Fógraíodh inniu go gcuirfear Gaeilge na hAlban le liosta na dteangacha atá ar fáil ar an aip foghlama teanga Duolingo.
Tuairiscíodh ar NÓS le linn an tsamhraidh go raibh cúrsa Gàidhlig á réiteach ag an aip mhóréilimh tar éis do Ghaeil na hAlban feachtas a eagrú mar gheall air, agus is bua mór dóibh é an chéim is déanaí seo sa phróiseas.
Is ag an Mòd Nàiseanta (leagan na Gàidhlig d’Oireachtas na Samhna, a bheag nó a mhór), atá ar siúl i nGlaschú an tseachtain seo, a rinneadh an fhógairt agus cuireadh fáilte mhór roimh an nuacht ag an bhféile féin agus ar na meáin shóisialta.
See Scotland in full colour and know your Clan from your Quaich. Scottish Gaelic is coming soon to Duolingo!
— Duolingo (@duolingo) October 17, 2019
Sign up to be the first to have access to the new, free course that is made in 🏴 https://t.co/Ux3L8NwVIX pic.twitter.com/dc7QiaKLM3
Ar ndóigh cuireadh an Ghaeilge ar fáil ar Duolingo i mí Lúnasa 2014: ó shin chláraigh breis agus ceithre mhilliún duine don chúrsa sin agus úsáideann beagán níos mó milliún duine é go rialta.
Daoine atá lonnaithe thar lear atá i gcuid mhór de na húsáideoirí sin agus beidh súil ár gcomrádaithe Gaelacha go mbeidh siad in ann diaspóra na hAlban a mhealladh ar an dóigh chéanna.
“An t-oideachas a chur ar fáil do chách saor in aisce agus go spraíúil, sin an sprioc atá againn,” arsa Colin Watkins, bainisteoir Duolingo in Albain.
“Tá súil againn go mbeidh gach duine ar mhaith leo borradh a chur faoi Ghaeilge na hAlban ag roinnt an chúrsa lena gclann agus lena gcairde.
“Níl le déanamh agat ach sos cúig nóiméad a thógáil ón scrollú agus tosú ar rud éigin tairbheach a dhéanamh le do chuid ama, rud a chabhróidh le fás na Gàidhlig in Albain agus ar fud an domhain ag an am céanna.”
Seoladh Duolingo in 2011 agus faoi láthair tá níos mó ná 300 milliún úsáideoir ag foghlaim thart ar 90 teanga, teangacha mionlaithe ina measc.
Is féidir clárú don chúrsa i nGaeilge na hAlban anseo – cén fáth nach mbainfeá triail as!