Is naimhde iad lucht na Gaeilge íne

Tá sí ar ais arís… an tsean-cheist chéanna atá á plé le breis is 100 bliain anuas.


Ceann de na rudaí is fearr a rinne Clár Chormaic agus Údar Cainte ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le tamall de bhlianta anuas ná plé fiúntach a éascú ar thógáil páistí leis an Ghaeilge.

Tá an teanga ar an dé deiridh le Gaeilge ó dhúchas ag tuairim ar 1,000 páiste sa Ghaeltacht agus ag an líon céanna, beag nó mór, taobh amuigh di.

Níor rugadh an cainteoir dúchais deireanach go fóill, mar a dúirt an t-iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin, ach ní fada ar shiúl an lá sin.

Tuigim go gcuireann caint ar bith ar an Ghaeilge leadrán ar go leor daoine ach mar sin féin mura bhfuil muid chun an fhadhb seo a phlé anois (más fadhb í ar chor ar bith), cén uair a bpléifear í?

An tseachtain seo a chuaigh thart tugadh suntas d’agallamh a rinneadh leis an scríbhneoir Diarmuid Johnson agus é ag ceistiú an fhiúntais a bhaineann le clann a thógáil le Gaeilge “fhoghlamtha” agus fhiúntas oideachas Gaeltachta.

Níor aontaigh mé le go leor a dúirt Diarmuid ach aithním gur fiú an dearcadh atá aige a phlé.

Ach ní féidir liom aontú in aon chor leis an tuairim go bhfuil Gaeilge thraidisiúnta ag fáil bháis mar gheall ar bhagairt éigin ón Ghaeilge fhoghlamtha.

Tá an Ghaeltacht á scriosadh ag an Bhéarla – ní ag foghlaimeoirí Gaeilge.

Tá an Ghaeilge ag dul in éag de bhrí go bhfuil idir mhuintir na Gaeltachta agus Ghaeilgeoirí na n-iar-Ghaeltachtaí ag roghnú gan í a thabhairt dá gcuid páistí.

Is fuath le daoine nuair a luaitear sin, is éasca an milleán a chur ar an rialtas, ar na Sasanaigh nó ar an Chaighdeán Oifigiúil fiú!

I ndeireadh na dála, is dócha go labhraíonn an chuid is mó de na daoine atá ag léamh an ailt seo Béarla lena bpáistí.

Dar liom nach mbíonn i gceist le roinnt mhaith de na hard-tuairimí agus teoiricí seo faoin teanga ach íonaíochas (purism) faoi cheilt.

Ní íonaí mé.

Áibhéil a bhíonn ann go minic.

Cinnte, má chuirtear sean-chainteoir dúchais, nach bhfuil ar fáil ach ar ‘Siúlach Scéalach’ (atá ar an chlár is fearr ar an raidió dála an scéil), i gcomparáid leis an chainteoir is measa Gaeilge in Éirinn (nach n-úsáideann í mar rogha-theanga) beidh difear lá agus oíche ann.

Ach is í an fhírinne ná gur idir an dá chás fhoircneacha sin atá an chuid is mó againn.

Mar a deirtear sa Ghaeilge thraidisiúnta seo, “tá measarthacht ar achan rud” agus gan aon amhras caithfidh foghlaimeoirí a bheith intuigthe do chainteoirí dúchais: sin an aidhm agus duine ag foghlaim teanga ar bith.

Ach smaoiním chomh maith ar rud a dúirt ball de chlann Mhic Grianna liom maidir leis an teanga atá ar fáil in úrscéalta Shéamuis Mhic Grianna, nó Máire.

“Ní labhraíonn muintir Rann na Feirste mar sin agus déanta na fírinne, níor labhair riamh.”

gaeilge-ghlan

Ceann de na deacrachtaí ná nár mhaith le duine ar bith labhairt ar a dtaithí phearsanta féin nó ar a saol príobháideach teaghlaigh nó ar chumas a gcuid páistí.

Ach má tá muid chun an cheist seo a phlé beidh orainn sin a dhéanamh – mar a rinne Diarmuid Johnson agus daoine misniúla eile – Gaeilgeoirí mór le rá a thóg a gclann leis an Bhéarla san áireamh.

Dúirt Diarmuid in agallamh ar an suíomh idirlín Slugger O’Toole gur féidir go bhfuil cumas páistí atá á dtógáil le Gaeilge teoranta mar gheall ar easpa cumais iad féin a chur in iúl.

Títear dom gur féidir go bhfuil ciall éigin leis an tuairim sin.

Ach ní chuireann páistí iad féin in iúl sa dóigh sin: mura féidir leo rud éigin a rá i nGaeilge, déarfaidh siad i mBéarla é.

Cheistigh Diarmuid cén fhoinse Gaeilge atá ar fáil sna Gaelscoileanna ag cur i gcuimhne dúinn nach féidir le gach múinteoir a bheith ina gcainteoir ó dhúchas (fadhb í seo atá ag coinneáil fhorbairt na Gaeilge siar go mór in Albain, mar a tharlaíonn sé).

Is fíor sin agus ní féidir ‘Gaelscoilis’ mar a thugann Tomás Mac Siomóin air a sheachaint faraor – ach i mo thaithí féin is ó na páistí eile a thig bunús na Gaelscoilise, ní ó na múinteoirí.

Tuigeann gach duine go bhfuil laigí i gceist lenár nGaelscoileanna – ach b’fhearr leo sin ná oideachas trí mheán an Bhéarla go díreach.

Tá Diarmuid den tuairim go gcaithfidh an páiste teanga neamh-laghdaithe a labhairt chun forbairt go hiomlán ó thaobh na hintleachta de.

Ach cheana féin is iomaí duine a d’fhreastail ar Ghaelscoil in Éirinn a raibh an-rath orthu sa saol seo, Dara Ó Briain a ritheann liom go láithreach.

Tá Coláiste Feirste ann ar Bhóthar na bhFál, scoil a chuidigh le go leor scoláirí móra a chruthú cé nach bhfuil sé ar an tsaol ó bhí 1991 ann.

Ach níl aon amhras ann go bhfuil an teanga ag éirí níos tanaí agus go bhfuil saol intleachtúil na Gaeilge teoranta.

Is fíor sin gan aon amhras – nach é sin an fáth ar mhaith linn Béarla a bheith ag ár bpáistí lena chois.

Admhaím go mbím féin in amhras faoi fhiúntas na Gaelscolaíochta ó am go chéile ach ní raibh mé riamh in amhras faoi pháistí a thógáil le Gaeilge – fiú mura bhfuil ann ach leath-iarracht lag, bíonn fiúntas leis.

Fiú mura bhfuil sa Ghaeilge sin ach aguisín, nach fiú go mór an cumas céanna?

intleacht

Níl aon duine ag séanadh Béarla ar a gcuid páistí cé go ndéanann go leor againn iarracht é a sheachaint oiread agus is féidir le cinntiú go mbeidh Gaeilge láidir fhéinseasmhach neamhspleách ag ár gclann.

Ach sea, má thógann tú páistí le teanga nár tógadh tú léi, in áit nach bhfuil an teanga sin ina teanga phobail, ní féidir a thuar go díreach cad é mar a labharfas do pháiste.

Is cuimhin liom comhrá a bheith agam le Gaeilgeoir clúiteach as Bóthar Seoighe i mBéal Feirste, a dúirt gur ghlac siad ar fad go mbeadh Gaeilge níos fearr ag a gcuid páistí ná mar a bhí acu féin, ach cha raibh.

Agus admhaím féin gur tháinig feabhas ar Ghaeilge m’iníon-sa agus mé féin ag obair as baile mar iriseoir fánach – níl sé furasta dom sin a admháil ach labhair sí Gaeilge Chois Fharraige gan aon tionchar ó mo chanúint féin.

Fianaise is é sin gur fíor an teoiric gurb é an pobal a thógann páistí seachas teaghlaigh aonaracha agus fianaise atá ann ar fhiúntas an Crann Taca nó Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán (go raibh maith agaibh ó chroí).

Mar a dúirt mé, is maith an rud é go bhfuil na cúrsaí seo á bplé mar is minic a dhéantar muid croí na ceiste a sheachaint mar a tharlaíonn leis an fhírinne gharbh.

Ach ná déanaimis dearmad gur mó an difear idir Bhéarla Iarthar Bhéal Feirste agus Béarla ceart Oxfordshire ná an difear idir Gaeilge Bhóthar Seoighe agus Gaeilge Rann na Feirste.

Labhraíonn beagnach gach uile dhuine i mo bhaile dúchais Béarla mar a gcéad teanga inniu – ní raibh an teanga sin ag mórán daoine againn roimh an drochshaol.

Mar sin de, an cainteoirí dúchais Béarla sinne ar chor ar bith?

An bhfuil Béarla traidisiúnta nó foghlamtha againn?

An bhfuil muid faoi mhíchumas intleachtúil?

An bhfuil muid gan teanga dhúchais?

Is é mo mholadh do chainteoirí Gaeilge na Galltachta i gcónaí – foghlaim Gaeilge níos fearr ná mar atá ag daoine eile agus beidh an cath bolscaireachta leat!

Ach is é mo bhuaireamh pearsanta ná go dtiocfaidh lucht na ‘Glan-Ghaeilge’ amach de réir a chéile i gcoinne labhairt na Gaeilge sa Ghalltacht – naimhde cumhachtacha is ea iad faraor.

Tá súil agam nach bhfuil ann sin ach paranóia.

rnag-nos-colun

SCÉALTA EILE