‘Is é a ainm an ghné fhéiniúlachta is bunúsaí atá ag duine’

Is cuimhin liom nuair a shroich mé Meiriceá chun malartú ollscoile a dhéanamh in 2013, chuir an tiománaí ollscoile comhairle orm: “You should consider picking an American name while you’re here,” a dúirt sí liom.

Is cinnte nach raibh aon drochmheas i gceist — thuig sí go mbeadh fadhbanna agam le m’ainm agus mé sa tír sin. Níor thuig sí, áfach, go mbíonn fadhbanna agam i gcónaí leis, i mo thírín féin fiú.

Bíonn an scéal céanna ag gach uile dhuine ar domhan a bhfuil ainm Gaelach air. Gach uile Aoife a théann chuig an Astráil, bíonn deacrachtaí aici. Rachaidh Aoibhinn ar scoil, agus cuirfear Eva uirthi. Cuirfidh Ruairí foirm na mótarchánach isteach, agus tiocfaidh sí ar ais agus Rory scríofa uirthi. Ceannóidh mise, Gearóidín, ticéad traenach agus beidh ‘Gear¨/”?oid[*(/’’in’ scríofa os mo chionn ar feadh an turais. Bíonn deacrachtaí againn lenár n-ainm i gcónaí. 

Agus mé ag déanamh taighde ar chainteoirí mionteanga, rinne mé roinnt agallamh le daoine le Gaeilge, ag lorg eolais ar an taithí a bhí acu leis an gcóras dlí, leis na cúirteanna agus leis na Gardaí. 

Chuir mé agallaimh ar dhaoine le Gaeilge ag ar dhaoine bodhra a úsáideann Teanga Chomharthaíochta na hÉireann. Chuaigh an taighde i dtreo cúrsaí féiniúlachta, agus tháinig téama chun cinn a bhain leis an gcoimhlint idir an fhéiniúlacht phearsanta agus an fhéiniúlacht  a bhrúnn an tsochaí ar an duine aonair.

Tríd an anailís sin, nochtach rud suimiúil nach rabhas ag tnúth leis. Agus iad ag plé na taithí a bhí acu leis na Gardaí, na cúirteanna nó leis an tsochaí ar fad, luaigh roinnt de na hagallaithe fadhb a bhí acu lena n-ainm. 

Rinne siad cur síos ar chásanna nár ghlac na Gardaí le hainm Gaeilge, agus nuair a cuireadh iallach orthu ainm Béarla a thabhairt ina ionad. Phléigh siad breithiúna a bhí ag tnúth le slíbhín nó duine achrannach a bheith ós comhair na cúirte toisc go raibh ainm Gaelach ag an gcosantóir. Gan amhras, bhí spéis agam sna sonraí sin go pearsanta.

Thosaigh mé ag fiafraí díom féin “cén fáth a bhfuil sé chomh coitianta sin?” agus “an bhfuil níos mó i gceist leis an bhfeiniméan ná deacrachtaí fuaimnithe?”

Cinnte, ní hé go dtarlaíonn an feiniméan seo in Éirinn amháin ná i gcás ainmneacha Gaelacha amháin 

Feictear é le daoine a bhfuil ainmneacha neamhAnglacha neamhgheala orthu, ainmneacha nach dtagann as an Iarthar. Dar liomsa, tá cosúlacht ann le cás na ndaoine trasinscneacha chomh maith, agus an nós ‘deadnaming’ a tharlaíonn leo: nuair a chuireann duine an seanainm a bhí orthu roimh an athrú gnéis. 

Is dóigh liomsa go bhfuil cumhacht i gceist. An duine a bhfuil cumhacht agus pribhléid aige ag iarraidh athrú agus smacht a chur ar fhéiniúlacht an duine eile.

I gcás ainmneacha Gaelacha, measaim go bhfuil iarchoilíneachas agus uirísliú stairiúil na Gaeilge i gceist freisin. Glacaimid, mar shochaí, leis an nGaeilge mar theanga mhaisiúil — is féidir í a úsáid chun óráid a thosú, chun ‘céad míle fáilte’ a rá ag an aerfort agus mar sin. Ach nuair a bhíonn tú ag baint úsáide aisti chun gnó a dhéanamh, nó chun saol a chaitheamh, is duine achrannach thú. 

Ní ghlacann an tsochaí leis an nGaeilge mar fíortheanga úsáideach. Mar sin de, cuirfear ‘Paul’ ort seachas ‘Pól’. Ní fíor ainm é ‘Pól’, de réir an dearcaidh sin.

Bítear i gcónaí ag iarraidh ár n-ainmneacha a athrú, a fheabhsú, a chomhtháthú, a Bhéarlú. 

Cuirtear an cheist orainn ‘nach bhfuil leasainm ort?’ nó ‘an féidir liom [cuir ainm mícheart Béarla anseo] a chur ort in ionad d’ainm?’. 

Tá an duine nó an institiúid ag iarraidh ainmneacha ‘deacra’ a athrú chun go mbeidh siad in ann glacadh leo, gan meas a léiriú ar an duine aonair nó ar a chultúr. I ndáiríre, an rud atá i gceist ná smacht a chur ar an ngné fhéiniúlachta is bunúsaí atá ag duine — a ainm. 

SCÉALTA EILE