Is é an Gael aitheanta Calum Maclean a ainmníodh ina ‘TikTokaí is mó tionchar in Albain’ le deireanas agus é chun cinn ar leithéidí Paige Turley ó Love Island, an fuirseoir Lewis Buchan, agus an t-amhránaí mórchlúiteach Lewis Capaldi.
If you ever fancy an ice swim or Gaelic lesson @LewisCapaldi ❄️ https://t.co/2HaeOpKsWG
— Calum Maclean (@caldamac) December 28, 2022
Ba é an comhlacht cumarsáide Spey, atá lonnaithe in Albain, a chuir an liosta deich dtionchairí le chéile agus an cainteoir bródúil Gàidhlig Calum Maclean ar bharr an liosta.
Agus an liosta á chur le chéile, bhreathnaigh lucht Spey ar dhaoine a raibh níos mó ná 25,000 leantóir acu ar TikTok agus rinneadh rangú orthu de réir a mhinice is a chuaigh a gcuid leantóirí i ngleic leis an ábhar a chuir siad ar líne i gcaitheamh na bliana. Mar sin bhí an ghníomhaíocht agus an idirghníomhaíocht ar na cuntais TikTok níos tábhachtaí ná líon lom na leantóirí.
Tá an-cháil ar Calum Maclean mar gheall ar an ngrá atá aige don Ghàidhlig agus an paisean atá aige don snámh fuar. Tá 257,500 leantóir aige ar TikTok ach níos tábhachtaí ná sin don liosta seo bíonn 56% (144,200) de na leantóirí sin i dteagmháil leis bealach amháin nó bealach eile ar an ardán.
@caldamac Snàmh #fypscotland #scottishtiktok #gàidhlig #scottishgaelic #openwaterswimming #vitaminsea #applecross ♬ ふたりの気持ち – wadakaoru
Tá Calum i bhfad chun cinn ar na daoine eile ar an liosta, cé go bhfuil i bhfad níos mó leantóirí ag cuid acu. Sa dara háit bhí Paige Turley a bhuaigh an clár teilifíse Love Island in 2020 agus a bhfuil 420,000 leantóir ar TikTok aici – ní théann ach 29% acu sin i ngleic lena cuid postálacha, áfach. Sa séú háit bhí an t-amhránaí Lewis Capaldi a bhfuil os cionn 4,700,000 leantóir aige ach nach mbíonn ach 7% acu ag plé leis ar an ardán.
“Tá daoine ó chúlraí éagsúla ar an liosta seo de na hAlbanaigh is mó tionchar ar TikTok. An rud is spéisiúil faoi ná go léiríonn na torthaí seo an tionchar a bhíonn ag postálacha atá tábhachtach don phostálaí féin. Tá spéis athmhúscailte i measc Albanaigh óga go háirithe ag ár dtionchaire is mó, Calum Maclean, sa Ghàidhlig. Léiríonn sé sin an paisean atá againn dár n-oidhreacht Ghaelach.
“D’éirigh go han-mhaith freisin lena phostálacha faoinár dtírdhreach agus uiscí áille – go háirithe an físeán a rinne sé i nduibheagán Loch Nis a scaipeadh is loscadh sléibhe ar na meáin shóisialta agus a mheall ceithre mhilliún duine. Ar deireadh ar fad, léiríonn na torthaí an chumhacht atá ag ábhar nuálach agus gur fearr cáilíocht ná cáil,” a dúirt Jennifer Roberston, bunaitheoir Spey.