Lá na dTeangacha Beaga

Déantar ceiliúradh ar theangacha beaga a labhraítear i dtíortha éagsúla san Eoraip ar Twitter inniu, Déardaoin 21 Aibreán.

Cuireann an feachtas dúshlán roimh phobail mhionteangacha, atá bainteach leis an fhiontar trastíortha Tosta, a dteanga féin a chur chun cinn ar Twitter le go spreagtar daoine eile chun úsáid a bhaint aisti.

Cothaíonn Tosta deiseanna comhoibrithe agus ardáin d’eagraíochtaí atá ag plé le teangacha mhionlaithe éagsúla san Eoraip.

Teangacha, ar nós na Gaeilge, a labhraítear i dtíortha atá buailte leis an Atlantach atá páirteach in Tosta.

Beidh giolcacha á sruthú ar an haischlib #TIML2016 – a sheasann do ‘This is My Language’ – i gcaitheamh an lae sna teangacha éagsúla.

Is furasta a bheith páirteach san fheachtas.

Níl le déanamh ach giolc a sheoladh i do theanga dhúchais agus an haisclib #Gaeilge agus #TIML2016 a chur leis.

I measc na dteangacha eile atá páirteach sa tionscadal, tá An Bhreatnais #cymraeg; An Bhascais #euskara, a labhraíonn muintir Thír na mBascach; An Fhreaslainnis #frysk, a labhraítear i dtuaisceart na hÍsiltíre; An Ghailís, atá beo in iarthuaisceart stát na Spáinne; An Choirnis #kernowek agus Gaeilge na hAlban #Gàidhlig.

Mar a tharlaíonn sé tá ár gcairde ar an taobh eile de Shruth na Maoile ag ceiliúradh an tríú bliain de Lá Twitter na Gàidhlig inniu chomh maith.

Cuirimis giolc sa bhreis amach do Ghaeil na hAlban!

SCÉALTA EILE