Fañch eile ag troid ar son a thilde sa Bhriotáin

Tá beirt thuismitheoirí sa Bhriotáin ag éileamh go mbeidh cead acu ainm Briotáinise a thabhairt ar a mac nuabheirthe. Tá oifigigh stáit sa rannóg a chláraíonn leanaí nua ag diúltú an litir ‘ñ’ a chur ar an gcáipéisíocht oifigiúil. 

Seo an dara lánúin le cúpla bliain anuas atá ag iarraidh an t-ainm Fañch a thabhairt ar a mac. Cúpla bliain ó shin, chuir lánúin Bhriotánach troid mhór suas le go n-aithneodh an stát Francach litriú ceart ainm a mic, Fañch. Rialaigh oifigigh éagsúla sa Bhriotáin agus sa bhFrainc nach raibh an ceart ag an mbuachaill beag an ‘ñ’ a bheith ina ainm aige ar cháipéisí oifigiúla.

Tháinig deireadh leis an scéal sin breis agus bliain ó shin nuair a rialaigh Cúirt Achomhairc Rennes gur ceadmhach do thuismitheoirí ainmneacha Briotáinise a bhfuil an tilde iontu a thabhairt ar leanaí. Mheabhraigh an chúirt do na húdaráis sa Bhriotáin go gceadaítear an t-aiceann sa bhFraincis cheana, agus go bhfuil sé le feiceáil i bhfoclóir oifigiúil an Academie Français. 

Ach tá an troid cheannann chéanna roimh lánúin eile anois, shílfeá. Rugadh Fañch beag eile in Morlaix an mhí seo bliain agus an lá ón rialú sa Chúirt Achomhairc. Fuair a thuismitheoirí litir ón stát inar tugadh le fios dóibh nach féidir ainm a mic a chlárú faoin litriú ceart. 

Tugadh na cúinsí ceannann céanna sa litir nua a seoladh chuig an lánúin nua seo agus a tugadh sa litir a seoladh chuig tuismitheoirí Fañach Bernard de Rosporden trí bliana ó shin — gur rialaíodh i gciorclán a scaip státseirbhís na Fraince in 2014 nach bhfuil an ‘ñ’ i measc na litreacha a cheadaítear d’ainmneacha dílse. 

Chuaigh an teaghlach i gcomhairle le Skoazell Vreizh (macasamhail Chonradh na Gaeilge sa Bhriotáin) agus mhol an eagraíocht teanga dóibh dul i dteagmháil leis an dlíodóir céanna a dhéileáil le cás an bhuachalla eile., 

Dúirt Charlie Grall, uachtarán Skoazell Vreizh go bhfuil iontas ar an lánúin go bhfuil an bac céanna orthu agus a bhí ar an teaghlach eile, agus go seasfaidh an eagraíocht teanga leis an lánúin agus an cás a throid acu sna cúirteanna.

Tá uachtárán an chúige, Loïg Chesnais-Girard, ar thaobh na dtuismitheoirí agus dúirt go bhfuil “lán [a] thacaíochta ag tuismitheoirí Fañch bhig”. Dúirt sé gur chóir go mbeifí in ann ainmneacha Briotáinise a thabhairt ar leanaí a rugadh sa Bhriotáin.