‘Gweles’ – iris nua Choirnise ar an bhfód

Tá iris Choirnise á foilsiú i gCorn na Breataine den chéad uair le fada an lá. Foilsíodh an chéad eagrán den tréimhseachán Gweles i mbliana agus tá súil ag lucht a foilsithe eagrán sa ráithe a chur amach as seo go ceann trí bliana ar a laghad. 

Dúirt eagarthóir na hirise, Ian Jackson, le NÓS go bhfuil “scuaine daoine” ann atá tar éis ailt i gCoirnis a sheoladh chuig an iris nó atá sásta dul faoi agallamh do ghné-ailt agus go bhfuil an fhoireann sásta go bhfuil a ndóthain ábhar acu cheana féin leis an gcéad chúpla eagrán de Gweles a líonadh. 

“Táimid cinnte go maith gur féidir linn an chéad chúpla eagrán a líonadh, tá scuaine daoine ann a chuir alt isteach nó a dúirt linn go bhfuil siad sásta agallamh a dhéanamh linn. Tá muid ag iarraidh meascán aoiseanna a bheith againn, chomh maith le meascán maith inscní, agus réimsí éagsúla spéis agus cultúir taobh istigh de sin. 

“Bhí an chéad ghné-alt i eagrán an fhómhair faoin éigeandáil aeráide, tá iníon léinn staire againn atá 19 mbliana d’aois a bhfuil an-spéis aici sa teanga. Bhí agallamh le Niall Kennedy ann, duine de na cainteoirí Coirnise is aitheanta sa tír, scríobh an seandálaí an Dr Christopher Smart alt faoi na Rómhánaigh sa Chorn, agus bhí alt againn ó bhean a oibríonn le heagraíocht fheimineach in Pennsans,” a dúirt sé. 

Dúirt Ian go bhfuil lucht na hirise ag iarraidh a bheith “an-oscailte” faoi chúrsaí inscne agus feimineachais, agus go bhfuil sé tábhachtach dóibh go mbeadh daoine óga ag léamh na hirise agus ag scríobh lena haghaidh. 

Tá an scoláire mór Coirnise agus Gaeilge Nicholas Williams tar éis alt a scríobh don iris freisin, alt faoin Eabhrais. Tá baint “sách mór” ag an Ollamh Williams leis an iris, a dúirt Ian, ach ní bhíonn sé ag plé le cúrsaí eagarthóireachta. 

“D’fhéadfaí a rá gur ard-chomhairleoir de shaghas éigin é, tá sé ar fáil dúinn le haghaidh ceisteanna teangeolaíochta, agus le focail nár dúradh cheana i gCoirnis a mholadh nó a cháineadh. Tá sé ag tabhairt comhairle dúinn maidir le stíl na n-alt freisin. Is dócha nach mbeidh baint chomh mór sin aige linn i ndiaidh an chéad chúpla eagrán ach tá muid an-bhuíoch go raibh sé ann ag an tús,” a dúirt Ian. 

I measc an ábhair eile a bhí ar an gcéad eagrán de Gweles, bhí aistriúchán nár foilsíodh cheana de scéal de chuid Rudyard Kipling óna bhailiúchán scéalta Just So – ‘The Crab That Played With the Sea’ (‘An Canker Neb’rug Gwary Gans an Mor’; ceithre leathanach atá dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta; greannáin atá bunaithe ar scéalta béaloidis; agus leathanach do pháistí. 

Cuireadh an chéad eagrán den iris ar fáil saor in aisce agus scaipeadh cúpla céad eagrán ar dhaoine ar fud an Choirn. Tá costas £3 ar na heagráin 32 leathanach eile, agus is féidir go mbeadh suas le 36 leathanach in eagráin eile amach anseo. Tá súil ag lucht na hirise go ndáilfear an iris i siopaí sna ceantair a bhfuil líon ard cainteoirí Coirnise ann, agus go nglacfadh léitheoirí eile ar fud na tíre agus níos faide i gcéin le síntiús. 

“Tá súil againn í a chur sna siopaí nuachtán i gcroílár na gceantar a bhfuil cainteoirí Coirnise iontu agus níl muid ag iarraidh an diaspóra a chailliúint ach an oiread, daoine de shliocht na mianadóirí Cornacha i Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, agus san Astráil. Tá costas £14 ar shíntiús bliana do mhuintir na Breataine, £21 do mhuintir na hEorpa, agus £25 do dhaoine ar fud an domhain,” a dúirt Ian. 

Níl aon mhaoiniú stáit ar fáil don iris i láthair na huaire agus táthar ag braith ar airgead a bailíodh ó lucht labhartha na Coirnise leis an rud a chur i gcló. Maíonn lucht na hirise go bhfuil a ndóthain airgid acu leis an iris a chur amach ar feadh trí bliana ar a laghad, ach go bhfuil súil acu go mbeifear in ann teacht i dtír ar mhaoiniú ó fhoinsí eile, fógraíocht agus síntiúis ina measc, go luath.

“Tá suas agus anuas le leathmhilliún duine ina gcónaí i gCorn na Breataine, agus is beag an méid é sin le hais an 64 milliún atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe trí chéile. Is ionann muid agus níos lú ná 1% den daonra, agus ní shíleann Rialtas London gur fiú níos mó ná 1% d’airgead na tíre muid. Tá aerfort amháin againn in Tewynblustri agus níor bhac siad é sin a athchóiriú le blianta fada. 

“Níl an t-airgead againn míosachán a chur amach i láthair na huaire, mar sin is ráitheachán atá in Gweles. Tá suim bheag airgid againn a choinneoidh ag imeacht muid ar feadh cúpla bliain ach seans go mbeidh orainn dul sa tóir ar mhaoiniú stáit ina dhiaidh sin. Cuirtear cúpla míle ar leataobh don teanga gach bliain, agus íoctar trí Chomhairle Contae an Choirn an t-airgead. Caitheann siadsan airgead ar Oifig na Coirnise sa Chomhairle féin agus roinnt bheag ar bhunscoileanna. Tá muid ag súil le méadú ar an airgead a thagann ón rialtas láir amach anseo agus bheadh muid ag súil le cur isteach air sin,” a dúirt sé. 

Is teanga Cheilteach í an Choirnis a labhraítí sa Chorn, in fíoruachtar na Breataine, go dtí deireadh an 18ú hAois. Rinneadh taifead i scríbhinn den teanga ach ar ndóigh d’éag an cainteoir dúchais deireanach sular tháinig an teicneolaíocht a chaomhnódh a ghlór. 

“Tá an iris nua fréamhaithe san athbheochan atá fós ag dul ar aghaidh. Céad bliain ó shin ní raibh duine ar bith sa Chorn ag labhairt na Coirnise, bhí taifead againn di, ach fuair sí bás mar theanga ag tús na 1800idí ar a dheireanaí. Bhásaigh na cainteoirí aonteangacha céad bliain nó níos mó roimhe sin.

“Scoláirí teanga ba mhó a chur spéis inti ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin, ach ansin chuir gnáthdhaoine spéis in athbheochan na teanga. Amaitéaraigh ab ea iad, Cornaigh a bheartaigh an teanga a thabhairt ar ais. Bunaíodh cumainn, foilsíodh foclóirí, agus cuireadh leabhair i gcló. Bhí baint ag gach rud leis na heagraíochtaí teanga, bhí iarracht nó dhó ann rudaí cultúrtha a chur ar bun, ach níor mhair mórán i bhfad,” a mhínigh Ian. 

Dúirt sé go bhfuil athrú ann le dhá scór blianta anuas, áfach, agus go bhfuiltear ag díriú ar ghnéithe eile den athbheochan teanga anois. 

“Tá an fócas athraithe le ceathracha bliain anuas. Déarfainnse go bhfuil trí mhórthéama anois ann: aitheantas oifigiúil, sin Oifig na Coirnise agus an Gorset; an teagasc, agus is casta corrach an bóthar é sin; agus an teanga sa phobal, spásanna ina mbeadh daoine in ann nascadh le daoine eile sa phobal. Tá fíorbheagán den tríú téama sin ann ach is ansin atá muidne dár lonnú féin. 

“Shuigh muid síos le linn na Dianghlasála agus d’aithin muid go raibh athrú ag teacht ar an saol agus go mb’fhéidir nach raibh an múnla a bhí againn le ceathracha bliain feiliúnach anois. Tá cúpla cumann ann agus claonadh polaitiúil ag cuid acu, ach bhí sé in am rud nua a thriail. Tá súil againn díriú ar mhórthéama a trí ach dul isteach i mórthéama a dó, an teagasc, freisin,” a dúirt sé. 

Níl lucht Gweles ag iarraidh baint a bheith acu le heagraíocht ná cumann teanga. Tá grúpa amháin tar éis teacht i dteagmháil leis an bhfoireann eagarthóireachta cheana féin agus iad ag iarraidh ceangal éigin a chruthú ach tá Ian diongbháilte ar an bpointe sin. 

“Níl muid ag iarraidh go súfar isteach faoi bhrat aon eagraíochta muid nó go mbeadh muid ag freagairt do choiste eagraíochta. Tá dream amháin ag iarraidh go ngabhfaidh muid isteach leo, ach níl aon cheann de na heagraíochtaí ag iarraidh an rud atá muidne a iarraidh. 

“Beidh muid freagrach dár léitheoirí. Mura bhfuil muid ag tabhairt a bhfuil uathu do na léitheoirí, tiocfaidh deireadh leis an iris agus sin sin. Níl muid ag iarraidh cur isteach ar dhuine ar bith, agus níor mhaith linn rud ar bith atá thar a bheith conspóideach a chur i gcló, ach mar sin féin beidh muid i gceannas orainn féin,” a dúirt sé. 

‘Daoine, Cultúr, Oidhreacht’ an mana atá ag Gweles agus is ar na rudaí sin a dhíreoidh an fhoireann eagarthóireachta. Seachnófar an pholaitíocht den chuid is mó san iris ach deir Ian go mbaineann gach rud leis an bpolaitíocht ar bhealach amháin nó bealach eile – iris neamhpholaitiúil a fhoilsiú i gCoirnis san áireamh. 

“Tá muid ag iarraidh na cainteoirí Coirnise atá ann anois a thabhairt linn, ach caithfear an iris a fhorbairt le go gcuirfidh glúinte nua cainteoirí spéis inti freisin. Beidh dul chun cinn éigin ar an gceist sin ann i ngach eagrán. Is é ár meas go bhfuil tuairim is 5,000 duine ann a d’fhéadfadh cuid den iris a léamh ar a laghad , agus an chuid is mó acu sin ina seandaoine. Tá tuairim is 500 duine ann a léifeadh gan aon stró í, ach ní hin le rá go léifidh siad í anois díreach.

“Cuireann an dream óg spéis níos mó i rudaí atá ar líne, agus tá suíomh idirlín againn a bhfuil ceangal aige leis an iris. Beidh an suíomh ag díriú níos mó ar an lucht léitheoireachta óg sin, agus beidh muid gníomhach ar na meáin shóisialta freisin,” a dúirt sé. 

Is féidir síntiús a ghlacadh le Gweles anseo, agus an iris a leanacht ar Facebook anseo