Humans of An Fáinne seolta ar Instagram

Tá scéalta cainteoirí Gaeilge a chaitheann an Fáinne a roinnt ar leathanach nua Instagram, a seoladh inniu. ‘Humans of An Fáinne’ is ainm don leathanach nua ar chuir Conradh na Gaeilge tús leis ar maidin agus súil ag an eagraíocht “an íomhá atá ag daoine áirithe” de lucht caite an Fháinne a athrú. 

Roinnfear scéalta na gcainteoirí Gaeilge ar an leathanach mar aon le pictiúr díobh ag caitheamh na siombaile, atá breis agus céad bliain ar an bhfód. Dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge, le NÓS nach raibh “feachtas láidir” ag an bhFáinne le fada an lá agus go raibh súil aige go spreagfadh an feachtas nua seo níos mó daoine chun an Fáinne a chaitheamh. 

“Ba í Emma Ní Chearúil [Feidhmeannach Cumarsáide an Chonartha] a tháinig aníos leis an smaoineamh, atá bunaithe ar na leathanaigh móra sin ‘Humans of New York’ agus ‘Humans of Dublin’ agus araile. Tá íomhá amuigh ansin den chineál duine a chaitheann an Fáinne agus níl sé cruinn. Tá muid ag iarraidh a léiriú go gcaitheann go leor cineálacha éagsúla daoine an Fáinne agus go bhfuil buntáistí ag baint lena chaitheamh. 

“Ní raibh feachtas láidir mar seo ag an bhFáinne le bliana. Thosaigh mé féin agus Emma ag glacadh grianghraf de dhaoine éagsúla tamall ó shin agus tá cartlann dheas againn anois. Beidh scéal á roinnt againn uair sa tseachtain amach anseo, agus súil againn daoine eile a fháil freisin,” a dúirt sé. 

Tá beirt ar an leathanach cheana féin: Aindriú Mac an Rí, múinteoir i gColáiste Íosagáin; agus an craoltóir aitheanta Barbara Nic Dhonncha.

 

View this post on Instagram

 

Ní mo dhóthain é mo shaol pearsanta a chaitheamh trí Ghaeilge, teastaíonn uaim formhór na n-uaireanta sa lá a líonadh le mo theanga dhúchas agus le ceol na teanga. Sin é an fáth go mbím ag obair trí Ghaeilge. Bhí mé ag obair le Ros na Rún sa Spidéal, láthair oibre bhreá Ghaelach, agus ag ceannach sna siopaí agus gnóthaí áitiúil trí Ghaeilge. Anois, táim ag obair le hOÉG agus le mic léinn atá ag staidéar na teanga agus ábhar fíor spéisiúil trí Ghaeilge. Tá a lán Gaeilge ar champas na hollscoile agus ardaíonn mo chroí ag siúl i nGaillimh agus an méid Ghaeilge a bhíonn le cloisteáil agus feiceáil. Airím go bhfuilim sa bhaile. – @bnicd #Gaeilge #humansofanfáinne

A post shared by Humans Of An Fáinne (@humansofanfainne) on

 

View this post on Instagram

 

Murach an Ghaeilge ní bheinnse san áit ina bhfuil mé i láthair na huaire. Agus is áit álainn í sin. Ní raibh mórán Gaeilge i mo shaol go dtí go raibh an t-ádh liom freastal ar chúrsa Gaeltachta agus mé i mo dhéagóir. Rinne mé Béarla agus Stair ar an ollscoil ach bhí grá agam don teanga agus ní raibh mé ag iarraidh í a chailliúint. Bheartaigh mé a bheith gníomhach sa chumann Gaelach sa choláiste agus bhuail mé leis na sound buzzers ab fhearr lenar bhuail mé riamh… Mo chailín san áireamh! Ó shin i leith, tá an Ghaeilge théis a bheith mar chroílár mó shaol. Labhraím Gaeilge le mo chairde agus múinim trí mheán na Gaeilge anois chomh maith. Tá sí théis deiseanna den scoth a thabhairt dom: obair scoile, obair sna meáin, oícheanta fhada, féilte, filíocht agus ar bharr achan rud eile… Cairdeas. #Gaeilge #humansofanfáinne

A post shared by Humans Of An Fáinne (@humansofanfainne) on

Bunaíodh ‘An Fáinne’ mar eagraíocht teanga in 1916 le “meath na Gaeilge a chosc”. Ba é Piaras Béaslaí, a throid in Éirí Amach na Cásca cúpla mí i ndiaidh an chruinnithe ar 17 Feabhra 1916, a bhí ina chathaoirleach ar an díospóireacht ar an oíche. Beartaíodh go mbeadh fáinne beag órga mar shiombail ag an eagraíocht agus go mbeadh ar bhaill na heagraíochta “a dhearbhú” gur Gaeilge amháin a labhróidís lena chéile feasta. 

Tá athrú tagtha ar an bhFáinne in imeacht na mblianta, idir dhearadh agus mheon. Tá Fáinní an lae inniu, atá ar fáil ón Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair, i bhfad níos lú ná na ceanna a caitheadh céad bliain ó shin, agus tá deireadh leis an eagraíocht féin. Anois, caitear an Fáinne mar chomhartha go bhfuiltear sásta agus ábalta Gaeilge a labhairt, agus tá Fáinne Airgid ann do dhaoine nach bhfuil an oiread sin Gaeilge acu ach atá sásta iarracht a dhéanamh. 

De réir pobalbhreith nua a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge aithníonn tromlach an phobail ó dheas An Fáinne mar shuaitheantas a bhíonn á chaitheamh ag daoine le taispeáint go bhfuil Gaeilge acu agus go bhfuil siad sásta í a labhairt.

Mar sin féin, is daoine os cionn 65 bliain d’aois ba mhó a d’aithin brí na siombaile agus daoine idir 18 agus 24 ba lú a thuig an Fáinne, de réir na pobalbhreithe. Tá súil ag Conradh na Gaeilge an Fáinne a chur i mbéal an phobail, agus ar bhrollach an phobail, arís leis an bhfeachtas nua. 

SCÉALTA EILE