‘Ireland’s Call’ as Gaeilge


Chuir sibh suim mhór sa leagan Gaeilge de ‘Uptown Funk‘ a rinne páistí Gaelscoile i gCorcaigh an tseachtain seo, bhuel anois tá scoil i gContae Mhaigh Eo tar éis a gcasadh féin a chur ar cheann d’amhráin mhóra an lae.

Beidh na mílte ag canadh ‘Amhrán na bhFiann’ os comhair na teilifíse ar 2.30in inniu roimh thús chluiche mór na Sé Náisiún idir Éire agus An Bhreatain Bheag i gCaerdydd ach, a bhuí le Scoil Phádraig i gCathair na Mart, beidh muid in ann ár dteanga féin a úsáid le linn ‘Ireland’s Call’ anois chomh maith.

D’aistrigh rang a trí agus a ceathair sa scoil Bhéarla, le cabhair óna múinteoir Iníon Timlins, an t-amhrán rugbaí le haghaidh Sheachtain na Gaeilge agus tá físeán déanta acu de ‘Glaoch na hÉireann’.

Screen Shot 2015-03-14 at 12.31.46

“D’oibrigh na daltaí go dícheallach chun na liricí a fhoghlaim as Gaeilge,” arsa an múinteoir.

“Bhí an fonn ar eolas acu cheana, rud a rinne an próiseas níb éasca, agus bhain siad an-taitneamh as.’

Bhain muidne chomh maith agus is spreagadh iontach é roimh an choimhlint thábhachtach le Cymru, go háirithe nuair a thagann an rang ar fad isteach ag 1’54”… Éire abú!

SCÉALTA EILE