• Cultúr
  • Teic
  • Saol
  • Meáin
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
  • Gradaim NÓS 2021
  • Físeáin NÓS
  • Faoi NÓS
  • Teagmháil
  • Cultúr
    • Ceol
    • Scannáin
    • Leabhair
    • Ardán
    • Dearadh
  • Teic
  • Saol
    • Bia
    • Sláinte
    • Stíl
    • Collaíocht
    • Spórt
  • Meáin
    • Raidió
    • Sóisialta
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
    • Teanga
    • Polaitíocht
    • Comhshaol
  • Físeáin NÓS
  • Fúinn

Share this...
Share on Facebook
Facebook
Pin on Pinterest
Pinterest
Tweet about this on Twitter
Twitter
Share on LinkedIn
Linkedin

NÓS

14ú Eanáir 2019

Teanga

    Our Sponsors
      Our Sponsors

      GAILEARAÍ: Halla na Cathrach Dearg le Fearg i mBéal Feirste

      Chruinnigh cainteoirí Gaeilge agus a lucht tacaíochta ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste Dé Sathairn le comóradh a dhéanamh ar an gcéad mhórléirsiú a rinne an grúpa feachtais ‘An Dream Dearg’ cothrom an lae sin dhá bhliain ó shin. Bhí suas agus anuas le 200 duine i láthair ag ócáid an tSathairn nuair a lasadh soilse dearga ar fud an halla mar chomhartha tacaíochta don éileamh ar Acht Gaeilge do na Sé Chontae. Eagraíodh an chéad léirsiú sin i mBéal Feirste mar gheall ar an gcinneadh a rinne Aire Oideachais na linne Paul Givan, ón DUP, an liúntas £50,000 a bhaint den scéim Líofa.

      Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, ón Dream Dearg, gur “cuireadh tús le ré úr” an lá sin agus go bhfuil súil aige gur chuir comóradh an tSathairn “splanc breise” leis an bhfeachtas ar son Acht Gaeilge.

      “Tá muid ag súil le bliain mhór dhearg eile  chun dúshlán a thabhairt don stát agus dóibh siúd a dhiúltaíonn meas agus aitheantas dár bpobal. Ba léiriú físiúil a bhí anseo ar an tacaíocht leathan atá don Acht Gaeilge; ritheadh agus glacadh le rún i gComhairle Bhéal Feirste anuraidh chun tacú leis, mar a thacaíonn Rialtas na hÉireann, Comhairle na hEorpa, na Náisiúin Aontaithe agus tromlach na bpolaiteoirí tofa ó thuaidh,” a dúirt sé.

      Scéalta Eile

      Pleanáil tithíochta agus teanga sa Ghaeltacht le plé i gCorca Dhuibhne amárach

      Toscaireacht ó Choiste Gaeilge Thithe an Oireachtais ar cuairt ar Charn Tóchair inniu

      ‘An Dream Dearg fós i mbun gnímh’ agus bille Gaeilge á thabhairt isteach in Westminster

      GAILEARAÍ: An Lá Dearg – an raibh tú ann?

      ‘Tá bua ar an bhealach agus is libhse an bhua stairiúil sin!’



      Nós

      Is iris chultúir í NÓS a thugann léargas beoga Gaelach ar an saol thart orainn. Tá muid anseo chun spraoi, machnamh agus gníomh a spreagadh.

      Déan. Bris. Léigh.
      • Faoi NÓS
      • Físeáin NÓS
      • Gradaim NÓS 2021
      • Fógraíocht
      • Teagmháil
      • About NÓS
      Teagmháil

      Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
      216 Bóthar na bhFál
      Béal Feirste
      BT12 6AH
      eolas@nos.ie


      cc.white  2021 Rua Media