Tá cúpla mí anois ann ó bhí an dá fheachtas Twitter #nílsécgl agus #tásécgl ar bun ag cainteoirí Gaeilge ar an suíomh meán sóisialta, feachtais a thosaigh an file, agus scríbhneoir de chuid NÓS, Ciara Ní É le haird a tharraingt ar mhíthuiscintí agus ar chlaontachtaí coitianta faoin nGaeilge agus faoi lucht a labhartha.
An deireadh seachtaine seo caite, agus iad spreagtha ag alt frithGhaelach a foilsíodh ar an nuachtan The Herald an tseachtain seo caite, thosaigh cainteoirí Gàidhlig ar fud an domhain ag cur síos ar an taithí dhearfach a bhí acu féin ar an teanga. Ba é Liam Alastair Crouse, cainteoir Gàidhlig as Meiriceá atá ina chónaí in Albain, a chuir tús leis an haischlib maidin Dé hAoine agus é ag maíomh gur ghoill an t-alt a foilsíodh ar The Herald air agus gur cheart cainteoirí mionteanga, ar nós cainteoirí Gàidhlig in Albain, a chosaint faoin reachtaíocht in aghaidh na fuathchainte.
I’m an American living in Uist. I speak #Gaelic daily, both at work and in the community, having studied it at @EdinburghUni #IsMiseGàidhlig
— Liam Alastair Crouse (@LiamAlastair) 27 Aibreán 2018
Dúirt Liam leis an BBC go bhfuiltear ag caitheamh anuas ar Ghaeil na hAlban le fada an lá ar na meáin chumarsáide sa tír sin agus ainneoin go bhfuil rudaí maithe ag tarlú ó thaobh na Gàidhlig de, ar nós na scoile nua lánGhàidhlig a osclaíodh an mhí seo, is minice a fheictear cáineadh ar na meáin Bhéarla ná moladh.
Dúirt sé gur spreag alt Bhriain Beacom ar The Herald é a scéal féin maidir leis an nGàidhlig a inseacht ar Twitter agus d’eascair feachtas a raibh na mílte duine páirteach ann as an gcéad ghiolc sin a sheol sé.
Bhí idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí, “nua-chainteoirí” mar a chuir siad síos orthu féin, dhaoine a raibh spéis acu sa teanga agus sa gcultúr, agus dhiaspóra na hAlban páirteach sa bhfeachtas agus seoladh na mílte giolc inar cuireadh síos ar an taithí éagsúil a bhí ag na daoine sin uilig ar an nGàidhlig.
I live in Melbourne, Australia. I started learning Gaelic in 2000 (mother was MacKay) by distance education. I have won singing prizes at the Mod and spoken in Gaelic on Gaelic media. I use Gaelic everyday and learning it was one of the best decidions I ever made #IsMiseGàidhlig
— Ronald McCoy (@drraghnall) 28 Aibreán 2018
Ó chuir Liam tús leis moch maidin Dé hAoine, níl áireamh ar líon na ngiolcacha a seoladh agus táthar fós á seoladh ina gcéadta inniu féin.
I was made in Gaelic, born to Gaelic and grew with Gaelic. Gaelic was the language of my people and my village. I work, play, write, sing, dream and pray in Gaelic and it’s now found on the tongues of my daughters and son. Speak ill of Gaelic – speak ill of me! #IsMiseGàidhlig
— Ryno Morrison (@RynoMoireasdan) 29 Aibreán 2018
Tá formhór mhór na ngiolcacha á gcur amach i mBéarla ach tá roinnt mhaith á seoladh i nGàidhlig féin, i nGaeilge na hÉireann agus, go deimhin, i nGaelg Mhanann chomh maith.
I’m an Irish language speaker intent on doing a course in the beautiful Gàidhlig seeing as I’m kind of halfway there! Learning Gaeilge/Gàidhlig is part of the aesthetic of life and a fulfilling way of opening your mind.
Love culture. Enjoy life!
— Stiofán Ó Fearail (@stiofanofearail) 30 Aibreán 2018
Bannaghtyn voish Mannin da ooilley yn sleih ta son yn çhengey. No #Gaidhlig at me but plenty of #Manx #Gaelg
Good luck from #isleofman #IsMiseGàidhlig— Greinneyder (@greinneyder) 28 Aibreán 2018
Dúirt Liam gur “teachtaireacht mhaith dhóchasach” a bhí i líon na dteachtaireachtaí dearfacha a seoladh faoin haischlib #IsMiseGàidhlig i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus gur léiríodh go bhfuil fairsinge na gcainteoirí Gàidhlig ar fud na cruinne agus go bhfuil comhluadar agus lucht tacaíochta aici freisin, cé nach cainteoirí Gàidhlig iad na daoine sin.