Bhí an-suim agamsa riamh in Éirinn agus ina cultúr, mar a bhíonn ag go leor Meiriceánach a bhfuil oidhreacht Ghaelach acu. Má tá cuma an steiréitíopa leamh air sin, seans maith gurb ea. Ach cúpla bliain ó shin rinne mé an cinneadh céim mhór a thabhairt, nasc le hoidhreacht mo mhuintire a aimsiú, agus an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá sé seo trí oiread níos deacra mar tá cónaí orm sa Ghearmáin faoi láthair.
Bhíodh mé ag cur fúm in Berlin, agus shíl mé go mb’fhéidir go mbeadh roinnt cainteoirí Gaeilge ansin. Rinne mé iarracht áit a aimsiú a mhúinfeadh an Ghaeilge, ach níor aimsigh mé tada ach Ciorcal Comhrá a chruinnigh gach ré seachtain. Cé gur mhór an fháilte a cuireadh romhamsa, foghlaimeoir, níorbh é an córas foghlama a bhí uaim.
Níos deireanaí an bhliain sin, tar éis dom aistriú go Hamburg, d’aimsigh mé grúpa beag daoine a bhí ag foghlaim na Gaeilge agus a tháinig le chéile gach Luan do cheachtanna in íoslach tí tábhairne.
Ba as gach cearn den domhan iad: Ceanada, Sasana, an Ghearmáin, an Chasacstáin, agus Éire, agus ba í a spéis agus a ngrá don Ghaeilge a thug le chéile iad. Ba tríd an ngrúpa seo a spreagadh mo spéis sa teanga agus chultúr tuilleadh, agus tá mé tar éis tosú ag imirt camógaíocht leis an gcumann áitiúil in Hamburg.
Cé gur chabhraigh an grúpa iontach seo mo ghrá don Ghaeilge a chothú, bhí mé ag iarraidh dul níos faide agus dúshlán a thabhairt dom féin iarracht a dhéanamh a bheith ag caint faoi níos mó ná mo chaitheamh aimsire agus na rudaí a dhéanaim ag an deireadh seachtaine.
Mar sin, thóg mé seachtain saor ón obair, phacáil mé na málaí agus tháinig mé go Gaeltacht Thír Chonaill le mo chuid Gaeilge a chleachtadh an tseachtain seo.
Agus mise a rá leat, is mór an cantal é a bheith ag bun an dréimire teanga arís. Ba í an Ghearmáinis mo phríomhábhar staidéir san ollscoil, agus tar éis cúig bliana a chaitheamh sa Ghearmáin, tá mé nach mór líofa. Tá sé an-éasca dearmad a dhéanamh ar an tús nuair a fhaigheann tú máistreacht ar rud, agus caithfidh mé cuimhneamh nach raibh mé in ann mórán a rá nuair a thosaigh mé ag foghlaim na Gearmáinise ach an oiread.
Is scanrúil an rud é tús a chur le rud nua, nó tús nua a chur le seanrud, ach mar a deir an Béarla “a comfort zone is a beautiful place but nothing ever grows there”.
Tá dearmad déanta agam ar cé chomh tuirsiúil is a bhíonn sé a bheith ag éisteacht le duine ag labhairt i dteanga nach dtuigeann tú, agus nuair a bhíonn tú ag éisteacht le beirt chainteoirí dúchais, tá sé mar a bheadh tóraíocht taisce ann focal a aimsiú anseo agus ansiúd. Tá dearmad déanta agam ar an bhfrustrachas a bhíonn ort nuair a iompaíonn an comhrá chugatsa agus ní féidir leat ceist shimplí a fhreagairt. Tá dearmad déanta agam ar an gcodladh mór a dhéanann tú tar éis an lae a chaitheamh i mbun ranganna teanga agus an tráthnóna a chaitheamh ag fánaíocht timpeall áit nach bhfaca riamh cheana.
Mar a mhínigh an múinteoir dom inné, tá níos mó i gceist le teanga, go mór mór an Ghaeilge, ná abairtí curtha le chéile ar mhaithe le cumarsáid. Is léiriú ar lucht a labhartha, ar an tír, agus ar chultúr áite í an teanga. Ní bhíonn gné amháin ann gan an ghné eile.
Is iad na rudaí seo in éindí: stair mo mhuintir, mé féin, mo chaitheamh aimsire, an cultúr, muintir na háite, agus an tír í féin a spreagann mé leis an nGaeilge a fhoghlaim.
Tá Éirinn Ní Dhuibhfhionn ag foghlaim na Gaeilge le Conradh na Gaeilge Hamburg agus i mbun cúrsa Gaeltachta faoi láthair. Is aistriúchán atá san alt thuas.