Is deacair creistint in ‘Creidim Ionat’

D’fhógair Foras na Gaeilge agus RTÉ inniu go bhfuil an feachtas “nuálaíoch agus comhoibríoch” a sheol siad os cionn míosa ó shin “ag tarraingt chun críche” anois agus go ndeachaigh an feachtas bolscaireachta ar son na Gaeilge “i bhfeidhm go náisiúnta agus ar fud an domhain”. 

Ach is deacair dom creistint in “Creidim Ionat”. Seoladh an feachtas ar an 17 Deireadh Fómhair agus é mar aidhm ag lucht a eagraithe “úsáid laethúil na Gaeilge” a chothú. Tá a dheireadh tagtha anois leis an ngné ba mhó den fheachtas – is é sin le rá go bhfuil an beart déanta ag an triúr mor le rá a bhí páirteach ann: Marty Morrissey, Michael Fry, agus Marissa Carter. Cé gur dócha gur éirigh leo aird éigin a tharraingt ar an nGaeilge, tá sé ag cinneadh ormsa mórthairbhe an fheachtais a fheiceáil. 

Maíonn Foras na Gaeilge gur ghlac an pobal ar líne ó gach cearn den chruinne páirt sa bhfeachtas agus go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar dhaoine “i gcéin agus i gcóngar”. 

“Tá Creidim Ionat tar éis dul i bhfeidhm ar dhaoine i gcéin agus i gcóngar, le 4.3 milliún duine sroichte ar líne i dtrí thír is ochtó, a raibh de thoradh air trí mhilliún is ochtó imprisean agus 1.3 milliún amharc físeáin ar líne go dtí seo. 

“Ba é an aidhm leis an tionscnamh nuálach comhoibríoch feasacht leitheadach ar an nGaeilge a chothú. Ó seoladh é, tá an pobal agus daoine cáiliúla ag tacú le chéile le heolas, leideanna, agus spreagadh chun muinín a fháil le Gaeilge a labhairt,” a dúradh bpreasráiteas a d’eisigh an Foras inniu. 

Tá cuma an-mhaith ar na staitisticí sin, cinnte, ach an bhfuil tábhacht ag baint leo? Tuigeann muid uilig cén chaoi a n-oibríonn na meáin shóisialta agus cén chaoi ar féidir na cleasa a  bhaineann leo a úsáid le figiúirí móra a dhallann fógróirí agus lucht margaíochta a chur amach. Céard is brí le ‘duine a shroicheadh’ nó ‘imprisean’ ach gur tháinig do rud aníos ar an amlíne – cúpla uair i gcás na n-imprisean. Mar a chéile an scéal le ‘amhairc físeáin’ – thosaigh an físeán ag casadh ar leathanach baile duine.

Chaith mé súil ar an haischlib #CreidimIonat ar na hardáin éagsúla ar na meáin shóisialta agus bhí scéal eile ar fad ann, dar liom. Ní fhaca mé mórán cainte ón ngnáthdhuine ar an haisclib, agus sa gcorrchás a bhí sé in úsáid ag daoine nach bhfuil baint éigin acu leis an bhfeachtas, ba ag cur isteach ar chomórtais a bhí siad den chuid is mó. Ó bheith ag caint le cairde, idir chainteoirí laethúla Gaeilge agus chainteoirí Béarla, is beag duine a bhí ar an eolas faoin bhfeachtas fiú nó a thuig go díreach céard a bhí i gceist leis.

Bhí mé in amhras faoi luach Creidim Ionat fiú sular foilsíodh na staitisticí sin inniu, mar sin fágfaidh muid inár ndiaidh iad. Seo é an tríú nó an ceathrú feachtas Gaeilge dá leithéid ó RTÉ le mo chuimhne-se. Bhí mé i mo dhéagóir óg nuair a tháinig Turas Teanga amach, bhí mé beagáinín níos sine nuair a tháinig Des Bishop go Cois Fharraige leis an nGaeilge a fhoghlaim, agus bhí mé sa gcoláiste nuair a thosaigh Bernard Dunne an Bród Club

Tá an fhadhb seo ann i réimsí eile de shaol na Gaeilge: caitear airgead mór ar rud, déantar scéal mór de, tagann deireadh leis agus ní dhéantar anailís cheart ar na torthaí – agus cúpla bliain ina dhiaidh déantar an rud céanna arís as an nua. 

Fuair mé boladh an Gaelwashing ar an bhfeachtas an babhta seo agus mé cinnte go luafar Creidim Ionat i dtuarascáil éigin de chuid RTÉ faoi na rudaí móra maith atá déanta acu ar son na Gaeilge i mbliana. Is deas an brat é “4.3 milliún duine” le haighneas pá le hiriseoirí Raidió na Gaeltachta nó easpa cláracha Gaeilge ar an teilifís agus an raidió a chlúdach.

Feictear dom gurbh fhearr do RTÉ agus d’Fhoras na Gaeilge araon a gcuid acmhainní a chaitheamh ar thograí níos fiúntaí agus níos fadtéarmaí leis an nGaeilge a chur chun cinn ná ar fheachtais dá leithéid. Tá muid ag fanacht go fóilleach ar chlár popcheoil lán-Ghaeilge ar an RTÉ 2fm ó fógraíodh go mbeadh ceann ann i mí na Nollag 2015 (seacht mbliana ó shin). Is iomaí rud eile a d’fhéadfadh RTÉ a dhéanamh a “chothódh úsáid laethúil na Gaeilge” – idir rudaí a bheadh dírithe ar dhaoine gan Ghaeilge agus cainteoirí líofa araon.

Níor mhaith liom go gceapfaí gur ag tabhairt fogha faoi rannpháirtithe an fheachtais atá mé ar chor ar bith. Tá meas agam ar na triúr fostaithe de chuid RTÉ a bhí páirteach sa rud – Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn – agus ar na rudaí a dhéanann siad ar son na Gaeilge i réimsí eile dá ngairm. Agus tá meas agam ar an triúr eile a ghlac páirt ann freisin – Michael Fry, Marty Morrissey, agus Marissa Carter – as a n-aistear teanga a chur i gcrích agus as níos mó Gaeilge a úsáid ina gcuid oibre.

Níl ann ach nach bhfaca mé gur éirigh le Creidim Ionat a spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach – gnáthchainteoirí Béarla a chur ar thuras teanga dá gcuid féin agus tacú leo é sin a dhéanamh – agus go bhfuil snas lom corparáideach ar an rud ar fad. 

SCÉALTA EILE