Mar is dual do na Gaeil beidh an agóidíocht nasctha leis an spraoi Dé Sathairn seo i mBéal Feirste agus ‘G Spota Dearg’ anois fógartha mar chuid den Lá Dearg.
Táthar ag súil leis na mílte duine cois cuain an Satharn 20 Bealtaine chun páirt a ghlacadh i mórshiúl ar son Acht Gaeilge don tuaisceart, an chéad cheann sa chathair ó bhí 2014 ann agus an chéad léirsiú Gaeilge riamh le Halla na Cathrach mar cheann scríbe aige.
Baileofar an slua ag Cultúrlann McAdam Ó Fiach ag 12in sula siúlfaidh siad síos Bóthar na bhFál a fhad le Halla na Cathrach, áit a mbeidh óráidí faoin fheachtas agus ceol le Gráinne Holland, JJ Ó Dochartaigh agus ceoltóirí óga as Coláiste Feirste.
‘Cearta, Cothromas, Cóir’ is mana don léirsiú, atá á reáchtáil ag An Dream Dearg, agus faoi láthair tá busanna ag teacht chun tacú leis na héilimh sin ó Bhaile Átha Cliath, Gaillimh, Doire, Ard Mhacha, Tír Eoghain agus ceantair eile nach iad.
I ndiaidh an mhórshiúil féin beidh teacht le chéile i dTí Uí Mhadáin i lár na cathrach agus ansin ar 8in an oíche sin beidh G Spota speisialta dearg ar siúl in Áras Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste.
I measc na gceoltóirí a rachaidh chun ardáin, thar 3 urlár, ansin beidh Dysania, JJ, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Edel Ní Churraoin agus aíonna eile.
Ócáid ‘beir leat do dheoch féin’ atá ann agus rachaidh an t-airgead a bhaileofar ar an oíche i dtreo An Dream Dearg agus an fheachtais ar son Achta.
An mbeidh sibh ann? Beidh muidne ann!