Is í an Ghaeilge an 72ú teanga is aistí ar chlár na cruinne, dar le taighde atá déanta ar an World Atlas of Language Structures.
Déanann an tAtlas mionscrúdú ar 2,676 teanga de réir gnéithe éagsúla teangeolaíocha ar nós ord na bhfocal, fuaimeanna, bealaí chun an fhoirm dhiúltach a rá agus go leor eile.
Leagtar na teangacha i liosta ó thaobh mhinicíocht na ngnéithe seo ar bhonn domhanda agus táthar in ann a rá cé chomh ‘aisteach’ is atá gach teanga dá bharr.
San iomlán déantar scagadh ar 192 gné ach faoi láthair níl ach 239 teanga ar domhan a bhfuil anailís déanta ar níos mó ná dhá thrian dá ngnéithe teangeolaíocha.
Dar leis an eagras anailísíochta idibon.com gurb ionann sin is a rá nach bhfuil ach 239 teanga ar domhan gur féidir linn iontaoibh iomlán bheith againn as a n-éagoitiantacht.
Agus, as an líon sin, tá an Ghaeilge ag uimhir 72.
Na teangacha is aistí
Ag uimhir a haon ar an liosta tá Chalcatongo Mixtec, teanga bhundúchasach Mheiriceánach nach labhraíonn ach 6,000 duine in Oaxaca, Meicsiceo.
Is í Nenets, teanga Úralach a labhraítear sa tSibéir, atá ag uimhir a dó agus is í Choctaw, ag a bhfuil pobal labhartha de 10,000 duine in Oklahoma SAM, an tríú teanga is aistí ar domhan.
Rud amháin a sheasann amach ón anailís seo ná go bhfuil cuid de na teangacha is mó agus is coitianta ar domhan inniu ar na teangacha is neamhghnáiche ó thaobh na teangeolaíochta de.
Ina measc sin tá an Ghearmáinis (10), an Spáinnis (23), Mandairínis (25) agus fiú an Béarla (33).
Na teangacha is neamhaistí
Ag an taobh eile den speictream, is í Hiondúis – teanga oifigiúil de chuid na hIndia a labhraíonn thart ar 200,000 milliún duine – an teanga is normálta den 239 teanga a ndearnadh staidéar ceart orthu go dtí seo.
Mionteanga eile Mheicsiceach, Purépecha, atá ar an dara teanga is neamhaistí agus teanga atá ar leaba an bháis, Ainu, a labhraítear i dtuaisceart na Seapáine, atá ag uimhir a trí.
Tá roinnt teangacha aitheanta i measc na dteangacha is ionadaíche, is iad sin an Ungáiris (235), Cantainis (234) agus Ceatsuais (232).
Luaitear fuaimeanna coitianta na Cantainise mar an fáth a bhfuil an teanga i bhfad níos neamhaistí ná Mandairínis.
Suimiúil go leor, tá an Bhascais – teanga aonraíoch nach bhfuil gaolta le haon teanga eile san Eoraip ná taobh amuigh de – ar an 10ú teanga is normálta ar an liosta agus í ag uimhir 230.
Na teangacha Ceilteacha
Dealraíonn sé ón Atlas go bhfuil na teangacha Gaelacha níos aistí ó thaobh na teangeolaíochta de ná a gcol ceathracha Briotanacha.
Cé nach bhfuil anailís déanta ach ar 11 gné de chuid na Gàidhlig, tá an teanga gar go leor do leibhéal ‘aisteachta’ na Gaeilge, de réir na ngnéithe sin.
Níl an Bhriotáinis áfach ach ag uimhir 215 ar an liosta agus, in ainneoin nach bhfuil an staidéar ar an Bhreatnais ná ar an Choirnis iomlán críochnúil go fóill, tá gach cuma ar an scéal go mbeadh an dá theanga sin lonnaithe i dtreo bhun an liosta chomh maith.
Tá liosta iomlán na dteangacha (le dath glas ar na 239 i gcolún D) le fáil anseo.