Seo Lá Eorpach na dTeangacha, ceiliúradh ar an éagsúlacht teanga atá againn san Eoraip atá ar an bhfód le beagnach 20 bliain. Beidh imeachtaí difriúla ar siúl i dtíortha ar fud na hEorpa inniu le ceiliúradh a dhéanamh ar na teangacha sin, idir oícheanta scannán, preabchaiféanna teanga, léachtaí, ceardlanna do pháistí agus eile.
Táthar ag iarraidh Eorpaigh a gceiliúradh beag féin a dhéanamh ar Lá na dTeangacha freisin trí rudaí ar nós dinnéar nó cóisir theangacha a reáchtáil le cairde sa bhaile, tús a chur le foghlaim nó athfhoghlaim teanga, nó fiú leabhar i dteanga eile a léamh inniu.
Is togra de chuid Chomhairle na hEorpa é Lá Eorpach na dTeangacha agus tá 800 milliún duine ina gcónaí sna 47 Ballstát.
Deir an Chomhairle go “gcuireann éagsúlacht teanga tuiscint idirchultúrtha chun cinn” agus gur “cuid thábhachtach d’oidhreacht shaibhir chultúrtha na hEorpa” í an éagsúlacht chéanna.