Tá Gaillimh cheana féin aitheanta mar gheall ar an stádas dátheangach a bronnadh ar an gcathair i mbliana ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil muintir na cathrach ag ligean a maidí le sruth i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge.
#GRMAGaillimh is teideal d’fheachtas úrnua a seoladh an mhí seo agus a bhfuil sé mar sprioc aige lucht gnó na Gaillimhe a spreagadh leis an teanga a úsáid go laethúil ina gcuid gnólachtaí.
Tá frásaí scaipthe ar shiopaí ar fud na cathrach agus táthar ag súil go spreagfaí iad siúd atá ar bheagán Gaeilge, chomh maith le cainteoirí líofa, níos mó Gaeilge a labhairt le custaiméirí agus cuaiteoirí ó lá go lá.
Ní ghlacann sé mórán iarrachta ‘Go raibh maith agat’ nó ‘slán’ a rá le gach duine a gcasann tú leo, bíodh sé i siopa nó ar an tsráid, agus chuirfeadh a leithéid de chur chuige go mór leis an atmaisféar Gaelach i nGaillimh, nó in aon áit eile a dtabharfadh daoine faoi.
Is é an t-eagras Gaillimh le Gaeilge atá taobh thiar den scéim, le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Cumann Ghnó Chathair na Gaillimhe agus An Cheathrú Mheánaoisesach.
Breathnaigh ar an bhfíseán thuas agus bí páirteach in #GRMAGaillimh!