‘Is cóir tabhairt faoi dhúshláin a bhaineann le múineadh na Gaeilge sula múintear teanga eile’

Le seachtain anuas, tuairiscíodh go forleathan go mbeidh curaclam athbhreithnithe á chur i bhfeidhm i mbunscoileanna na tíre seo. Athrú mór amháin a sheasann amach ná go mbeidh teanga idirnáisiúnta á múineadh do dhaltaí bunscoileanna (ó Rang a Trí go Rang a Sé) den chéad uair.

Táimse go mór ar son an ilteangachais, agus deiseanna a chur ar fáil do pháistí óga níos mó teangacha a fhoghlaim. Léiríonn an taighde gur buntáiste é dátheangachas nó ilteangachas, agus go dtacaíonn sé le páistí scileanna briathartha, neamhbhriathartha, solúbthacht intinne agus scileanna smaointe eisréimneach agus scileanna mheiteachognaíoch (a bheith in ann smaoineamh faoi do chuid machnaimh agus foghlama féin) a fhorbairt. 

Táimid ag maireachtáil i sráidbhaile domhanda chomh maith, agus muid níos ceangailte anois le tíortha agus cultúir dhifriúla ná mar a bhí riamh. Mar sin, feicim an fiúntas a bhaineann le teangacha nua a thabhairt isteach sa chóras bunscolaíochta. 

Ag an am céanna, is buille trom eile é seo don Ghaeilge mar ábhar bunscoile, ábhar atá i mbaol le roinnt mhaith blianta. Feictear dom féin, atá i mo mhúinteoir bunscoile le dhá bhliain déag anuas, gur chóir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar ábhar scoile, sula dtugaimid teanga eile isteach i ranganna bunscoile. Feictear dom go bhfuil an-dul chun cinn á dhéanamh i nGaelscoileanna, scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí, chomh maith le líon suntasach scoileanna T2 (scoileanna ina bhfuil Béarla mar an chéad teanga labhartha agus teagaisc) agus go bhfuil caighdeán ard agus atmaisféar dearfach sna scoileanna sin. Mar sin féin, tá an Ghaeilge mar ábhar scoile faoi ionsaí ag cuid den phobal i gcoitinne agus saincheisteanna móra le freagairt. 

Is údar mór imní é go bhfuil fás leanúnach ag teacht ar líon na ndíolúintí Gaeilge a cheadaítear gach bliain. Agus é ag labhairt ar Newstalk Breakfast i mí Dheireadh Fómhair, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuil an ráta díolúintí i ndiaidh fás ó 2% de dhaltaí i 1999 go 11% de dhaltaí anois, agus go bhfuil dhá thrian de dhaltaí meánscoile a díolúintí acu ag déanamh staidéir ar theanga idirnáisiúnta eile. 

Ba mheasa fós an méid a bhí le rá ag an Teachta Dála Aodhán Ó Ríordáin, atá ina urlabhraí oideachais le Páirtí an Lucht Oibre, agus é faoi agallamh ar The Hard Shoulder ar Newstalk an mhí seo caite. Tá riachtanas ann go gcaithfear 60%-70% a bhaint amach sa Ghaeilge ardleibhéal san Ardteistiméireacht le spás a fháil ar chúrsaí Baitsiléir san Oideachas d’ábhair oidí bunscoile, agus d’áitigh Ó Ríordáin gur chor deireadh a chur leis an riachtanas seo, le héagsúlacht na múinteoirí bunscoile sa tír a chur chun cinn.

Mhaígh sé nach gcuirtear mórán béime ar an nGaeilge i scoileanna DEIS nó scoileanna faoi mhíbhuntáiste, agus go gcuireann an riachtanas Gaeilge bac ar dhaoine ón aicme oibre, ón Lucht Siúil agus ó chúlraí imirceach bheith ina múinteoirí bunscoile. Thug sé le fios, ós rud é go mbíonn costas ag baint le ranganna breise agus le cúrsaí Gaeltachta, go mbaineann an teanga leis an meánaicme níos mó ná aon ghrúpa eile. 

Tá fadhbanna á gcruthú ag an méid atá a rá aige, mar go gcruthaíonn sé dearcadh den teanga nach bhfuil fíor. Tá a fhios againn ar fad mar Ghaeil go bhfuil daoine inár bpobal ó gach saghas cúlra, anseo in Éirinn agus i dtíortha ar fud na cruinne. Bhí mé féin thar a bheith maslaithe, mar dhuine den lucht oibre, faoina ráiteas, agus cairde Gaeil agam ó gach cúlra agus aicme atá go diongbháilte ar son na Gaeilge. Mar mhúinteoir bunscoile, tuigim an tionchar a bhíonn ag ráitis mar seo ar mhúinteoirí bunscoile (go háirithe iad siúd nach bhfuil ar son na Gaeilge) agus ag tuismitheoirí atá searbhasach faoin teanga. 

Moladh amháin de chuid an Ríordánach ná gur chor an dualgas a chur ar choláistí oiliúna cinntiú go mbeidh an bhonnlíne chéanna sa Ghaeilge ag gach ábhar oide sula gcríochnaíonn siad a gcuid staidéir, seachas iarraidh orthu an bhonnlíne a bhaint amach sula dtosaíonn siad ar chúrsa oiliúna. 

Tá an méid seo bunaithe ar an mbuntuiscint go ndéanann gach múinteoir bunscoile cúrsa ceithre bliana, ach mar a thuigeann Aodhán Ó Ríordáin mar iarmhúinteoir bunscoile, níl gach cúrsa oiliúna mar an gcéanna. Cuireann na coláistí oiliúna do mhúinteoirí bunscoile (Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath; Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Campas Phádraig; Coláiste Mhuire Gan Smál i Luimneach; agus Roinn Froebel don Bhun- agus Luathoideachas in Ollscoil Mhá Nuad) cúrsa lánaimseartha ceithre bliana ar láthair, nó an Baitsiléir san Oideachas, ar fáil d’ábhair oidí, agus tá cúrsa B. Oid. trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil in Institiúid Oideachais Marino. 

Tá cúrsa iarchéime lánaimseartha ar láthair, ar a dtugtar an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas, ar fáil ó na coláistí oiliúna sin chomh maith. Is féidir cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain ar líne a dhéanamh le Hibernia chomh maith. Nuair a mhaíonn an Ríordánach gur chor do choláistí oiliúna cinntiú go mbeidh an bonnleibhéal céanna ag a gcuid ábhair oidí, tá sé go hiomlán dodhéanta.

Ní féidir an méid ionchur céanna sa Ghaeilge a thabhairt sna cúrsaí ar fad, agus tá sé go hiomlán neamheiticiúil iarraidh ar choláistí oiliúna agus brú a chur ar ábhair oidí seo a bhaint amach. Mar sin, feictear dom go bhfuil géarghá leis an riachtanas Gaeilge sula dtosaíonn ábhair oidí ar chéim sa mhúinteoireacht. Ní hamháin sin, ach bheinn den tuairim gur gá breis deiseanna a chur ar fáil freastal ar chúrsaí Gaeltachta, anuas ar an méid atá ar fáil d’ábhair oidí cheana féin, agus go bhfuil gá le hanailís agus caighdeánú a dhéanamh ar an ionchur a chuirtear ar fáil d’ábhair oidí, má chuirtear deireadh leis an riachtanas 60%-70% san Ardteistiméireacht. 

Cheana féin, tá líofacht agus muinín na múinteoirí bunscoile sa tír seo ar réimse an-leathan, nach bhfeictear le hábhair eile ar nós Béarla agus mata. Caithfimid dul i ngleic leis seo, chun na deiseanna is fearr a chur ar fáil dár ndaltaí. Tá roinnt mhaith daoine tar éis moladh gur chor múinteoirí ar cuairt le hardchumas Gaeilge a thabhairt isteach, a dhéanfadh ceachtanna rialta i réimse ranganna, mar a dhéantar sa Bhreatain Bheag. Ní bheinn go hiomlán ina choinne seo, a fhad is go gcinntítear go bhfuil Gaeilge neamhfhoirmiúil a chothú taobh amuigh de ranganna Gaeilge, agus go ndéanfar measúnú rialta ar na páistí, le cinntiú go bhfuil siad a mhúineadh ag an leibhéal ceart. 

Thar aon rud eile, tá athbhreithniú de dhíth ar na tosaíochtaí a fheicimid sa Ghaeilge i mbunscoileanna agus meánscoileanna. Cé go bhfuil 40% de mharcanna Gaeilge san Ardteistiméireacht bunaithe ar an scrúdú cainte, cuirtear i bhfad níos mó béime ar scileanna léitheoireachta agus labhartha i bhformhór na meánscoileanna ina bhfuil Béarla mar an chéad teanga labhartha agus teagaisc. 

Foghlaimítear aistí agus freagraí de ghlanmheabhair go rímhinic, agus déantar dearmad orthu nuair atá an scrúdú thart. Má táimid chun ardchumas labhartha a chothú, caithfimid plé leis an nGaeilge mar theanga labhartha sóisialta. Ghlacfadh sé infheistíocht shuntasach ón rialtas, ach ba chor leathnú amach a dhéanamh ar líon na scoláireachtaí Gaeltachta, clubanna óige Gaeilge agus an scéim campaí samhraidh atá ar fáil do scoileanna DEIS. Tá sé fíordheacair líofacht a bhaint amach i dteanga mura bhfuil sí á húsáid go sóisialta, agus mar atá a fhios againn ar fad mar Ghaeil, is pobal thar a bheith sóisialta muid.