Táthar ag súil go mbeidh an ‘Pop Up Gaeltacht is mó ar domhan riamh’ ar siúl an tseachtain seo chugainn agus imeachtaí móra beartaithe do bhailte ar fud an domhain, Baile Átha Cliath agus New York ina measc.
Beidh Pop Up na míosa ar siúl i mBaile Átha Cliath sa Dice Bar Déardaoin an 29 Lúnasa a fhad is a bheidh imeacht mhór dá gcuid féin ar siúl ag cainteoirí Gaeilge New York. Beidh Gaeil na cathrach sin ag teacht le chéile in St Pat’s Bar and Grill ar West 46th Street.
Tá iarrtha ag an iris IrishCentral, atá i mbun na hócáide i New York, ar a gcuid léitheoirí Pop Up Gaeltacht dá gcuid féin a eagrú ar fud na Stát Aontaithe le go mbeidh an Pop Up Gaeltacht ‘is mó riamh ar domhan’ ar siúl.
Tá an ócáid á heagrú mar chuid de ‘Mhí na Gaeilge’ ar IrishCentral, atá ar bun an mhí seo.
“Bhí sraith alt againn ó fhoghlaimeoirí teanga, agus beidh Instagram Takeover ó láthair Ghaeltachta Electric Picnic, ach bhíomar ag iarraidh go mbeadh imeacht éigin ann chomh maith a mbeadh deis ag ár léitheoirí sna Stáit Aontaithe freastal uirthi.
“Tá cáil ar an Pop Up Gaeltacht cheana féin in Éirinn ach tá go leor daoine sna Stáit Aontaithe nár chuala trácht air go fóill. Mheas mé gur deis iontach a bheadh ann an obair a dhéanaim le Gaeil Nua-Eabhrach, ag eagrú Pop Upann sa chathair, a cheangal le mo ról in IrishCentral agus scéal na Pop Uipe a scaipeadh,” a dúirt eagrathóir IrishCentral, Frances Mulraney.
Bíonn trí mhilliún léitheoir in aghaidh na míosa ag IrishCentral agus a bhformhór acu sin lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Tá Frances ag tapú na deise an scéal a chur chucu faoi imeachtaí Gaeilge in New York agus a rá leo gur “féidir leo a gceann féin a eagrú chomh maith”.
Ba in New York a bhí an chéad Pop Up Gaeltacht taobh amuigh d’Éirinn ar siúl, in Murphy’s Pub ar 2nd Avenue.
“Roghnaigh mé an dáta céanna le ceann Bhaile Átha Cliath, agus tá grúpa eile in California a bheidh ag eagrú Pop Up ansin, ach ba bhreá liom dá mbeimis in ann i bhfad níos mó a chur ar siúl. Tá daoine le Gaeilge fud fad na Stát Aontaithe agus fud fad an domhain agus nach mbeadh sé iontach dá mbeadh siad ar fad in ann freastal ar Pop Up Gaeltacht ar an oíche chéanna,” a dúirt sí.
Má tá sé i gceist agat Pop Up Gaeltacht a eagrú i Meiriceá nó áit éigin eile thar lear, bí i dteagmháil le IrishCentral ar na meáin shóisialta agus glac páirt sa Pop Up Gaeltacht is mó riamh.