James Kavanagh V Doireann Ní Bhriain


Mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge ar RTÉ, tá sraith físeáin ‘Gníomhartha Randamacha as Gaeilge’ á cur amach le linn na féile.

San fhíseán is déanaí, buaileann an réalta Snapchat James Kavanagh le Banríon an ‘Luas’ Doireann Ní Bhriain, a dhéanann an t-athghuthú ar an Luas.

Is teangeolaí aitheanta í Doireann Ní Bhriain a bhfuil a saoil caite aici le craoltóireacht na Gaeilge.

Áit a mbíonn James Kavanagh, bíonn neart spraoi agus is maith linn gur thapaigh sé an deis roinnt focal a fhoghlaim i nGaeilge ar an turas!

Is léir go ndeachaigh an lá le Doireann i bhfeidhm air nó bhí an chraic cúl ceamara le feiceáil ar chuntais Kavanagh ar na meáin shóisialta i lár na míosa seo caite, nuair a taifeadadh an físeán, agus na céadta míle radharc faighte aige ó shin.

Bulaí fir James!

Anuas ar na gníomhartha randamacha tá físeáin eile á gcur amach ag RTÉ a iarrann ar dhaoine iomráiteacha beart dearfach a dhéanamh ar son na Gaeilge.

Is é an laoch mór Stephen Fry, údar, craoltóir agus scríbhneoir iomráiteach as Sasana, a chur tús leis an tsraith agus é ag labhairt go mórtasach faoin Ghaeilge!

Tá muid ag súil le go mór le feiceáil cé eile a bheas páirteach sna bearta dearfacha ar RTÉ le linn SnnG17!

Ar aghaidh linn!

SCÉALTA EILE