Tá leagan den alt seo le fáil i nGaeilge na hÉireann thíos.
GD: Ann an cùirt-ceartais Dhùn Èideann thèid fianais a thoirt seachad sa Ghàidhlig le Marcas Mac an Tuairneir ann an aithghearrachd.
Chan eil a’ Ghàidhlig na chànan oifigeil ann an Alba agus mar sin chan eil cead a cleachdadh sna cùirtean.
Tha seann lagh ann bho 1841 gu b’urrainn Gàidhlig a chleachdadh sna cùirtean mura h-eil Beurla aig an neach-labhairt.
Sna h-80dan ann am Port Rìgh chaidh an lagh seo a chleachdadh airson bacadh a chuir air Iain Mac an Tàilleir Gàidhlig a chleachdadh sna cùirtean. A chionn ’s gun robh Beurla aig Mac an Tàilleir, rinn a’ chùirt co-dhùnadh nach robh cùis aige Gàidhlig a bhruidhinn.
Ach, a-rèir Marcas Mac an Tuairneir, bàrd Gàidhealach, ’s i a’ Ghàidhlig a phrìomh chànan aige na bheatha obrach ’s sòisealta. Mar sin, tha Mac an Tuairneir a’ creidsinn nach eil Beurla na chanan freagarrach dha sna cùirtean.
Bidh Mac an Tuairneir na neach-fianais air chùis eucoir gràin, a thachair dha air sràidean Dhùn Èideann.
Tha tuiteamasan eucoir-gràin air nochdadh sna meadhanan ri beagan mìosan le dithis Fhrangach agus an ainneart a chaidh a dhèanamh orra air bus Lunnainn. Chaidh innse dha Mac an Tuairneir gum bi cead aige Gàidhlig a chleachdadh sna cùirtean, rud nach deach a dhèanamh bhon 20mh linn.
Chuir Marcas Mac an Tuairneir gairm a-mach air na meadhanan sòisealta airson taic a chruinneachadh airson còraichean cànain agus an aghaidh eucoir ghràin. Tha e an dùil gum bi daoine a’ nochdadh sa chùirt airson taic a chumail ris a’ ghnìomh.
Bhathar an dùil gun tèid a’ chùis-chùirte seo a chumail ann an Cùirt-cheartais Dhùn Èideann air 24 Sràid Chambers, Diardaoin an 8mh den Lùnastal ach gu mì-fhortanach cha deach eadar-theangadair a lorg. Tha Marcas Mac an Tuairneir a’ feitheamh air fhiosrachadh bhon chùirt.
GA: Tabharfar fianaise i nGaeilge na hAlban i gCúirt Bhreithiúnais Dhún Éideann go luath, rud nár tharla sa tír ó bhí an céad seo caite ann.
Is é an file Marcas Mac an Tuarneir a labhróidh sa teanga.
Faoi láthair níl Gaeilge na hAlban ina teanga oifigiúil in Albain agus mar sin ní féidir í a úsáid sna cúirteanna.
Tá dlí ann ón bhliain 1841 a cheadaíonn úsáid na Gàidhlig ach amháin sa chás nach bhfuil Béarla ag an fhinné.
Baineadh úsáid as an dlí seo siar ag tús na 1980í le cosc a chur ar Iain Mac an Táilleir – a bhí ina stiúrthóir ar Shabhal Mòr Ostaig ag an am – a chuid fianaise a thabhairt i nGàidhlig i gcúirt ar an Oileán Sgitheanach: dúradh nach raibh sé de cheart aige Gaeilge na hAlban a úsáid ar an ábhar go raibh sé líofa sa Bhéarla.
Is é an argóint atá ag Marcas Mac an Tuairneir, áfach, gurb í an Ghàidhlig an phríomhtheanga chumarsáide, oibre agus shóisialta atá aige agus, dá bharr sin, ní bheadh an Béarla oiriúnach dó lena úsáid sa chúirt.
Agus ní hionann agus cás Mhic an Táilleir sa chéad seo caite, tá sé ráite ag na húdaráis le Mac an Tuairneir go mbeadh lánchead aige Gàidhlig a úsáid sa chúirt.
Is i gcás cúirte a bhaineann le coir fuatha atá Mac an Tuairneir le fianaise a thabhairt, eachtra a tharla dó féin ar shráideanna Dhún Éideann.
Tá eachtraí mar seo i mbéal an phobail faoi láthair, go háirithe de bharr an scéil a tháinig chun cinn faoin fhoréigean a rinneadh ar bheirt bhan as an Fhrainc ar bhus i Londain le déanaí.
Chuir Mac an Tuairneir glao amach sna meáin shóisialta le tacaíocht a fháil dá chás ar bhonn cearta teanga agus in éadan coireanna fuatha.
Tá an file ag súil leis go mbeidh slua i láthair le tacaíocht a thabhairt don ghníomh.
Bhíothas ag súil go dtarlódh an cás cúirte an 8 Lúnasa i gCúirt Bhreithiúnais Dhún Éideann ach níor thángthas ar ateangaire in am. Tá Marcas Mac an Tuairneir ag fanacht ar a thuilleadh eolais ón chúirt.