Dar le tuairisc a foilsíodh le déanaí sa Bhreatain, tá ardú ag teacht ar líon na ndaltaí ar an mbunscoil agus meánscoil araon a bhfuil easnamh foclóra orthu.
Ceann de na príomhchúiseanna a luaitear leis seo ná go bhfuil an léitheoireacht ar mhaithe le pléisiúir imithe i léig i measc na n-óg le roinnt blianta anuas agus iad ag iompú ar ghléasanna leictreonacha. Ní ag léamh Shakespeare atá siad ar an idirlíon, ach ag breathnú ar fhíseáin nó ag labhairt lena chéile ar na meáin shóisialta formhór an ama.
Cúisíonn easnamh foclóra drochiompar, easpa féinmhuiníne agus cruthaíonn sé deacrachtaí do dhaltaí cairde a dhéanamh. Anuas air sin, cuireann sé bac orthu teacht i dtír ar an gcuraclam.
Meastar gur gá timpeall 95% d’fhoclóir téacs a bheith ar eolas againn chun é a thuiscint i gceart — é sin nó tagann frustrachas agus leadrán orainn agus éirímid as a bheith á léamh. Mura dtuigimid 5% den fhoclóir, tá orainn timpeall 5 fhocal ar gach leathanach a chuardach san fhoclóir, rud atá fadálach, míthaitneamhach agus tuirsiúil, go háirithe do dhaltaí nach mbíonn fonn mór léitheoireachta orthu ar an gcéad dul síos.
Is fadhb mhór é an díth foclóra i measc daltaí sa Ghaeilge freisin. Fiú daltaí a bhaineann ardmharc amach sa teanga san Ardteist, bheadh orthu stró a chur orthu féin úrscéalta comhaimseartha a léamh sa teanga. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ag teip orthu saibhreas foclóra a thabhairt leo ar scoil.
Ar ndóigh, bíonn foclóir níos saibhre ag cainteoirí dúchais agus daltaí Gaelscoile, ach tá daltaí ó gach cúlra thíos leis an gcúngú foclóra.
Ní mór dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige atá againn i gcás theagasc an fhoclóra. Conas is féidir linn an easnamh foclóra na ndaltaí a chúiteamh?
Rud amháin a d’fhéadfadh múinteoirí a dhéanamh chun an scéal seo a leigheas ná focail a roghnú de réir a thairbhí nó a úsáidí atá siad do dhaltaí agus teagasc follasach a dhéanamh orthu dá réir. De ghnáth is gá focal nua a fheiceáil timpeall sé huaire sula dtugann tú leat i gceart é, rud a chiallaíonn gur gá cur chuige córasach, pleanáilte a bheith againn le cinntiú go bhfeiceann na daltaí na focail rialta go leor i gcomhthéacsanna éagsúla.
Céard iad na focail is tábhachtaí ar cheart dúinn díriú orthu?
Sa leabhar Bringing Words to Life: Robust Vocabulary Instruction roinneann Isabel Beck focail i dtrí chatagóir nó i dtrí “shraith” éagsúla de réir dheacracht agus mhinicíocht na bhfocal, ag tosú leis na cinn is éasca agus is minice a fheictear sa teanga.
Is focail a thagann aníos go minic sa chaint — bord, go mall, scríobh, uafásach — iad na focail atá i Sraith 1, tagann focail atá i Sraith 2 aníos go minic i dtéacsanna scríofa — saonta, cráifeach, claonta, díograiseach, agus ní fheictear focail atá i Sraith 3 ach amháin sa teanga acadúil a bhaineann le sainábhar faoi leith — osmóis, triantánach, onamataipé.
Tabharfaidh daltaí leo focail Shraith 1 i ngan fhios dóibh trí rudaí simplí a léamh agus a chloisteáil. Tá an tríú sraith lán focal neamhchoitianta a bhaineann le réimsí speisialaithe, agus ní gá do mhúinteoirí Gaeilge bheith ró-bhuartha fúthu.
Is é Sraith 2 an chatagóir focal is tábhachtaí do mhúinteoirí Gaeilge, óir baineann sé le focail a fheictear i raon leathan réimsí agus atá ag teastáil chun saibhreas teanga agus cumas sofaisticiúil cainte a bhaint amach. Cabhraíonn na focail seo le daltaí teacht isteach ar theanga acadúil na dtéacsleabhar agus nuachtáin mhórbhileoige agus irisí a thuiscint. Tá sé tábhachtach go mbeadh daltaí in ann a leithéid de théacsanna ardchaighdeáin a léamh chun páirt a ghlacadh sa saol cultúrtha agus polaitiúil.
Dá múinfí na focail is tairbhí i ngach ábhar ar bhealach córasach mar seo, d’éireodh linn cuid den bhearna foclóra a líonadh.