Tá cur agus cúiteamh ann le déanaí i measc lucht teagaisc na nuatheangacha sa Bhreatain faoin titim thubaisteach atá tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaigh teangacha ar scoil le roinnt ama anuas. Léirigh suirbhé a foilsíodh le déanaí go bhfuil na nuatheangacha i measc na n-ábhar is lú a thaitníonn le daltaí agus is mó atá imithe ar gcúl le tamall anuas.
Ar ndóigh, tá baint ag an gcinneadh a rinneadh nuatheangacha a dhéanamh roghnach don GCSE leis an meath atá tagtha orthu. Ach i measc na bpríomhchúiseanna go n-éiríonn daltaí as teangacha ná go gceaptar go bhfuil ábhar eile níos suimiúla, go bhfuil teangacha deacair agus leadránach, agus go mbíonn easpa muiníne ag daltaí an teanga a labhairt.
Sa díospóireacht atá ar bun faoin gceist sa Bhreatain, is iomaí múinteoir a chuireann an locht ar an siollabas, iad ag rá go bhfuil siad bréan de bheith ag múineadh na dtopaicí leamha céanna chuile bhliain – mé féin is mo cheantar, caithimh aimsire, mo theaghlach – agus gur beag dul chun cinn a dhéantar nuair is gá dul siar agus aniar ar na topaicí céanna i gcónaí. Ní nach ionadh, is beag spéis a mhúsclaíonn na topaicí seo sna daltaí.
An fíor do na múinteoirí gur bac mór é an curaclam sa Bhreatain? Faoin gcuraclam atá acu, is beag staidéar a dhéantar ar chultúr nó ar litríocht na tíre féin. Seachas sin, dírítear ar fheidhm ‘chumarsáideach’ na teanga – conas treoracha a lorg agus cur síos a dhéanamh ar thréithe fisiciúla an duine, cuir i gcás. Deir lucht cáinte an chur chuige seo nach bhfuil i gceist leis ach an méid a bheadh i leabhar frásaí do thurasóirí, agus go dtugann sé le fios gur rud leamh leadránach é staidéar a dhéanamh ar theanga.
Táthar ag spochadh as an gcur chuige tur seo ar na meáin shóisialta freisin. Is é a deir fear amháin ar Twitter: ‘Bhuail mé le m’iarmhúinteoir Fraincise le déanaí agus d’fhiafraigh sí díom céard atá ar siúl agam sa saol anois. Dúirt mé léi go bhfreastlaím ar an bpictiúrlann agus go n-imrím peil le mo dheartháir’. ‘Conas atá do dheirfiúr, Crystal?,’ a deir duine eile. ‘An bhfuil cónaí uirthi go fóill i la Rochelle? Táim cúig bliana déag d’aois’.
Tá greann ag baint leis seo mar léiríonn sé cé chomh mínádúrtha, leamh agus amscaí is atá cuid mhaith den mhéid a fhoghlaimítear sna nuatheangacha faoi láthair (tá an scéal mórán mar a chéile in Éirinn). Is féidir trí nó ceithre bliana a chaitheamh ar na topaicí leamha seo agus cén tairbhe a bhaintear as? ‘Clúdaítear’ na topaicí seo arís agus arís eile ach is beag de a ‘ghreamaíonn’ in intinn an dalta, de réir dealraimh.
Rud eile de – an bhéim seo ar rudaí ar nós saoire thar lear agus turais champála, tugann sé le fios nach bhfuil i gceist le teangacha ach aclaíocht intinne don uasaicme. Is annamh a bheadh taithí ag daltaí bochta ar laethanta saoire faoin tuath sa Fhrainc nó caitheamh aimsire a bhfuil costas ard ag baint leis.
Ach táthar anois ag ceistiú má thugann an cur chuige ‘páiste-lárnach’ seo eolas córasach do dhaltaí ar ghnéithe bunúsacha den teanga iasachta: stór focal, gramadach, agus córais fuaime agus litrithe.
Faoin gcur chuige cumarsáideach, a deir lucht cáinte, bíonn ar dhaltaí litreacha a scríobh agus comhráite a dhéanamh sula mbíonn an cumas acu amhlaidh a dhéanamh as a stuaim féin. Nuair a fhaigheann daltaí an litir cheartaithe ar ais ón múinteoir, é breac le botúin, tagann drochmhisneach orthu. Is amhlaidh an cás é don teanga labhartha — cuirtear daltaí ag labhairt faoi seo is faoi siúd ón gcéad lá sula mbíonn siad réidh. Ceaptar gur rud maith ann féin ‘iad a chur ag caint’.
Faoin gcur chuige cumarsáideach, níl pleanáil thomhaiste fhadtéarmach ar bun ag múinteoirí ar an stór foclóra atá siad ag iarraidh go bhfoghlaimeodh daltaí toisc go gcuirtear béim ar fhoclóir a thagann aníos ‘go nádúrtha’ sa rang, rud a fhágann foghlaim an fhoclóra faoin seans. Is trua nach bhfuil daltaí ag dul i ngleic le litríocht, cultúr nó stair na teanga nua atá á foghlaim acu ach an oiread, mar is trí staidéar a dhéanamh ar na gnéithe seo den teanga a spreagtar fíorghrá agus fíorshuim an dalta, agus is tríothu sin a fhaightear tuiscint cheart ar phobal agus ar shochaí na sprioctheanga.
An bhéim a chuireann an modh cumarsáideach ar an spraoi agus ar chluichí a imirt, cuireann sé in iúl do dhaltaí nach gá dóibh mórán stró a chur orthu féin le teanga nua a fhoghlaim, meon atá ag teacht salach ar an obair chrua atá ag teastáil chun teanga a thabhairt leat.
I measc na moltaí atá ann chun teagasc na dteangacha a leasú ná staidéar doimhin a chur chun cinn ar chomhréir, ar ghramadach agus ar stór saibhir foclóra, díriú ar an litriú go luath sa phróiseas foghlama agus béim a chur ar litríocht agus ar chultúr na sprioctheanga. Ní mór a chinntiú freisin go dtugann daltaí bunchlocha na teanga leo sula gcuirtear iad ag caint lena chéile i ngrúpaí nó ag foghlaim go neamhspleách.