Tá feachtas ar bun sa Bhreatain Bheag deireadh a chur le húsáid oifigiúil an logainm ‘Snowdon’ agus an t-ainm Breatnaise ‘Yr Wyddfa’ a úsáid feasta. Mhol an comhairleoir neamhspleách contae John Pughe Roberts, atá ina chónaí ar imeall Pháirc Náisiúnta Eryri (nó ‘Snowdonia’ i mBéarla), rún go n-iarrfaí ar Údarás Pháirc Náisiúnta Eryri gan an leagan Béarla d’ainm an tsléibhe ná ainm na páirce a úsáid feasta.
Tá an-imní ar lucht labhartha na Breatnaise le blianta beaga anuas faoin gcreimeadh atá á dhéanamh ar logainmneacha Breatnaise ar fud na tíre, ach go mór mór sna ceantair ina labhraítear an Bhreatnais mar phríomhtheanga. Dúirt John Pughe Roberts go bhfuil sé tábhachtach nach gcailltear logainmneacha Breatnaise agus go bhfuil stair agus oidhreacht an cheantair fite fuaite sna logainmneacha.
Thagair an comhairleoir contae don chinneadh a rinneadh san Astráil le deireanas fáil réidh leis an ainm ‘Ayers Rock’ agus an t-ainm dúchais ‘Uluru’ a thabhairt ar an monailit cháiliúil feasta, agus do na rialacha nua a tugadh isteach i gceantair eile sa Bhreatain Bheag go dtabharfaí ainm i mBreatnais ar shráideanna nua.
Tá Roberts den tuairim go n-imeodh an t-ainm ‘Snowdon’ as caint na ndaoine de réir a chéile dá n-éireodh Údarás na Páirce as an ainm sin a úsáid i gcomhthéacsanna oifigiúla anois. Tá tascghrúpa curtha le chéile ag an údarás le treoirlínte maidir le húsáid logainmneacha Breatnaise a phlé agus a chur le chéile.
Tá a thacaíocht léirithe ag Ffred Fransis ón ngrúpa teanga Cymdeithas yr Iaith Gymraeg do rún an chomhairleora contae. Dúirt sé nach n-athrófaí ainmneacha rudaí ar nós an Arc de Triomphe san Fhrainc nó an Acropolis sa Ghréig go Béarla.
“Tá cultúr beo na tíre ina chroí-chuid den turasóireacht agus tá sé sin fíor i gcás Cymru chomh maith le tír ar bith eile. Ní hamháin gurb é ‘Yr Wyddfa’ an t-ainm atá ar ‘Snowdon’ agus ‘Cymru’, tír na gcomrádaithe, agus ní ‘Wales’, tír na strainséirí, is ainm dár dtír,” a dúirt sé.