Fíor-dhrochscéal a bhí i nDaonáireamh 2016 i bPoblacht na hÉireann ó thaobh na Gaeilge dúchasaí de.
Taobh istigh de thréimhse 5 bliana, thit líon na gcainteoirí laethúla i gceantair Ghaeltachta le 11%, ó 23,175 go dtí 20,586.
Tháinig laghdú ollmhór ar an mhéid Gaeilge a labhraítear i gceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo (23.6%), Chiarraí (18%) agus Dhún na nGall (15.8%).
Fiú taobh amuigh den Ghaeltacht thit líon na gcainteoirí laethúla le 4.4%.
Sin d’ainneoin na gníomhaíochta go léir, stádas na teanga agus thionchar na Gaelscolaíochta.
Ní féidir cuma dhearfach a chur ar na figiúirí sin, seachas a rá go mb’fhéidir go mbaineann an titim le glúin de chainteoirí dúchais i mionGhaeltachtaí, ‘Catagóir C’ mar a déarfá, ag fáil bháis.
Tá ceist na himirce san áireamh chomh maith.
Ach dealraíonn sé go bhfuil an Ghaeilge á tréigbheáil, in ainneoin an ghrá a deir daoine atá acu di.
Grá samhraidh atá againn di is léir, grá aon oíche, ní grá saoil.
Creideann an aicme léinn go bhfuil a rás rite mar theanga phobail, agus mar theanga dhúchais dá bharr.
Níl plean draíochta ar bith agamsa leis sin a réiteach, seachas a rá nach fiú a bheith diúltach agus go bhfuil go leor den Ghaeltacht fágtha ar fiú troid a dhéanamh ar a son.
Mhéadaigh an méid Gaeilge a labhraítear i nGaeltacht na Rinne, cuir i gcás, ceantar a sheas an fód le 100 bhliain – léiríonn muintir na nDéise gur féidir a dhéanamh.
Ach, más é an bás atá i ndán do bhunús na Gaeilge dúchasaí, an féidir linn rud ar bith a dhéanamh faoi?
Bhuel, is féidir, creidim, agus tá dream in Albain á dhéanamh.
Tá Dróitseach (focal a chiallaíonn ‘Líon Mór’) i mbun gníomh díreach dearfach chun an Ghaeilge a chaomhnú thall.
Go bunúsach, ceaptar ‘Ambasadóirí’ ar son canúintí ar leith.
Roghnaíonn duine ceantar, foghlaimíonn siad caint na dúiche sin go mion is go beacht agus déanann siad iarracht an t-eolas sin a scaipeadh.
Tá sé chomh simplí sin.
Staidéar atá i gceist ach ní ar son eolas a chur i leabhair – is staidéar gníomhach seachas acadúil é seo go príomha.
An dtiocfadh le Gaeil ná hÉireann an sampla seo a leanúint ó Ghaeil na hAlban?
Ara, ní hé, an dtiocfadh leatsa féin amhlaidh a dhéanamh, freagracht phearsanta a ghlacadh as cuid dár dteanga?
Cad is brí leis sin?
Í a fhoghlaim go cruinn sa chéad dul síos, cainteoirí dúchais na canúna a thaifeadadh, í a labhairt, nó níos fearr arís í a chanadh, agus a theagasc – gach bealach agus is féidir, ar líne, i gceardlanna, i gcló, i bpodchraoltaí, i do theach, le do chairde.
Dúil gan fháil?
Bhuel, cuirimis mar seo é – dá mbeadh 88 duine sásta a leithéid a dhéanamh, chlúdódh sé sin pointí an LASID (Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects) go léir.
12 eile nó mar sin agus b’fhéidir go leor leor d’oidhreacht na teanga a chaomhnú agus a thabhairt ar aghaidh, ar bhealach saorga gan amhras ach seans go gcuirfeadh glúin úr atá le teacht spéis inti mar Ghaeilge ar bhealach nach raibh an ceann seo ábalta a dhéanamh.
An bhfuil sé ionainn? An bhfuil sé ionat?
“Cad a rinne tú ar son na Gaeilge a mhamaí?”
“Bhuel, d’fhoghlaim mé Gaeilge Dheisceart Thiobraid Árann oiread is a b’fhéidir liom agus thug mé an saibhreas sin duitse é a stór.”
Cinnte, ní féidir le foghlaimeoir áit an chainteora dhúchais a ghlacadh ACH níl aon chúis ann nach féidir gurb ionann an t-ambasadóir canúna agus cainteoir dúchais – is iomaí cainteoir dúchais a dhéanann a leithéid cheana féin ar ndóigh.
Caithfidh muid a admháil fosta go bhfuil daoine ar leith ann, mionlach, a n-éiríonn leo canúintí agus teangacha a fhoghlaim go mion – is é sin le rá, go dtí an pointe go sílfeá gur cainteoirí ó dhúchas atá iontu.
Tuigim go bhfuil sé seo cosúil le hainmhí a chur sa zú – ach b’fhearr liom dódó a fheiceáil sa zú ná gan a bheith ábalta é a fheiceáil ar chor ar bith, agus déarfainn go mbeadh an dódó ar aon fhocal liom.
Cinnte, ní hionann an obair seo i ngach cas – mar shampla níl aon taifead againn d’Ghaeilge Inis Bó Finne amach ó chósta na Gaillimhe – ach tá go leor de Ghaeilge Inis Áirc in aice leis taifeadta.
Níl taifead ar bith ann d’Ghaeilge na Mí ach tá go leor eolais ann faoi.
Níl staidéar acadúil ar bith déanta ar Ghaeilge Inis Bigil mar sin ní fiú duit dul chuig an leabharlann ach tá cainteoirí dúchais fágtha ar an oileán – an rachfá chun labhairt leo agus chun iad a thaifeadadh?
Seans go bhfuil tú ag smaoineamh, sea, sin smaoineamh maith – ba cheart do dhaoine sin a dhéanamh.
Tá 50% den fhírinne agat. Baineann an 50% eile leatsa.
Tá a fhios agam go bhfuil tú gnóthach ach tá drochscéal agam duit a chara, níl éinne eile ag dul a dhéanamh.