‘Is focal Béarla é ‘mammy’ a tháinig chugainn ó Shasana’

Arís eile tá an ‘pobal eile’ san oileán seo (ní na haontachtaithe ach lucht labhartha an Bhéarla) in adharca a chéile le Meiriceánaigh ar na meáin shóisialta faoi rud éigin nach dtuigeann ceachtar acu i gceart.

Ní labhraím an Béarla ar Twitter. Níl spéis dá laghad agam a bheith páirteach in “Irish Twitter” agus thar rud ar bith eile níl fonn orm aird a tharraingt orm ó thíortha eile. Mar sin féin, ní féidir éalú ón “Irish Twitter” céanna ó am go chéile, agus bhí míle murdar ann ar an amlíne ar maidin agus Béarlóirí na hÉireann agus Béarlóirí Mheiriceá sna trinsí.

Íomhá de t-léinte a raibh an mana “Mammies for Trans rights” agus an trasbhratach orthu a tharraing an t-achrann agus muintir Mheiriceá ag cur i leith na nÉireannach gur cinígh gan náire iad agus téarma a thagraíonn do sclábhaithe gorma i Meiriceá á n-úsáid acu.

Ní gá dom a mhíniú do léitheoirí NÓS go gciallaíonn an focal ‘mammy’ ‘máthair’ i mBéarla na hÉireann ach is cinnte gur gá a rá le muintir na hÉireann nach focal gaelach é ‘mammy’ ná baol air.

Tá fianaise an-láidir ann gur anoir ón mBreatain a tháinig an focal go hÉirinn an chéad uair, tríd an mBéarla, agus isteach sa nGaeilge ina dhiaidh sin. Is focal Béarla é ‘mammy’ a tháinig chugainn ó Shasana agus a gaelaíodh in imeacht aimsire, ní a mhalairt mar atáthar a mhaíomh ar na meáin shóisialta le lá anuas.

Tá an focal ar ‘máthair’ i mbeagnach chuile theanga Ind-Eorpach bunaithe ar an bhfréamh céanna sin ‘ma’ – an dá theanga is mó a luaitear le teangacha iarthar na hEorpa ina measc, an Laidin (mamma) agus an Ghréigis (mamme). Bhí ‘mama’ ag na Peirsigh, tá ‘mama’ ag na Rúisigh, tá ‘maman’ ag na Francaigh, agus tá ‘mam’ féin ag muintir na Breataine Bige agus tuaisceart Shasana.

Tá an t-uafás giolcanna feicthe agam ó mhaidin ó Éireannaigh nach bhfuil mórán níos mó ná ‘an bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?’ ina mbéal acu ar a ndícheall a mhíniú do na Poncáin gur focal ársa gaelach é ‘mamaí’ agus gur as sin a d’eascair an téarma ‘mammy’ i mBéarla na hÉireann.

Níl aon rian den fhocal sa mBéarla go dtí an 13ú hAois agus is ‘seanmhná’ nó ‘aintíní’ atá i gceist sna chéad tagairtí sin –  ‘mome’. Sna 1520idí a rinneadh taifead den chéad uair den leagan ‘mammy’ i Sasana agus ní go dtí na 1784 a taifeadadh an leagan is mó a shamhlaítear leis an tír sin anois ‘mummy’.

Tá an chaint atá ar líne ar inniu feicthe agam chuile shé mhí ar na meáin shóisialta nuair a bhíonn Béarlóirí an oirthir ag spochadh as Béarlóirí an iarthair mar gheall ar an bhfocal ‘mom’ – gur “ón nGaeilge” a tháinig ‘mom’ isteach i mBéarla na hÉireann. Ní bheadh iontas orm dá mbeadh a leithéid de ráiteas le feiceáil i leabhar míchlúiteach Daniel Cassidy.

Tháinig an Béarla féin anoir chugainn ón mBreatain agus ní haon ábhar iontais ná náire é gur ón áit sin a tháinig ‘mammy’, ‘mummy’, agus fiú ‘mommy’ chugainn freisin. Baintear de luach agus de thábhacht na Gaeilge nuair a scaiptear ‘fíricí’ míchruinne fúithi ar mhaithe le troid ar líne a ghnóthachtáil in aghaidh na Meiriceánach.

Níl tada mícheart leis an bhfocal ‘mammy’ i gcomhthéacs na hÉireann, ní ón nGaeilge a tháinig sé isteach i mBéarla na hÉireann, agus tá cearta dlite ag an bpobal tras. “Leagaigí lámh ar an bhféar glas” mar a deir an t-aos óg.

SCÉALTA EILE