‘Learn on the Loo’

Is fada úsáid ag gníomhaithe teanga le greamáin ach seo feachtas greamaitheoirí nach bhfacthas riamh roimhe.

Tá Coiste na bhFocal Nua tar éis tús a cur le feachtas nuálach chun aird an mhórphobail a tharraingt i dtreo na Gaeilge, nó mar a deir siad féin “feachtas conspóideach craiceáilte cacfhoclach a chuirfidh lucht leithris na tíre san trithí”.

Feachtas greamán i leithris fud fad na tíre é #LearnOnTheLoo atá dírithe ar phubanna agus ar chlubanna chun daoine a chur i mbun cainte ar gach ábhar faoin spéir, an drabhlás agus an leathar san áireamh.

Is é atá ar na greamáin ná comhrá samhailteach idir beirt amuigh san oíche agus níl aon amhras ann go spreagfaidh na frásaí a roghnaíodh plé bríomhar.

“Tá muid ag súil go gcabhróidh sé leis na Gaeil an saibhreas graosta atá againn féin a normalú agus go meallfaidh sé daoine gan Ghaeilge i dtreo na teanga chomh maith,” arsa urlabhraí le Coiste na bhFocal Nua, grúpa atá gníomhach ar Twitter agus a bhfuil sé mar sprioc acu úsáid an bhéarlagair Ghaeilge a leathnú.

“Tá roinnt bunfhrasaí ann agus abairtí úsáideacha greannmhara leis.

“Ní mór bheith cruthaitheach má tá muid chun daoine a thabhairt linn agus tá muid an-sásta leis an aischothú atá faighte ag na greamáin go dtí seo.”

greaman1

Cheana féin táthar ag druidim le 100 ionad i mBaile Átha Cliath a bhfuil na greamáin le feiceáil iontu agus dar leis an Choiste go mbeidh siad á scaipeadh i mBéal Feirste agus i nGaillimh gan mórán moille chomh maith.

Dúirt urlabhraí an Choiste linn go bhfuil gníomhaithe gnóthach acu i mbailte agus i gcontaetha ar fud na tíre agus tá greamaitheoirí in airde cheana i Londain Shasana fiú amháin.

Meastar gurb é seo an feachtas greamán is mó ag na Gaeil ó chuir an grúpa rúnda Na Ceithearna Coille na mílte greamaitheoir ‘As Gaeilge Anois’ ar fud na tíre in 2007 agus 2008.

Tá Coiste na bhFocal Nua ag cur fáilte roimh aon duine ar mhian leo cuidiú leis an fheachtas mar sin dá mba mhaith leat bheith páirteach go háitiúil, is féidir bearta de 50 greamán a cheannach trí theagmháil a dhéanamh le coistenabhfocalnua@gmail.com.

Tá an beart sin de 50 greamán ar fáil ar €5/£4 agus moltar duit iad a úsáid go héifeachtach.

Tá comórtas á reáchtáil acu chomh maith agus duais ann don Tweet, postáil Facebook nó Instagram leis an phictiúr is fearr de cheann de na greamáin.

Dar le Coiste na bhFocal Nua nach bhfuil anseo ach an chéad chéim den fheachtas greamán seo agus go bhfuil cúpla cleas eile beartaithe acu don bhliain úr amach romhainn.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Choiste, agus a gcuid geáitsí a leanúint, ar @coistenabhfocalnua

SCÉALTA EILE