Is iad an ceoltóir aitheanta Imelda May, an t-iománaí Declan Hannon, agus an craoltóir Bláthnaid Treacy a bheidh ina n-ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge 2021. Fógraíodh an triúr ina n-ambasadóirí aréir.
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl idir an 1-17 Márta agus beidh Imelda, Declan, agus Bláthnaid ag cur na féile chun cinn ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Seo an chéad bhliain nach mbeidh aon chainteoir líofa Gaeilge ina ambasadóir don fhéile.
Léirigh an ceoltóir Imelda May spéis sa Ghaeilge anuraidh le linn na Dianghlasála agus tharraing teachtaireacht a sheol sí ar Twitter faoin aiféala agus an “briseadh croí” a bhí uirthi i dtaobh na teanga náisiúnta go leor airde. Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh sí ar chúrsa ranganna le Conradh na Gaeilge.
Tá a ghrá don Ghaeilge léirithe ag Declan Hannon freisin, agus ghlac sé páirt go fonnmhar i bhfeachtas de chuid Chonradh na Gaeilge leis an bhFáinne Óir a chur chun cinn in 2019. Ba é a bhí ina chaptaen ar fhoireann Luimnigh nuair a bhuaigh siad Corn Liam Mhic Cárthaigh in 2018 agus dúirt sé gur bhreá leis a óráid a thabhairt i nGaeilge dá mb’fhéidir leis.
Tá an cúpla focal ag an láithreoir raidió Bláthnaid Treacy a chuireann an clár StaidAir i láthair ar RTÉ 2FM. Dúirt sí go bhfuil “ríméad” uirthi a bheith ina hambasadóir i mbliana agus go bhfuil sí “ag tnúth go mór leis an bhféile”.
Tá sé mar aidhm ag Seachtain na Gaeilge daoine a bhfuil caighdeáin éagsúla Ghaeilge acu a spreagadh le páirt a ghlacadh in imeachtaí atá dírithe ar an teanga. Eagraítear imeachtaí ar fud an domhain ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta leis an teanga a cheiliúradh agus beidh neart ar siúl ar líne i mbliana.
“I mbliana beidh go leor imeachtaí ar siúl ar line, mar sin tá níos mó deiseanna ná riamh ann do dhaoine páirt a ghlacadh san fhéile, is Cuma cá bhfuil siad. Molaim d’éinne, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu, páirt a ghlacadh in imeachtaí i mbliana. Ó dhaoine ag tosú ar a dturas teanga, iad siúd atá ag foghlaim arís agus daoine atá líofa ach nach bhfaigheann an deis a gcuid Gaeilge a úsáid chomh minic agus ba mhaith leo, tá ócáid ann do gach duine,” a dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge.
Is féidir liosta iomlán d’imeachtaí agus de ghníomhaíochtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia a fháil ó: www.snag.ie.