Gaeil na hAlban imeallaithe arís

Cuirfear tús amárach le taispeántas ar an bPrionsa Séarlas Stiúbhart agus na Seacaibítigh i Músaem Náisiúnta na hAlban, Dún Éideann.

Leanfaidh ‘Bonnie Prince Charlie and the Jacobites’ ar aghaidh go mí na Samhna agus is dea-scéal é do Ghaeil na cruinne go mbeidh deis acu tuiscint níos fearr a fháil ar a stair.

Sin a shílfeá ach ar an drochuair beidh cuid lárnach den stair sin ar iarraidh ón taispeántas seo: an Ghaeilge.

Tá díomá agus déistin léirithe ag an ngrúpa Misneachd na hAlban ó chuir an Músaem Náisiúnta in iúl dóibh nach mbeadh ach fíor-bheagán den teanga le feiceáil ann.

Ní hé seo an chéad turas ag an Músaem Náisiúnta iarracht a dhéanamh Gaeilge na hAlban a fhágáil ar lár.

Ba í an easpa Ghaeilge an príomh-ghearán a bhí ann faoin taispeántas ar na Ceiltigh in 2016.

Mar a dúirt Duncan Sneddon ina léirmheas don suíomh Bella Caledonia:

“Fiú i nDún Éideann, caithfidh an cuairteoir siúl leath bealaigh tríd an taispeánatas go dtí go dtagann siad ar aon rian de na teangacha Ceilteacha.”

Bliain níos deireanaí agus an Músaem ag ullmhú plean nua teanga, níl faic athraithe.

Agus dhá mhasla i ndiaidh a chéile anois tugtha don Ghàidhlig ag institiúid náisiúnta, tá Gaeil na hAlban ag ceistiú an d’aon turas a fágadh an teanga ar lár sna taispeántais seo.

Ní hé Misneachd amháin atá míshásta faoin gcinneadh seo.

litir ghearáin seolta ag Comhairle na Gàidhlig in Albain Nua Cheanda chuig an Músaem agus dar leis an Ollamh Wilson McLeod ó Ollscoil Dhún Éideann gur ábhar náire é dóibh.

“Tha an taisbeanadh seo fiù ‘s nas fhaisge air cridhe cultar na Gàidhlig,” ar seisean le Nuacht an BBC.

“Bhon litir a fhuair mi bho cheannard an taigh-tasgaidh, chanainn gu bheil iad a’ dèanamh fiù ‘s nas lugha an triop seo taobh na Gàidhlig agus tha sin tàmailteach”.

Dúirt ionadaí ó Mhúsaem Náisiúnta na hAlban go bhfuil Gàidhlig le feiceáil i gcuid den taispeántas a phléann le harm na Seacaibíteach ach seachas sin níl ach téacs an taispeántais le fáil i nGaeilge na hAlban mar íoslódáil óna suíomh idirlín (agus é an-deacair teacht air).

Tá léirsiú á eagrú ag Misneachd Dé Sathairn 24 Meitheamh chun cur i gcoinne na faillí seo agus chun a chur in iúl don Mhúsaem nach féidir cultúr agus teanga na nGael a imeallú ón stair sa tslí seo.

Beidh an agóid ar siúl ag 1in taobh amuigh den Mhúsaem Náisiúnta ar Sráid Chambers sa chathair.

SCÉALTA EILE