Is giorra do Ghaeilge na Mumhan atá Gáidhlig na hAlban ná aon chanúint eile

Tá deireadh mhí Lúnasa buailte linn agus is é is ciall leis sin do chuid againn ná cúrsaí saor in aisce Gàidhlig in Sabhal Mòr Ostaig. San Oileán Scítheanach ar chósta thiar na hAlban atá Sabhal Mòr Ostaig suite, coláiste Gàidhlig ar a mbíonn cainteoirí Gaeilge ag triail taca an ama seo gach bliain de bharr deontas bliantúil ó Cholmcille.

Clúdaítear leis an deontas seo táillí an chúrsa, costaisí taistil, cíos na seachtaine, agus an bhracaist ar maidin. Trí Fhoras na Gaeilge is gá cur isteach ar “scéim sparántachta Cholmcille”, agus molaim go mór cur isteach uirthi don mbliain seo chughainn!

Institiúid é Colmcille a bhfuil sé de sprioc aici béim a leagan ar na cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig ar mhaithe leis an gceangal ársa idir Éire agus Albain a chothú. Dar ndó, tá an dá theanga Ghaelacha chéanna an-ghairid dá chéile, agus go deimhin, sa chlár faisnéise filíochta úd Is Mise an Teanga, mhaígh Kevin Anderson nach bhfuil de dhifríocht idir an dá theanga ach “sia cheud facal gu leth”. 

Tá postaeir áille déanta ag Coiste na bhFocal Nua leis an gcuid is tábhachtaí den “sé chéad focal go leith” seo a chur ar shúile an dá phobal teanga. 

Bhí Niteworks ar cheann de bhuaicphointí Fhéile na Gealaí don tarna bliain as a chéile i mbliana, agus is iomaí sin Gael Albanach eile a ráinig thar toinn chughainne d’fhonn freastal a dhéanamh ar an bhféile chéanna. Ní mór comhtharthaí cairdeasa dá leithéid a cheiliúradh agus a chúiteamh. Cé a thiocfaidh i m’fhochairse chomh fada leis an Mód, leagan Gàidhlig den Oireachtas, coicís roimis Oireachtas na Gaeilge?

Ní hannamh “cairde bréagacha” ag teacht idir sinn agus idirthuiscint áfach. Ní “dathúil” is ciall le “dòigheil” i nGaeilge na hAlban mar shampla ach “ceart go leor”. Bíodh a fhios agat mar sin nach mórchúiseach a bheadh an tAlbanach a déarfadh leat gur “dóighiúil” atá sé tar éis duit ceist a chur air cad é mar atá sé. Agus ní duine gan dídean atá i gceist leis an bhfocal ‘bodach’ sa Ghàidhlig, ach seanduine, agus sin uile. Agus ní ‘bruíon’ atá i gceist ach ‘bruidheann’ sa Ghàidhlig, ach ‘labhairt’!

Cén chuma a bhíonn ar an nGàidhlig agus í á labhairt?

Deirtear go minic gur giorra do chanúint Uladh atá Gaeilge na hAlban de bharr cúinsí tíreolaíocha — ní luíonn idir cúige Uladh agus cósta thiar na hAlban ach léibheann gairid mara ar a dtugtar “Sruth na Maoile”. Gan dabht tá dealramh éigin leis an gcaint sin – dála na nUltach, is ‘cha’ agus ‘chan’ a chuirtear mar mhír dhiúltach roimh bhriathar sa Ghàidhlig: “cha dèan na brogan dannsaidh a’ gnothach” mar atá in amhrán le Griogair Labhruidh, agus “chan fhaca mi dannsa measg nan dannsair” i ndán le hAonghas MacNiacail.

Fógraímse go dána anois mar sin féin áfach gur giorra do Ghaeilge na Mumhan atá teanga Ghaelach ár gcomharsan Gael dorais. Cuirim  gcás gur mar ‘v’ a deirtear na cairn chonsan ‘mh’ agus ‘bh’ ó Oileán Bharraigh go Baile Bhuirne, agus ó Mhalaig go dtí an Mhuiríoch. Is é an défhoghar céanna a chloistear sa Mhumhain agus in Albain araon i bhfocail mar ‘ann’, ‘clann’, ‘ceann’, agus ‘beann’ chomh maith.

Ó thaobh forainmneacha de, is ‘mi’ a chloistear in Albain agus sa Mhumhain seachas ‘mé’, agus ní ‘muid’ a fhaightear mar fhorainm don chéad pearsa iolra in Albain, ach ‘sinn’, fé mar a chantar san amhrán traidisiúnta “Tha mo dhúil”: 

Nuair a chuir iad sinn air bòrd, 

anns an òrdugh ‘bu ghrinne,

bha gach fear agus bean ag ràdh

“cha dèan pairt aca tilleadh”

“Ciamar a tha thu” an ghnáthbheannacht i gcanúintí na hAlban, agus tá sé le tabhairt fé ndear sa struchtúr sin gur séimhithe atá an briathar ‘tha’ in Albain – díreach mar a chloistear i gCiarraí agus i bPort Láirge sa lá atá inniubh ann. Agus séimhítear, leis, an saorbhriathar san aimsir chaite in Albain, amhail mar a dhéantar i gcanúint Phort Láirge mar a mbíonn daoine ag rá a leithéid de rud agus “chuireadh an síol”, “bhuaileadh an duine”, agus “thógadh an balla”. 

Níl anseo ach dornán dá bhfuil tugtha fé ndear agam féin! I ndeireadh na dála, aon teanga amháin le ceart is ea canúintí Gaelacha na hÉireann, na hAlban agus Mhanainn, agus is mar sin is gá féachaint orthu. Is féidir cosúlachtaí a aithint idir aon phéirte canúintí ach iad a chur i gcomparáid lena chéile. Ach ná glac uaim féin é – cuir isteach ar sparántacht Cholmchille agus faigh amach duit féin!

SCÉALTA EILE