Tá gearrfhíseán déanta ag an scannánaí Fergus Keane do Lá Fhéile Pádraig ina bhfuil deichniúr eachtrannach le feiceáil “ag múineadh na Gaeilge bunúsaí” do Sheachtain na Gaeilge.
Dúirt Fergus ar na meáin shóisialta go gcuireann isteach air nuair a chloiseann sé daoine ag rá nach féidir leo an Ghaeilge a labhairt “mar nach raibh múinteoir maith acu”.
“Bhí na heachtrannaigh seo ábalta an Ghaeilge a labhairt tar éis uair an chloig, agus bhain siad an-taitneamh as, rud atá soiléir ón bhfíseán!” a dúirt sé.
Tá triúr Brasaíleach, triúr Iodálach, Gréagach, Ísiltíreach , agus Nua-Shéalannach le feiceáil sa bhfíseán gearr agus iad “ag múineadh” beannachtaí agus comhrá simplí i nGaeilge don lucht féachana.