‘Gaeltacht Uirbeach’ á beartú do chathair na Gaillimhe

Tá a dtacaíocht tugtha ag comhairleoirí nuathofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe don phlean ‘Gaeltacht Uirbeach’ a bhunú in Oileán Ealtanach i lár na cathrach. Léirigh comhairleoirí cathrach ó gach páirtí ar an gcomhairle tacaíocht don togra agus maíonn Brendan Keane, atá ar dhuine de bhunaitheoirí na Gaeltachta Uirbí gur “tús maith” a bhí sa gcruinniú a reáchtáladh ag tús na seachtaine. 

Tá sé i gceist ag na bunaitheoirí go mbeadh “pobal óg gairmiúil Gaeilge d’iarchéimithe” ina gcónaí agus ag obair in Oileán Ealtranach in “árasáin teaghlaigh” taobh le “Spásanna Teice” ina mbeadh gnólachtaí lonnaithe. 

Luaitear freisin sa bplean go mbeadh Leabharlann Náisiúnta Ghaeilge sa nGaeltacht nua Uirbeach chomh maith le ‘Músaem Scríbhneoirí na Gaillimhe’. 

Sa gcáipéis atá curtha le chéile ag bunaitheoirí na Gaeltachta Uirbí, maítear gur moladh ó “chuibhreannas saoránach a mbaineann sé leo” go gcuirfidh Plean Teanga na Gaillimhe i bhfeidhm i gceart agus go gcomhlíonfaidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a misean “an dátheangachas a éascú”. Maítear freisin go gcabhródh an togra leis an ngéarchéim tithíochta.  

Beidh ceann de na meánscoileanna is mó i gcontae na Gaillimhe, ‘The Bish’, ag aistriú go láthair nua ar an taobh ó thuaidh den chathair go luath, agus fágfar an ceantar timpeall Oileán Ealtanach gan mheánscoil mhór. Moltar i bplean na Gaeltachta Uirbí scoileanna lánGhaeilge a bhunú ina háit, a fhreastalóidh ar dhaltaí ó bhunscoileanna lánGhaeilge sa gcathair. 

Déantar moladh freisin ann tearmann éanlaithe a bhunú sa gceantar, agus tagairt déanta sa bplean do bhrí an logainm ‘Oileán Ealtranach’ — oileán lán éan. Tá tearmainn éanlaitheann cheana féin timpeall Loch Coiribe, agus moltar sa gcáipéis an tearmann atá i Mionlach, ceantar lag Gaeltachta ar bhruach na cathrach, a shíneadh chomh fada le hOileán Ealtranach.  

Tá sé mar “sprioc fhadtéarmach” ag an nGaeltacht Uirbeach go mbeadh “pobal gairmiúil, atá ag saothrú tuarastal ard” ag croí chathair na Gaillimhe. Moltar go dtabharfar cúnamh airgid agus léasanna gearrthéarmacha do chéimithe nua lena mealladh chun na Gaeltachta nua. 

“Féadfaidh cainteoirí Gaeilge pobal Gaeilge a chruthú má chuirtear in aon áit amháin iad mar chuid den phleanáil chathrach,” a mhaítear sa gcáipéis. 

Dúirt Brendan Keane le NÓS  gur “tús maith” a bhí sa gcruinniú le comhairleoirí cathrach na Gaillimhe, go bhfuil tacaíocht Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faighte ag an togra, ach go bhfuil “go leor oibre” fós le déanamh sula bhfíorófaí an plean.

 

SCÉALTA EILE