Gaeil in áit taibhsí

Agus plé ann arís le déanaí faoi eastáit nua títhíochta a bhunú do chainteoirí Gaeilge, seo alt a foilsíodh san eagrán cló de NÓS i Meitheamh 2012 ina míníonn Eoin Mac Aodha Bhuí na buntáistí a bhainfeadh lena leithéid de chur chuige.


Tá corp an Tíogair Cheiltigh caite ar thaobh na sráide, tá taibhsí i réim sna heastáit tithíochta agus tá ciúnas tite ar Éirinn.

Líonaimis an ciúnas seo leis an nglór Gaelach, díbrímis na taibhsí agus cuirimis Gaeilgeoirí isteach ina n-áit.

Beathóimis an Féinics Gaelach le fuil an Tíogair Cheiltigh.

Tá Éire i bponc faoi láthair maidir le cúrsaí eacnamaíochta ach tugann staid éagobhsaí na tíre deis iontach do lucht na Gaeilge cur leis an athbheochan.

Bealach amháin chun sin a dhéanamh ná eastáit fholmha tithíochta a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge ionas gur féidir leo comhphobail nua Ghaeilge a bhunú ar fud na tíre.

Fógraítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go bhfuiltear ag súil le líon na nÉireannach a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú ó 80,000 go 250,000 i dtréimhse 20 bliain.

Dá mbainfí an sprioc seo amach, bheadh thart ar 5% – seachas 1.7% mar atá ann faoi láthair – d’Éireannaigh ina gcainteoirí Gaeilge roimh 2030 (má chreidimid meastachán an CIA i Méiriceá go bhfuil 4,670,976 duine in Éirinn anois agus má ghlacaimid leis nach dtiocfaidh athrú ró-mhór ar an uimhir sin idir 2010 agus 2030).

Ach conas is féidir méadú chomh mór sin ar phobal na Gaeilge a bhaint amach?

Is léir nach féidir leis na Gaeilgeoirí nua ar fad teacht ón nGaeltacht.

Ní féidir le comhphobail na nGaeltachtaí fás chomh tapa sin.

Beifear ag brath mar sin ar dhaoine ón nGalltacht chun an plean seo a chur i bhfeidhm.

Deirtear sa chuid den straitéis dar teideal Tionscnaimh agus Pleananna Teanga Áitiúla lasmuigh den Ghaeltacht gurb í an aidhm “a bheidh le plean gnímh áitiúil [ná] muintir na háite agus grúpaí pobail/deonacha a thabhairt le chéile le húsáid na Gaeilge a éascú sa cheantar”.

Ní féidir le duine an Ghaeilge a labhairt mura mbíonn Gaeilgeoirí eile ina t(h)impeall agus i dtimpeallacht ina bhfuil an Béarla uileláithreach ní bhíonn ach na daoine is láidre in ann cloí leis an nGaeilge.

Sin é an fáth gur cóir timpeallachtaí lán-Ghaeilge a chruthú agus Gaeilgeoirí amháin a chur iontu.

gael-teach

Is é an moladh atá agam ná triail a bhaint as eastát folamh tithíochta amháin a líonadh le Gaeil líofa.

Má éiríonn leo comhphobal Gaeilge ceart a bhunú san eastát taobh istigh de dhá bhliain, d’fhéadfaí an scéim a leathnú amach.

Ba chóir a chur i gcuimhne nach smaoineamh réabhlóideach é seo ach oiread: tá taithí againn ar a leithéid cheana féin.

Cuireadh Gaeltacht nua ar bun sa bhliain 1969 i mBéal Feirste nuair a tháinig cúig theaghlach le chéile chun cónaithe ar Bhóthar Seoighe.

Tá an comhphobal Gaeilge sin faoi bhláth anois.

Eiseamláir eile is ea na scéimeanna cónaithe Gaeilge atá i bhfeidhm i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; Coláiste na hOllscoile Corcaigh; Coláiste na Tríonóide; Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath, Maigh Nuad agus Ollscoil Luimnigh.

D’éirigh leis na scéimeanna seo comhphobail bheaga a chruthú taobh istigh de na hollscoileanna agus cuireann mic léinn na scéimeanna sin le húsáid na Gaeilge san ollscoil gach lá.

Tharlódh an rud céanna sna bailte ina mbeadh na heastáit tithíochta Ghaeilge: chuirfeadh na Nua-Ghaeilgeoirí leis an nGaeilge iontu sin chomh maith.

Mar aon leis seo, is dócha go mbeadh páistí ag cuid acu agus bheidís seo ag foghlaim na Gaeilge mar a gcéad teanga i nGaeltacht bheag taobh istigh den Ghalltacht.

Labhraímis anois faoin suíomh.

Is é an fáth a molaim eastáit tithíochta san iar-Ghaeltacht mar láthair na lonnaíochtaí seo – seachas an Ghaeltacht atá ann cheana féin – ná chun úsáid na teanga a chothú ar fud na tíre agus chun aon aighneas idir muintir na Gaeltachta agus cónaitheoirí nua a sheachaint.

Is minic a mhúsclaítear teannas nuair a lonnaíonn dream úr i measc sheanbhunadh na háite agus níl scoilt den chineál seo ag teastáil i saol na Gaeilge.

Is pobal mór amháin muid agus ní mór na ceangail eadarainn a neartú go mór agus ar bhealach tuisceanach.

Dá lonnódh cainteoirí Gaeilge in eastáit titíochta in áiteanna éagsúla in Éirinn bheadh seans acu pobal nua Gaeilge a chruthú dóibh féin agus sa chaoi seo thabharfaí spreagadh do mhuintir na Gaeltachta seachas iad a bhagairt.

Ní mór dúinn leas a bhaint as cuid de na 33,000 tithe nua a tógadh i rith shaol an Tíogair Cheiltigh agus atá fós folamh de réir an tSuirbhé Náisiúnta um Fhorbairt Tithíochta mar shuíomh na scéime.

D’fhéadfadh an Rialtas eastát faoi leith a chur ar leataobh agus d’fhógrófaí gurbh é sin an t-eastát Gaelach.

Bheadh deis ag Gaeilgeoirí ansin iarratas a chur isteach ar theach agus dá n-éireodh leo in agallamh agus i scrúdú scríofa gheobhaidís teach ar phraghas íslithe.

D’íocfadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó eagras áirithe Gaeilge, as cuid den phraghas.

Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl anois le fada an lá agus tá neart oibre déanta ar a son.

Má tá an Féinics Gaelach chun aiséirí áfach, caithfear spriocanna nua agus smaointí radacacha a bheith againn agus caithfear triail a bhaint as na smaointí sin a chur i bhfeidhm.

Cuirimid ár dteanga chun cinn nuair a dhiúltaímid an Béarla a labhairt le Gaeil eile agus is í ár náire í mura mbímid ag labhairt ár dteanga féin eadrainn féin.

Is fúinn féin atá athbheochan na teanga agus is mar seo a d’fhéadfaimis, mar Ghaeilgeoirí, bás an Tíogair Cheiltigh a athrú ina bhuntáiste don athbheochan sin.


Foilsíodh an t-alt seo ar dtús in Eagrán 27 de NÓS, Meitheamh 2o12.

Suim agat san ábhar seo? Léigh an t-alt tuairimíochta ‘Lonnaíochta Úra Gaeilge – Slánú na Teanga?’

SCÉALTA EILE