Foclóir Caintise le seoladh amárach

Athfhoilseofar foclóir Caintise (Seiltise/Gaimise) do pháistí amárach, leabhar nach raibh fáil air ar feadh beagnach 20 bliain. Beidh an Seanadóir Eileen Flynn, duine den Lucht Siúil í féin, agus ionadaithe eile ón bpobal páirteach i bplé painéil ar líne amárach le ‘Can’t Lose Cant’ a sheoladh. 

D’fhoilsigh Kids’ Own Publishing an leabhar den chéad uair in 2003 tar éis do pháistí den Lucht Siúil agus páistí ón bpobal socraithe páirt a ghlacadh i gceardlanna i gcontae Chill Dara an bhliain sin. Ba iad an t-ealaíontóir Orla Kenny, an oideachasóir Mary Branley, agus an teangeolaí Marion Brown, saineolaí Caintise, a reáchtáil na ceardlanna seo leis an teanga a mhúineadh do na páistí. 

Ghlac páistí ó scoil St Conleth’s agus Ballymany Primary School sa Droichead Nua i gCill Dara páirt sa togra 18 mbliana ó shin. 

Tugtar focail shimplí sa leabhar i gCaintis, i nGaeilge, agus i mBéarla agus tá siombailí foghraíochta ann a chabhraíonn le fuaimniú na bhfocal. Rinne Orla Kenny léaráidí ealaíonta, agus beidh siad sin le feiceáil sa leagan nua den leabhar. Deir Kid’s Own go bhfuil ‘uasdátú’ déanta acu ar an bhfoclóir don athfhoilsiú. 

Ní bhíonn figiúirí cruinne faoi líon na gcainteoirí Caintise ar fáil ach meastar go bhfuil tuairim is 5,000 – 6,000 duine in Éirinn a bhfuil cumas éigin sa teanga acu.

SCÉALTA EILE