Féinbhás Teanga

Tá an Ghaeilge ag fás mar ‘theanga bhord caife’ ach muna gcothaíonn muid í inár dtithe féin, níl i ndán di, agus dá pobal labhartha, ach bás, a scríobhann Ciarán Dunbar.


Thiocfadh leat a rá go bhfuair na Gaeil cic sna magairlí ar na mallaibh nuair a foilsíodh staitisticí na Gaeilge ó Dhaonáireamh 2011 don tuaisceart.

Léiríonn na figiúirí nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga ach ag 4,164 duine sna Sé Chontae. (Sna 26 Chontae labhraíonn 77,000 an Ghaeilge go laethúil agus labhraíonn 110,000 í go seachtainiúil – figiúirí measartha ar féidir tógáil orthu.)

De réir mo chuid taighde féin áfach, atá bunaithe ar Dhaonáireamh 2001 agus ar thaighde eile, baineann níos mó na 4,164 duine úsáid as an Ghaeilge go rialta ó thuaidh.

Dar liomsa, úsáideann tuairim ar 10,000 í go rialta agus suas go 22,000 í ó am go ham.

Chomh maith leis sin, mhéadaigh líon na ndaoine le cumas áirithe sa Ghaeilge ó 167,487 in 2001 go 184,898 anuraidh (ó 10.4% den phobal go 10.65%) ach tháinig laghdú suntasach ar líon na ndaoine le léamh, scríobh, labhairt agus tuiscint na Gaeilge’ ó 75,125 go 64,847.

Ar bhealach, tá dul chun cinn déanta ó thaobh líon na ndaoine a bhfuil eolas éigin acu ar an Ghaeilge, ach an ionann sin agus fíor-dhul chun cinn?

Roinnt laethanta tar éis gur foilsíodh na figiúir seo ón Daonáireamh, tháinig staitistic eile chun solais ón Roinn Oideachais ó thuaidh. Is é sin go bhfuil an Ghaeilge

mar ghnáth-theanga laethúil an tí ag 986 páiste sna Sé Chontae, nó 0.3% den daonra – an ceathrú háit sa liosta.

Ní gá a rá ach gur beag an méid é sin. Tá féidearthacht ann chomh maith go bhfuil áibhéil éigin déanta i roinnt cásanna.

Dar le mo chuid taighde féin, thiocfadh dó go bhfuil líon na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge sa tuaisceart ag titim seachas ag fás (tá sé ag titim sa Ghaeltacht i gcónaí faraor).

Is féidir, agus tá súil agam gurb é, nach bhfuil mo chuid taighde iomlán cruinn ach is cinnte dearfa nach ndearnadh aon dul chun cinn maidir le líon na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge sna Sé Chontae.

Tá an-iontas ort a léitheoir dhíl faoi sin, nach bhfuil? Nach bhfuil réabhlóid teanga ar bun sa Tuaisceart?

Is léir nach bhfuil.

Cinnte, tá infrastruchtúr á thógáil, scoileanna a mbunú, ‘Gael-eagar’ á fhorbairt, ach ní raibh aon tionchar aige sin ar an Ghaeilge mar fhíor- theanga bheo.

Cén fáth?

Bhuel, seans go bhfuil sé ró-luath an tionchar iomlán a fheiceáil go fóill.

Nó arbh fhéidir gur chuir fás na Gaelscolaíochta isteach ar líon na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge – is é sin le rá nár bhac daoine le Gaeilge sa bhaile ar an ábhar go bhfaigheadh siad ón scoil í?

Nó arbh fhéidir gurb í polasaí an Stáit ó thuaidh – agus ó dheas go deimhin – go gcuirfeadh siad an Ghaeilge chun cinn mar theanga dheas shlán chultúrtha chun baint ar shiúl ó na hiarrachtaí ‘contúirteacha’ sin í a chur chun cinn mar chéad teanga? Tá sé fiú scríofa ar shuíomh idirlín mhóreagras Gaeilge gurb í an aidhm atá acu ná an Ghaeilge “a chur chun cinn”.

Cad sa diabhal a chiallaíonn sé sin?

Níl a fhios agam beo ach tá a fhios agam gur beag an bhaint atá aige le tógáil páistí le Gaeilge.

Agus má tá muid dáiríre faoin obair seo agus faoin todhchaí atá romhainn nach luífeadh sé le ciall go gcuirfí béim ar chun cinn na Gaeilge mar theanga tí thar aon rud eile?

Caithfidh mé a bheith ionraic libh, níl aon amhras agam, agus an réaltacht reatha mar atá anois, go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis mar chéad teanga labhartha, ar fud an oileáin.

Tá sí ag fás mar theanga caitheamh aimsire agus mar ‘coffee table language’ ach níl suim agam féin ach sa teanga bheo, i dteanga phobail na todhchaí.

Ar ndóigh tá sé tábhachtach bheith réalaíoch faoin staid ina bhfuil muid agus gan dallamullóg a chur orainn féin ach ní fiú, agus ní ceart, géilleadh don diúltachas.

Tá sé d’acmhainn againn an réaltacht seo a athrú. Go fírinneach tá sé de dhualgas orainn a bheith ag obair ar son domhain níos fearr.

In ainneoin scéal seo na bhfigiúirí tá mé lán dóchais gur féidir leis an ghlúin seo – ‘Glúin NÓS’ más maith libh – an fáinne fí a bhriseadh agus an Ghaeilge a athneartú arís.

Cad é an fáinne fí seo?

Tugadh an ‘fíoras dubh’ nó an ‘black fact’ air uair den tsaol. Is é sin go raibh cainteoirí dúchais Gaeilge ag tógáil a gcuid páistí le Béarla.

Tá sé ag tarlú go fóill faraor, agus ní díreach sa Ghaeltacht amháin.

Is léir nach dtógann ach fíor- mhionlach againn ár bpáistí féin le Gaeilge,‘gníomhairí’ teanga san áireamh.

Sin an fíoras dubh, an fhírinne gharbh, sinne féin mar Ghaeil atá ag marú na Gaeilge.

Níl sí ‘faoi ionsaí ag an Bhéarla’ – sinn féin atá á marú agus muid ina suí cois tine. Ciallaíonn sé seo go mbíonn ar gach glúin an Ghaeilge a fhoghlaim arís mar dhara teanga, arís is arís eile, agus is beag an toradh air sin.

Nach bhfuil sé in am don ghlúin seo an nós sin a bhriseadh agus clann a thógáil le Gaeilge?

Ar ndóigh, tá páistí a dtógáil le Gaeilge i gcónaí, ach is ar éigean go bhfuil níos mó ná 3,000 páiste in Éirinn a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu.

Ar ndóigh, ní leor iad seo chun todhchaí na teanga a chinntiú ná aon bhaol air.

Níl dream ar bith seachas Comhluadar – a bhfuil amhras faoina thodhchaí – ag cur na Gaeilge chun tosaigh mar theanga tí.

Suas daoibh féin mar sin a léitheoirí, an ghlúin nua, ‘Glúin NÓS’.

Tógaigí bhur gcuid páistí le Gaeilge agus mairfidh sí. Tóg le Béarla iad agus ní mhairfidh. Sin é.

I ndeireadh na dála, níl an rialtas chun cailín aimsire a chur ar fáil duit chun é a dhéanamh ar do shon.

Ach tá práinn ann anois, is iomaí uair a dúradh é ach muna bhfaigheann muid greim ar an fhadhb seo anois agus muna gcothaíonn muid nós láidir úr inár measc, ní bheidh aon bhealach ar ais.

Agus nuair a deirimise ‘anois’, anois atá i gceist agam.

SCÉALTA EILE