‘Fast fashion’, ‘plant-based’, agus ‘spice bag’ i measc na bhfocal a cuireadh leis an bhFoclóir Béarla-Gaeilge in 2020

Foilsíodh an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge i mí Mheán Fómhair agus 31,000 ceannfhocal Béarla ann. Ar ndóigh ní féidir focail nua a chur le foclóir clóite, ach ní hin le rá nach mbeidh foireann an Fhoclóra ag cur le líon na bhfocal ar an bhfoclóir ar líne. 

Go gairid i ndiaidh don leagan clóite a bheith ar fáil sna siopaí leabhar, cuireadh iontrálacha nua leis an bhfoclóir i mí Dheireadh Fómhair. Bailíodh eolas faoi ‘chuardaigh nach raibh aon toradh orthu’ agus roghnaíodh liosta focal a raibh “éileamh mór” orthu le cur leis an bhfoclóir. 

Focail agus téarmaí a bhaineann leis an bpaindéim, le himpleachtaí na paindéime, agus leis an saol nua is ea roinnt mhaith acu. Baineann cuid acu le téama eile a bhí go mór i mbéal an phobail roimh thús na paindéime agus atá fós i mbéal an bhig is an mhóir —  an éigeandáil aeráide. 

Ar na téarmaí agus focail a bhaineann go díreach leis an víreas corónach bhí ‘close contact’ (dlúth-theagmhálaí), ‘self-quarantine’ (féinchoraintín), agus ‘super spreader event’ (ócáid sárleata), ‘immuno-compromised’ (imdhíon-laghdaithe), ‘co-morbidity’ (comhghalracht), agus ‘sanitiser’ (díghalrán). 

Tá go leor cainte ann faoin ‘gnáthshaol nua’ agus muid ag fanacht go foighdeach ar an vacsaín. Beidh na Gaeil in ann an saol nua seo a phlé gan aon dua i dteanga Bhríd agus Phádraig a bhuí leis an ngrúpa eile focal a cuireadh leis an bhFoclóir: face covering (cumhdach aghaidhe), physical distancing (scaradh fisiciúil), video call (físghlao), remote learning agus remote working (cianfhoghlaim agus cianobair),  agus staycation (saoire sa bhaile).

Cuireadh na téarmaí climate action (gníomhú ar son na haeráide), climate emergency (géarchéim aeráide), fast fashion (mearfhaisean), veganism (veigeánachas) agus plant-based (plandabhunaithe) leis an bhfoclóir freisin – léiriú ar an éileamh atá ann i measc phobal na Gaeilge ar théarmaíocht a bhaineann le cúrsaí comhshaoil agus aeráide. 

Ar na focail eile a cuireadh leis an bhFoclóir i mí Dheireadh Fómhair, nach mbaineann le mórthéama faoi leith, bhí impactful (it was an impactful speech chuaigh an óráid go mór i bhfeidhm ar dhaoine), sourdough

 (taos géar), active learning (foghlaim ghníomhach), top-class (den scoth), agus ar deireadh ar fad, bia náisiúnta na mBleá Cliathach: spice bag (mála spíosraí).




SCÉALTA EILE