‘Is beag polaiteoir Francach a chuir i gcoinne réim an Bhéarla san AE’

Agus an Bhreatain imithe as an Aontas Eorpach, is mó an chumhacht atá ag an bhFrainc feasta chun polasaí teanga an Aontais a shocrú. Tá sé i gceist ag Emmanuel Macron an Fhraincis a chur chun cinn agus úsáid an Bhéarla a laghdú. Ní bheidh sé éasca dó forlámhas an Bhéarla a bhriseadh ach mar sin féin ná déanaimis dearmad gurbh í an Fhraincis lingua franca na n-institiúidí Eorpacha ar feadh i bhfad agus nár tháinig an Béarla i réim go dtí na 1990idí. 

Nuair a chuir Éire agus an Bhreatain isteach ar bhallraíocht sa Chomhphobal Eorpach sna 1960idí chuir na Francaigh in iúl don dá thír go mbeadh orthu glacadh le clásal dlí sula ligfí isteach iad. De réir an chlásail sin, aon taidhleoir nó státseirbheach a chuirfeadh ceachtar acu chuig an mBruiséil, bheadh orthu an Fhraincis a bheith ar a dtoil acu. 

Óir ag an am sin, bhí an lámh in uachtar ag an bhFraincis sna hinstitiúidí Eorpacha, agus ba mhian leis na Francaigh a chinntiú go bhfanfadh an scéal amhlaidh fiú tar éis do na Béarlóirí teacht isteach. 

Nuair a bhí an Fhraincis ina lingua franca, ba í an rogha teanga ag preasocáidí agus is inti a dréachtaíodh formhór na reachtaíochta (dréachtaíodh cuid mhaith sa Ghearmáinis freisin). Is beag athrú a tháinig air sin nuair a ligeadh an Bhreatain agus Éire isteach in 1973 – bhí na Francaigh meáite ar stádas na Fraincise a chosaint go fóill. Níor bhaol don Fhraincis ach an oiread nuair a tháinig an Ghréig, an Spáinn agus an Phortaingéil isteach sna 1980idí: go traidisiúnta, ba í an Fhraincis langue diplomatique na dtíortha sin. 

Ach tháinig trí thír isteach san Aontas in 1995 a raibh traidisiún láidir Béarlóireachta acu: an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn. Bhí siad ar na chéad tíortha a chuir ionadaithe rialtais chun na Bruiséile nach raibh mórán Fraincise acu. Agus faoin am sin, is cosúil go raibh laghdaithe ar thoil na bhFrancach a dteanga féin a chosaint. 

Ghlac an t-aos polaitiúil le forlámhas an Bhéarla as sin amach – go deimhin, athrú chun feabhais a bhí in úsáid an Bhéarla, dar lena bhformhór. Teanga níos neamhfhoirmeálta, níos solúbtha, níos beoige a bhí sa Bhéarla, ina súile siúd, agus iad meallta ag cumhacht Mheiriceá i gcúrsaí cultúir, eacnamaíochta agus polaitíochta. 

Tá borradh tagtha faoin mBéarla sna hinstitiúidí ó shin i leith, faoi mar a léiríonn na figiúirí. In 1986, níor foilsíodh ach an ceathrú cuid de théacsanna na n-institiúidí sa Bhéarla. Faoi 2014, bhí sé sin ardaithe go dtí os cionn trí cheathrú. Ag an am céanna, bhí meath ag teacht ar úsáid na Fraincise: in 1986, scríobhadh 58 % de na téacsanna inti; in 2016, 3.7 %. 

Ina theannta sin, thacaigh na tíortha iar-Shoivéideacha le réim an Bhéarla nuair a tháinig siadsan isteach san Aontas in 2004 – shamhlaigh siad saoirse agus dóchas leis an mBéarla ós rud é go raibh lámh mhór ag an gcomhghuaillíocht Angla-Mheiriceánach i dtitim an chumannachais. Agus de réir mar a bhí an Fhraincis ag dul i léig sna hinstitiúidí Eorpacha, mheas na ballstáit eile nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid státseirbhísigh a bhí líofa sa Fhraincis a chur chun na Bruiséile a thuilleadh. 

Is fíor go ndearna corrcheannaire Francach iarracht meath na Fraincise a chosc. Nuair a bhí Jacques Chirac ina uachtarán ar an bhFrainc, d’ordaigh sé dá thaidhleoirí gan ach Fraincis a labhairt sa Bhruiséil. In 2006, shiúil Chirac amach as cruinniú sa Bhruiséil nuair a chonacthas dó gur i mBéarla amháin a bheadh cur i láthair á thabhairt ag duine dá thír féin os comhair 25 cheannaire stáit. 

Seachas Chirac, áfach, is beag polaiteoir Francach eile a chuir i gcoinne réim an Bhéarla. Bhí an chraobh tugtha leis ag an mBéarla agus shíl na Frainciseoirí gurbh fhánach acu cur ina choinne, de réir dealraimh. Is i mBéarla a labhraíodh Christine Lagarde i gcruinnithe sa Bhruiséil ina cáil mar Aire Eacnamaíochta agus Airgeadais na Fraince agus b’amhlaidh an cás é do Jean-Claude Trichet agus é ina uachtarán ar an mBanc Ceannais Eorpach, fiú nuair a bhí sé ag plé le hiriseoirí Francacha ag preasocáidí sa Bhruiséil.

Maidir leis na Gearmánaigh, is beag a rinne siad chun meath a dteanga sna hinstitiúidí a chosc – ar feadh i bhfad tar éis an Dara Cogadh Domhanda, is cineál tabú a bhí ann dóibh mórtas náisiúnta a thaispeáint, fiú i gcúrsaí teanga. Agus dealraíonn sé gur fhéach siad chuige go dtiocfadh an meath céanna ar an bhFraincis agus a bhí tagtha ar an nGearmáinis. Faoi mar a deir Jean Quatremer, comhfhreagraí na Bruiséile de chuid an nuachtáin Fhrancaigh Libération: ‘Thuig údaráis na Gearmáine, mar aon le taidhleoirí agus státseirbhísigh Ghearmánacha, go raibh an Fhraincis ag dul i léig agus bhí lámh acu ann. Theastaigh uathu go mbeadh an chinniúint chéanna i ndán do theanga Molière agus a bhí i ndán do theanga Goethe, teanga a bhí imeallaithe le fada an lá’.