€4,000 bailithe cheana féin do Chlub an Chonartha

Tá €4,000 bailithe cheana féin ar an leathanach tiomsaithe airgid d’athchóiriú Chlub Chonradh na Gaeilge a seoladh ag “cóisir lae breithe” an chlub Ghaelaigh Dé hAoine seo caite. 

Tháinig pobal Gaeilge na hardchathrach le chéile ag an deireadh seachtaine le ceiliúradh a dhéanamh ar an 50 bliain ó bunaíodh an Club. Tá na mílte cainteoir Gaeilge tar éis oícheanta a chaitheamh sa bpub Gaeilge ar Shráid Fhearchair ó osclaíodh an doras den chéad uair in 1969. 

Ar an drochuair,  tá an Club “i ndroch-chaoi na laethanta seo”, dar le rúnaí Choiste Chlub Chonradh na Gaeilge, Deirdre Ní Chearra, agus tá thart ar €10,000 ag teastáil leis an áit a dheisiú. 

Bailíodh os cionn €2,000 oíche Dé hAoine agus tá beagnach €2,000 bailithe cheana féin ar an leathanach GoFundMe le dhá lá anuas. Caithfear an t-airgead a bhailítear le linn an fheachtais ar rudaí ar nós urlár nua, síleáil nua agus ar an athchóiriú atá le déanamh ar an ‘gclós gréine’ ar chúl an tí. 

“Tá Club Chonradh na Gaeilge ann mar spás sóisialta na nGael i mBaile Átha Cliath ó 1969 i leith. Is ionad cultúir é a bhfuil oidhreacht agus stair faoi leith aige. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh sé ar mar “bhaile” do na Gaeil ar feadh na mblianta fada romhainn,” a deirtear ar an leathanach GoFundMe. 

Nochtadh na pleananna deisiúcháin atá curtha le chéile ag Coiste Chlub Chonradh na Gaeilge don phobal oíche Dé hAoine, ach ní chuirfear na pleananna sin i gcrích mura mbaintear an sprioc airgeadais amach. 

“Táimid ag iarraidh ar gach grúpa a bhain leas as an gClub sna blianta a d’imigh tharainn teacht ar ais agus a bheith le chéile d’aon oíche amháin. Táimid  ag súil le scéalta a chloisteáil ó iarchustaiméirí, ó ghrúpaí a bhíonn á úsáid i láthair na huaire,  agus ó an-chuid eile,” a dúirt Deirdre Ní Chearra.

Fógraíodh ag deireadh na bliana seo caite go raibh an Club “i mbaol a dhúnta” mura dtiocfaidh daoine nua isteach chun cabhair a thabhairt leis an áit a reáchtáil. Thángthas ar na daoine nua sin  ag cruinniú cinn bliana an Chlub i mí na Nollag. 

Tuairiscíodh ar an suíomh Tuairisc.ie gurb é  “athchóiriú an Chlub” an “sprioc is tábhachtaí” atá ag an gCoiste nua.

SCÉALTA EILE