Facebook i gcoinne mhuintir ‘Sexi’


Tháinig club lúthchleasaíochta sa Spáinn salach ar pholasaí ainmneacha Facebook le déanaí nuair a chuir an gréasán sóisialta cosc orthu ar an ábhar go raibh a n-ainm “ró-ghnéasúil”.

El Club Atletismo Sexitano is ainm don ghrúpa atá lonnaithe in Almuñécar, ar chósta deisceartach na hAndalúise.

Is é ‘Sexi’ an t-ainm bunaidh a thug na Féinícigh (Phoenicians) ar an bhaile áfach agus is é ‘Sexitano’ an déamainm a thugtar ar mhuintir Almuñécar go fóill.

Ar nós na mílte áit eile i ndeisceart na Spáinne, tá bunús Araibise leis an leagan is úire Almuñécar.

“Is léir nach bhfuil aon eolas ag monatóirí Facebook ar ár stair,” arsa Manuel Alonso, cisteoir an chlub.

“Caithfidh muid ár n-oidhreacht agus ár bhféiniúlacht a chosaint.

“Dá mbeadh deis agam labhairt le Mark Zuckerberg déarfainn leis gurb é an baile seo an chéad phointe teagmhála a bhí ag na Féinícigh ar chósta theas na hIbéire, gur thug siad ‘Seks’ ar an chathair agus gurb as sin a fhaightear an sean-ainm ‘Sexi’ agus ‘Sextiano’ mar chur síos ar phobal na háite inniu.”

Sa deireadh chinn an club ar chéad litir an fhocail a athrú – ó sexitano go çexitano – agus chéadaigh Facebook an leagan nua.

Aithneoidh cuid de phobal na Gaeilge na deacrachtaí seo a bhí ag muintir Almuñécar agus cosc curtha ag Facebook ar roinnt daoine a d’athraigh a n-ainmneacha go dtí an leagan Gaelach ar an suíomh le déanaí.

SCÉALTA EILE