Imní sa Bhreatain faoi sheanfhocail Bhéarla atá ag dul i léig

De réir suirbhé nua sa Bhreatain, tá nathanna traidisiúnta an Bhéarla ag dul i léig i measc an phobail thall. Tugadh liosta nathanna Briotanacha do 2,000 duine idir 18 agus 50 bliain d’aois agus fiafraíodh díobh ar thuig siad nó ar úsáid siad iad. 

De réir an tsuirbhé, bhí beagnach 80% de na freagróirí dall ar an nath casting pearls before swine (‘do chuid péarlaí a chaitheamh mar bhia chun na muc’), rud a chiallaíonn gur cur amú ama é cúnamh a thairiscint do dhuine nach mbeidh buíoch as.

Is nath é ón mBíobla a thagraíonn d’Íosa ag rá lena leantóirí gan a chuid teagaisc a roinnt leo siúd a bhainfidh mí-úsáid astu. 

Bhí 60% de na freagróirí dall ar an seanfhocal a stitch in time saves nine (‘i dtús an ghalair is fusa é a leigheas’ nó ‘an té nach gcuirfidh greim cuirfidh sé dhá ghreim’). Tugann sé le tuiscint gur fiú am agus dúthracht a chaitheamh ar rud ón tús chun stró breise a shábháil ort féin níos déanaí. Meastar gurb iad díograiseoirí fuála a cheap an seanfhocal: mholaidís do dhaoine poill i mball éadaigh a dheisiú a luaithe ab fhéidir sula n-éireodh sé níos caite agus go mbeadh orthu naoi ngreim a chur ann.

Go leor de nathanna an Bhéarla, tháinig siad isteach sa teanga na céadta blianta ó shin – d’eascair siad ó imeachtaí staire, ón mairneálacht, ón gcoiriúlacht, ón tsealgaireacht, ón spórt, ó chluichí, ón litríocht, ón bpolaitíocht agus ón gcearrbhachas, cuir i gcás. 

Cé gur bhain na nathanna le ceird faoi leith tráth, tá a raon céille leathnaithe go mór i gcaitheamh na mblianta sa chaoi gur nathanna solúbtha iad anois is féidir a úsáid i mórán réimsí éagsúla. 

Féachaimis mar shampla ar as mad as a hatter, nath nach raibh cloiste ag 51% de na Briotanaigh a ghlac páirt sa suirbhé. Idir an 17ú agus an 19ú haois, úsáideadh an mearcair i ndéantúsaíocht na hataí feilte. Ag an am sin, ní raibh tuiscint ann go bhféadfadh an mearcair duine a nimhiú, rud a d’fhág nár ghlac déantóirí hataí aon chúram sábháilteachta agus iad ag láimhseáil na substainte. 

Thagadh siomptóim ghealtachta ar na déantóirí hataí – a nglaoití ‘haitéirí’ orthu ag an am – ar minic iad á n-iompar féin ar bhealach ionsaitheach nó taomach mar gheall ar nimhiú ón mearcair. Ba léir go raibh haitéirí ag dul le báiní, ach níor tuigeadh cad ba chúis leis: deirtí go raibh ‘galar na haitéirí gealtacha’ orthu dá bharr, téarma atá fós in úsáid i dtéacsleabhair leighis ár linne. Agus má deirtear go bhfuil duine as mad as a hatter sa lá atá inniu ann, tugtar le fios go bhfuil sé ar mire nó craiceáilte.

Níl ansin ach sampla amháin den stair shóisialta agus chultúrtha a bhaineann leis na nathanna cainte. Ní haon ionadh é, mar sin, gurb údar imní é do mhórán sa Bhreatain go bhfuil na nathanna traidisiúnta ag dul i léig. Meastar go léiríonn sé, i ré na meán sóisialta, go bhfuil caighdeáin litearthachta an phobail ag ísliú agus go bhfuil aineolas ann ar an mBíobla, ar foinse shaibhir nathanna agus seanfhocal é.

Thairis sin, ceaptar go bhfuil an easpa teagmhála idir na glúnta éagsúla ag cur le meath na nathanna traidisiúnta, rud a fhágann nach bhfuil an saibhreas teanga á chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Mar gheall ar na gléasanna leictreonacha, tarlaíonn sé uaireanta gur fearr an t-eolas atá ag daoine óga ar Bhéarla Mheiriceá ná mar atá acu ar chanúint an cheantair inar tógadh iad.