Idir-Ghaeilge

Pléann Ciarán Dunbar na féidearthachtaí maidir le droichead tuisceana a thógáil thar Shruth na Maoile, agus fiafraíonn sé an féidir canúint, lena mbeadh aon duine in ann gach Gael eile a thuiscint, a thógáil?


“Gaedhilg Cho-Choitcheann? An urrainn/féidir dóigh scríobhaidh/scríobhtha Gaedhilge bh(e)ith ann a thuig(f)eas Éireannaich agus Albannaich? Tha barail/baramhail agam mun/fán chúis, ach chan eil me deiseil/réidh fhasast/go fóill airson am foillseachadh/lena bhfoillsiughadh.”

Tá an friotal cainte thuas tógtha ó shuíomh idirlín an Dr. Ciarán Ó Duibhín atá ina shaineolaí ar Ghaeilge Uladh agus ar Ghaeilge na hAlban araon. Ó léigh mé an ráiteas sin den chéaduair, is iomaí uair a rinne mé mo mhachnamh ar an cheist chéanna.

Rud éigin a spreag mo mhachnamh ná an teanga ‘Interlingua’ atá ina comhréiteach idir na teangacha Rómánsacha go léir.

Níl rud ar bith ‘mí-nádúrtha’ faoi Interlingua, tá sé bunaithe ar theangacha beo agus caithfidh mé a rá, gach uair a bhain mé triall as, thuig daoine cad a bhí a rá agam, ba chuma iad a bheith ina bhFrancaigh, ina Spáinnigh nó ina nIodálaigh.
Tuilleadh eolais faoi anseo interlingua.com

Mar sin de, arbh fhéidir ‘Eadar-Ghaeilg’ a chruthú idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig?Go dtí seo níl an oiread daoine ar an eolas faoin choincheap, agus roinnt daoine ar luaigh mé leo é measartha diúltach faoi, ach cha raibh sé i gceist agam caitheamh anuas ar chanúint ar bith – bhí mé ag smaoineamh ar dhroichead tuisceana a thógáil.

Ar ndóigh, baineann sé seo le do dhearcadh féin faoi mhórphobal na Gaeilge. Tá aithne agam ar Ghaeil in Éirinn agus in Albain, ní amháin nach dtuigeann a chéile, ach a chreideann nach bhfuil aon dáimh idir na Gaeil ar an dá thaobh den Sruth. Ar ndóigh, cha chreidim féin sin.

Is minic a chuirtear ceist orm faoi ‘chanúintí’ agus tá an freagra céanna agam i gcónaí – creidim go bhfuil trí chanúint ann sa Ghaeilge, mar atá Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann. Teanga amháin atá inti dar liom.

Is beag difear atá le fáil idir na canúintí seo nach dtiocfadh le cleachtadh agus le teagmháil a shárú. Ní hionann sé sin is a rá nach bhfuil difríochtaí suntasacha idir na trí theanga / chanúint.

Tá, agus tá siad ann le fada, ach is léir go bhfuil croí lárnach i gcoiteann acu. Ach, canúintí nó teangacha, is cuma dáiríre.

Conas is féidir linn an bhearna idir Ghaeilge na hAlban agus Gaeilge na hÉireann a shárú mar sin?

Thiocfadh linn an dá chanúint mhóra a fhoghlaim ón tús, scartha ón chéile, mar theangacha difriúla – éifeachtach go leor ach bheadh neart ama i gceist.Nó, thiocfadh linn rud beag den ghramadach agus, abair 400 focal, a fhoghlaim, cúrsa tiontaithe más maith leat.Gaeilge de chineál amháin a úsáid chun an ceann eile a fhoghlaim.

Cuma éasca go leor air seo ar an chéad dul síos ach casta go leor mar gheall ar cé chomh cosúil le chéile is atá an dá chanúint / theanga.

Nó is féidir linn comhréiteach a fháil agus an dá theanga a mheascadh – de réir foirmle éigin.

Cén dóigh gur féidir linn sin a dhéanamh? Bhál, sa chéad dul síos thiocfadh linn níos mó eolais a chur ar an Nua-Ghaeilge Mhoch (Gàidhlig Choitcheann), an rud a bhí daoine áirithe ag iarraidh ag tús na hAthbheochana agus sin a úsáid mar bhunchloch. Bheadh sé deacair go leor áfach – ní don ghnáthdhuine Gaeilge an Chéitinnigh faraor.

Nó thiocfadh linn ar fad eolas a chur ar chanúintí Shruth na Maoile, an limistéar a nascann an dá thír: canúint Chinn Tíre, Reachraidh, Árainn agus na nGlinntí. Ach ar an ábhar gurb ionann is marbh na canúintí sin go léir, bheadh sé deacair arís.

Nó b’fhéidir gur bhféadfadh muid meascán de na réitigh thuas ar fad a úsáid?

Ní féidir réiteach a aimsiú in alt amháin ach títear domsa gurb ag leibhéal na mbun- fhrásaí a theipeann ar chumarsáid eadrainn agus go dtiontaíonn muid ar an Bhéarla seachas iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis na ‘Gaeilgí’ eile mar thoradh air sin.

Seans, dá dtiocfadh linn éirí thar an fhadhb sin agus bun-fhrásaí coitianta a aontú eadrainn chun cumarsáid a éascú, b’fhéidir go gcabhróidh sé sin linn an teanga níos casta a thuiscint.

Mar sin, thug mé faoi liosta de bhun-fhrásaí ‘Eadar-Ghaeilg’ a chur le chéile. Tá cuid acu san eagrán clóite is déanaí de NÓS agus má tá suim agat ina thuilleadh cuir nóta @CiaranDunbar ar Twitter.

Conas a roghnaigh mé iad? Bhál, ghlac mé samplaí ó na teangacha beo agus roghnaigh mé an ceann is coitianta. Nó, dá mba rud é nárbh léir aon cheann coitianta, bhain mé úsáid as an leagan is ‘clasaicí’.

Tá mé den tuairim go dtiocfadh le Gaeilgeoir ar bith na frásaí seo a thuiscint – ach níl ann ach bealach amháin chun sin a thástáil, triail a bhaint astu!

SCÉALTA EILE