Seolfar leathanach tiomsaithe airgid ar líne le caoi a chur ar Chlub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath ag deireadh na seachtaine seo. Beidh an Club, atá lonnaithe in íoslach Cheannáras an Chonartha, 52 bliain ar an bhfód an mhí seo agus seolfar an leathanach GoFundMe ag “cóisir bhreithlae” an Chlub Dé hAoine.
Dúirt rúnaí Choiste Chlub Chonradh na Gaeilge, Deirdre Ní Chearra, go bhfuil “an Club i ndroch-chaoi na laethanta seo” agus go bhfuil airgead ag teastáil leis an áit “a dheisiú”.
Tá an Coiste agus foireann an Chlub Gaeilge ag obair le “plean deisiúcháin” a chur i dtoll a chéile i láthair na huaire ach deir siad go bhfuil cúnamh ag teastáil ó phobal na Gaeilge an plean a chur i gcrích. Beidh na pleananna á dtaispeáint go poiblí ag an gcóisir sa gClub oíche Dé hAoine agus beidh ticéad crannchuir á ndíol ar an oíche freisin le tús a chur leis an tiomsú airgid.
“Táimid ag iarraidh ar gach grúpa a bhain leas as an gClub sna blianta a d’imigh tharainn teacht ar ais agus a bheith le chéile d’aon oíche amháin. Táimid ag súil le scéalta a chloisteáil ó iarchustaiméirí, ó ghrúpaí a bhíonn á úsáid i láthair na huaire, agus ó an-chuid eile,” a dúirt Deirdre.
Beifear in ann airgead a thabhairt don fheachtas ar an leathanach GoFundMe ón Aoine ar aghaidh. Tuigtear do NÓS gur thart ar €10,000 atá ag teastáil le pleananna an Choiste a chur i bhfeidhm. Cuirfear tús leis an imeacht ag 20.00 ar an 15 Feabhra.
Tá fadhbanna go leor ag Club Chonradh na Gaeilge le tamall de bhlianta anuas. Tháinig ‘Meitheal Athchóirithe Chlub Chonradh na Gaeilge’ le chéile i mí na Nollag 2016 le hobair athchóirithe a dhéanamh ar an gClub, ach níos lú ná mí ina dhiaidh sin dúnadh an áit ar feadh tréimhse de barr damáiste a rinne lucht ragairne dó.
Fógraíodh ag deireadh na bliana seo caite go raibh an Club “i mbaol a dhúnta” mura dtiocfaidh daoine nua isteach chun cabhair a thabhairt leis an áit a reáchtáil. Thángthas ar na daoine nua sin ag cruinniú cinn bliana an Chlub i mí na Nollag.
Tuairiscíodh ar an suíomh Tuairisc.ie gurb é “athchóiriú an Chlub” an “sprioc is tábhachtaí” atá ag an gCoiste nua.