‘Fake name’ tugtha ag iriseoir Briotanach ar ainmneacha Gaelacha

Tharraing iriseoir de chuid an nuachtáin The Sunday Times i Sasana fearg na nGael air féin nuair a dúirt sé gur ‘ainm cumtha’ a bhí in ainm cainteora Gàidhlig ar Twitter an lá cheana. Bhí Tony Allen-Mills in achrann cheana féin mar gheall ar alt a scríobh sé faoi chainteoir óg Albainise, Len Pennie as an Àrd Ruigh, inar thrácht sé ar an gcáil mhór atá ar an bhfile óg mar gheall ar cuntas Twitter. 

Cuireann Len míreanna rialta amach ar Twitter faoin Albainis agus foilsíonn sí a cuid filíochta ar an ardán freisin. Dúirt Allen-Mills in alt a scríobh sé do The Sunday Times gur “barely understandable Scottish burr” a bhí i gcaint an fhile óig, rud a mhaslaigh í. 

https://twitter.com/Lenniesaurus/status/1350809535917785088

Tharraing an comhrá idir Len Pennie agus Tony Allen-Mills go leor airde ar Twitter agus bhí roinnt mhaith cainteoirí Gàidhlig sa ngleo agus iad ag cosaint na mná óige. Agus é ag argóint le duine de na cainteoirí Gàidhlig seo, Allasan Sheòras Buc, chuir an t-iriseoir ina leith gur ‘ainm cumtha’ a bhí ina hainm Gaelach.  

“Get a grip – it’s Twitter. You do know Twitter’s not real life, right? Isn’t that why you give yourself a fake name?” a d’fhiafraigh sé di. 

Ní nach ionadh, tharraing an chaint seo lucht na Gàidhlig in Albain anuas air agus fágadh na scórtha tráchtanna á cháineadh. 

https://twitter.com/TGrayWrites/status/1350891875931140099
https://twitter.com/fion_argh/status/1350906117854031873

Ainneoin na trioblóide go léir a tharraing sé air féin, ó dhá phobal teanga in Albain, luigh Allen-Mills isteach ar an obair agus choinnigh air ag cosaint an mhéid a scríobh sé ar The Sunday Times agus ar a gcuntas pearsanta Twitter ina dhiaidh sin.

SCÉALTA EILE