Is minic a chuirtear i mo leith gur saoithín gramadaí mé, duine arb é ceart na gramadaí an chloch is mó, is troime ar a phaidrín. Níl mé míshásta ná easaontach leis an líomhain seo — iad siúd a thugas an bhreith seo orm, admhaím faoi chroí mhór mhaith go bhfuil iomlán an chirt acu. Ach ní le haon duine a chéasadh a chuaigh mé leis an tsaoithíneacht seo, nó tá cúiseanna maithe agam leis, agus beidh mé á ríomh is a reic anseo thíos.
Tháinig coincheap an Grammar Nazi – a aistrím mar ”shaoithín gramadaí” san alt seo – ó shaol an Bhéarla, agus tá mé admhálach go bhfuil ciallmhaireacht áirithe ag baint leis i gcomhthéacs an Bhéarla.
Is eol do chách go bhfuil a lán réamhchlaontaí coitianta faoin rud is ”dea-Bhéarla” ann bunaithe ar ghramadach na Laidine, ach ar ndóigh is dhá theanga dhifriúla iad an Laidin agus an Béarla, agus níl siad fiú ar aon chraobh le chéile i gcrann ginealais na hInd-Eorpaise.
Mar sin tá sé áiféiseach ar fad a rá, mar shampla, ”nach bhfuil sé ceadaithe infinideach a scoilt” sa Bhéarla. Aon fhocal amháin é an t-infinideach sa Laidin, agus ar ndóigh ní féidir é a ”scoilt” ar aon nós. Sa Bhéarla áfach is cuid den chaint nádúrtha é “an t-infinideach scoilte”, rud is léir do lucht adhartha an Star Trek le fada, agus níl sé deacair teacht ar infinidigh scoilte sa tSualainnis ach an oiread.
Tá sé ríthábhachtach, áfach, difríocht shuntasach a aithint idir cás an Bhéarla agus cás na Gaeilge. Tá an leagan saintreorach den Ghaeilge bunaithe ar chleachtais na gcainteoirí deireanacha aonteangacha. Níorbh iad na mionmháistrí scoile a bhí ag síleadh an domhain díobh féin a chum ná a cheap é. Ba é caint na ndaoine é.
Má thugaimid urraim do theanga Shéamuis Uí Ghrianna agus Pheig Sayers, is é is cúis leis sin nach bhfuil an teanga sin bunaithe ar thuiscint mháistir scoile na Laidine ar an rud is dea-Ghaeilge ann.
Bímid ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an teanga sin toisc gurb í fíortheanga na sean-Ghaeltachta í agus í bunaithe ar an rud is cosúla le traidisiún liteartha seanbhunaithe i gcultúr na gcainteoirí dúchais nach bhfuil léamh ná scríobh a dteanga féin acu — teanga na béal-litríochta, is é sin teanga na scéalaithe is na seanchaithe.
Sinne, mo leithéidí nach bhfuil Gaeilge ó dhúchas againn, caithfidh muid Gaeilge a fhoghlaim ó chainteoirí dúchais – na scéalaithe is na seanchaithe san áireamh a bhfuil a gcuid scéalta ar fáil faoi chlúdach leabhair, chomh maith le cainteoirí dúchais ar tháinig leabhair óna bpeann, cosúil le Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna, Máirtín Ó Cadhain, agus údair na ndírbheathaisnéisí Gaeltachta, nach bhfuil i bPeig ach bean acu.
Bhí a gcaighdeán féin ag na scríbhneoirí seo, caighdeán a bhí bunaithe ar an tuiscint dhúchasach. Dúirt an Cadhnach, tráth, gurb as an mbéaloideas a fáscadh é féin. Scéalaithe tíre a bhí i muintir Fheidhlimí Dhónaill Phroinsiais – muintir Sheosaimh Mhic Ghrianna agus Shéamuis Uí Ghrianna – agus seanchaí mná den tseandéanamh a bhí in Annie Bhán, deirfiúr Sheosaimh agus Shéamuis.
Ba chóir stad de bheith ag insint drochscéilíní magaidh faoi Pheig, nó ní chuirfí Peig os comhair na bhfoghlaimeoirí ach cúis mhaith a bheith leis — guth údarásach de chuid na Gaeltachta í, ós scéalaí dúchasach traidisiúnta í, agus mar sin, guth údarsach de chuid na hÉireann réamh-Ghalldachais í.
Ní bhfaighinn locht ar bith ar Pheig ach an meas a bheith uirthi gurb ionann ise agus traidisiún na Gaeltachta go léir; ina ionad sin ba chóir dúinn gach cineál ábhar dúchasach ón nGaeltacht a léamh, na dírbheathaisnéisí, an béaloideas agus an ficsean san áireamh.
Is é is impleacht dó sin ná go mba chóir dúinn súil chriticiúil a chaitheamh ar an tsluaghairm úd ”is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste”. Ní féidir liom a rá nach bhfuil cuid mhór den fhírinne ann, ach san am chéanna b’fhearr liom aguisín beag a chur leis: ”…ach is í an Ghaeilge chliste is fearr”.
Cé go dtuigim a gcás siúd atá ag iarraidh daoine nach bhfuil an teanga ach go lagmheasartha acu a spreagadh chun Gaeilgeoireachta, agus iad ag tabhairt ugaigh do lucht an chúpla focal agus na Gaeilge briste leis an tsluaghairm áirithe seo, tá mé buartha faoi thodhchaí na teanga i ré na Gaeilge briste.
Is é an buaireamh sin a rinne ”Naitsí Gramadaí” díom féin. San am chéanna, áfach, tuigim nach í an chriticeoireacht ghramadúil an dóigh is fearr le trúpaí na Gaeilge a threorú. Más eol dom céard is dea-Ghaeilge ann, is fearr dom scríbhneoireacht a chleachtadh sa chineál sin Gaeilge – beart a chur leis an mbriathar, nó dul ar thús cadhnaíochta, in áit a bheith ag tabhairt orduithe ón leataobh.