Graifítí cáiliúil Breatnaise á phéinteáil ar fud na Breataine Bige

Tá na focail Cofiwch Dryweryn á bpéinteáil ar bhallaí ar fud na Breataine Bige le tamall anuas i ndiaidh do leac cáiliúil cuimhneacháin sa tír sin a bheith scriosta ag loitiméirí frithBhreatnaise. 

Is mana cáiliúil é ‘Cofiwch Dryweryn’ (Cuimhnígí ar Tryweryn) sa mBreatain Bheag, mana a thugann chun cuimhne an baile Capel Celyn a bádh sa bhliain 1965. Cruthaíodh taiscumar chun uisce a sholáthar do Liverpool agus cuireadh an baile, a raibh an Bhreatnais go láidir ann, faoin uisce. 

Tá balla sa gceantar ar a bhfuil an mana cáiliúil scríofa ó bhí na 1960idí ann agus is siombal láidir do lucht na Breatnaise, agus do mhuintir na Breataine Bige trí chéile, é an balla céanna. 

Le cúpla seachtain anuas scriosadh an graifítí ar an mballa idir Aberystwyth agus Aberaeron trí huaire. An uair dheiridh, ní hamháin gur scrios na loitiméirí an scríbhneoireacht Bhreatnaise, ach leag siad cuid den bhalla féin. Tá ráite ag póilíní na Breataine Bige gur coir fuatha a bhí sa ngníomh sin. 

Ach ó shin i leith, táthar ag tuairsiciú go bhfuil an mana le feiceáil anois i mbreis agus 50 láthair ar fud na Breataine Bige. Tá an scríbhneoireacht bhán ar chúlra dearg le feiceáil ar gheataí feirme, ar thithe tábhairne, ar chosáin chathrach agus tuaithe, ar fhoirgnimh phoiblí agus ar thithe príobháideacha, ar bhoscaí poist agus i bhfuinneoga siopaí ar fud na tíre. 

SCÉALTA EILE