Tá achainí tosaithe ar líne a impíonn ar RTÉ tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil mar rogha don lucht féachana le linn Euro 2016. Míníonn Concubhar Ó Liatháin cén fáth.
Is cuimhin liom ’88.
Nuair a sheol Ray Houghton an liathróid go cúl eangach Peter Shilton i Stuttgart ní raibh ach ocht nóiméad den chluiche sin caite.
Bhíos i mo shuí sa seomra suite sa bhaile agus mé dóchasach seachas muiníneach go n-éireodh go geal le foireann Phoblacht na hÉireann i gCraobh na hEorpa, an chéad uair riamh a raibh an fhoireann cáilithe le haghaidh babhtaí ceannais de chomórtas idirnáisiúnta sacair.
Ba é George Hamilton an tráchtaire ar an gcluiche agus ní gá a rá, agus ní thógfaidh George orm é a lua, gur i mBéarla amháin a bhí an tráchtaireacht.
Níor chuir sin isteach orm ar an lá, abraimís arís é, an lá úd ar bhuaigh Éire ar Shasana i mbabhtaí ceannais na hEorpa.
Ach anois, geall leis 30 bliain síos an bóthar, cuireann sé isteach orm go bhfuil mo chuimhne ar an lá stairiúil sin i mBéarla.
Agus tá Poblacht na hÉireann – an fhoireann a théann chun páirce ar son an líon is mó leantóirí sacair ar an oileán seo agus do phobal sacair na tíre ar fud na cruinne – anois cáilithe don tríú huair do Chraobhchomórtas na hEorpa.
Beidh siad ag imirt in aghaidh na Sualainne, na Beilge agus na hIodáile, agus beidh an chéad chluiche ar siúl ar 13 Meitheamh.
Ach go fóill beidh an tráchtaireacht i mBéarla.
Seans gur George a bheas ann arís, fiú.
Mar sin má éiríonn le foireann Martin O’Neill agus Roy Keane dul chun cinn stairiúil a dhéanamh, beidh an Ghaeilge fágtha sa bhfuacht arís ag an gcraoltóir náisiúnta.
Ní alt é seo le cáineadh a dhéanamh ar RTÉ.
Tá dul chun cinn déanta ag an stáisiún i dtreo cúiteamh éigin a dhéanamh ar an leithcheal a deineadh ar lucht na Gaeilge thar na blianta.
Ba chéim mhór chun tosaigh é go raibh rogha de thráchtaireacht Ghaeilge ar fáil le haghaidh bhabhtaí ceannais na gCraobhacha Uile-Éireann sa pheil agus san iomáint anuraidh agus chuala moladh ó go leor Gael don tuairisciú a deineadh ar na mórócáidí spóirt úd.
De réir mar a thuigim ó Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, beidh an rogha de thráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ó na babhtaí leathcheannais ar aghaidh i mbliana.
Dul chun cinn eile.
Tugadh rogha dó bunaithe ar acmhainní agus roghnaigh sé na cluichí leathcheannais i gcraobhacha na peile agus na hiomána.
Bhí sé cinnte go mbeadh ar a laghad ceithre chluiche i gceist – seachas trí chluiche ag Euro 2016.
Ní hé údar m’achainí gur rinne Rónán an rogha mhícheart ach go raibh air rogha a dhéanamh sa chéad dul síos.
Is cinnte go mbeidh go leor tuairisceoirí nuachta agus spóirt ag RTÉ sa Fhrainc an samhradh seo do Euro 2016.
Is cinnte go mbeidh oícheannta fada de shacar againn ar an dteilifís i mí an Mheithimh agus cur agus cúiteamh le hÉamon Dunphy, Johnny Giles agus lucht Après Match.
Go léir i mBéarla.
Ní gá a rá ach go mbeidh costas mór ag baint leis an dtuairisciú seo ar fad, agus go mbeidh go leor ioncaim ag RTÉ fosta as an bhfógraíocht a bheidh siad á díol le fógróirí.
Is mórócáid spóirt é Euro 2016.
Ba cheart go mbeadh tuairisciú forleathan ann.
Ní chreidim go bhfuil sé iomarcach sa chomhthéacs iomlán a iarraidh go mbeadh rogha de thráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do na cluichí seo.
Tá saghas náire orm go gcaithfidh mé seo a iarraidh in achainí idirlín mar atá déanta agam nó ní chreidim gur cheart go mbeadh gá lena leithéid nuair is é an craoltóir náisiúnta atá maoinithe ag airgead poiblí atá i gceist.
Táimid sa ré dhigiteach anois.
Tá an lá thart go mbeadh ar Ghaeil an fhuaim a ísliú ar an dteilifís agus SBB ar RnaG a iompú suas go dtí 11 ar an raidió le tráchtaireacht inár dteanga dhúchais náisiúnta oifigiúil a fháil ar na hócáidí móra suntasacha seo a thugann pléisiúr agus gliondar dúinn.
Ach sa bhliain 2016 fiú, níl sé soiléir fós an mbeidh an rogha sin ag pobal na Gaeilge.
Níl sé rómhall, creidim, go mbeadh athrú poirt ag RTÉ le nach bhfágfaí an Ghaeilge in áit na leathphingine arís.
Tá achainí ar líne tosnaithe agam le fócas a thabhairt don bhfeachtas seo agus tá súil agam go síneoidh leitheoirí NÓS é agus go scaipfidh sibh an scéal.
Má éiríonn linn, bhuel tá na Cluichí Oilimpeacha ag teacht, gan trácht ar mhórócáidí spóirt eile a bhfuil dualgas dlíthiúil ar RTÉ iad a chraoladh saor go haer.
Ar an drochuair, níl sé d’acmhainn ag TG4 tabhairt faoin gcraoladh seo de bhrí nach bhfuil na buiséid ag an stáisiún na cearta costasacha craoltóireachta a cheannach.
Ina éagmais, agus de bhrí go bhfuil an dualgas orthu ar aon nós seirbhís a thabhairt don Ghaeilge, caithfidh RTÉ an bhearna sin a líonadh.
Mar aguisín leis seo, tá sé i gceist ag an Chultúrlann i mBéal Feirste cluichí na hÉireann a thaispeáínt ar an scaileán mór i mí an Mheithimh.
Mura gcuireann RTÉ an rogha Ghaeilge ar fáil dúinn, déanfaimid socruithe sinn féin chun tráchtaireacht Ghaeilge a chinntiú!
Múineann gá seift!
Is féidir feachtas na tráchtaireachta Gaeilge a leanúint ar ár leathanach Facebook.