d’olann na caorach, agus gan ribe fágtha ar an chaora féin.” Ar éisteacht sin di, d’imigh an chaora léi ar cosa in airde chun an mhachaire.
Íomhá: Mark Wathieu