FÍSEÁN: ‘Saoirse intinne agus saoirse anama’
Spléachadh ar obair Ghlór na Móna


Tá NÓS ag comhoibriú leis an chomhlacht Dearcán Media le sraith nua a dhéanamh ina mbeidh sé fhíseán ghearra faoi dhaoine óga atá ag déanamh sár-obair i saol na Gaeilge.

Seo chugaibh an chéad cheann — scéal spreagúil Fheargail Mhic Ionnrachtaigh, duine de bhunaitheoirí ‘Glór na Móna’, ceann de na heagraíochtaí Gaeilge is díograisí sa tír, a bhuaigh príomhdhuais Glór na nGael 2017. 

Sa tsraith seo beimid ag labhairt le duine de bhunaitheoirí Fhéile na Gealaí, Hannah Ní Bhaoill, chomh maith le Naoise Ó Cairealláin, stiúrthóir Fhéile Liú Lúnasa i mBéal Feirste agus ball den ghrúpa KNEECAP agus go leor eile. 

Coinnigh súil ar an suíomh leis na físeáin eile a fheiceáil!