Ionad ealaíne é Celtic Junction in Saint Paul, Minnesota a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil i gcomhpháirt le Gael Linn ó Eanáir 2023 i leith. Seo blúiríní beaga a scríobh na foghlaimeoirí fásta le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge. Nochtann siad a dtuairimí i leith na Gaeilge agus an ionaid; déanann siad plé ar an gceangal atá acu le hÉirinn; cuireann duine acu dán dá chuid féin i láthair.
Is mise Jennifer Collins Manion. Tá mé i mo chónaí in Minneapolis le mo bhean chéile, Carla, agus leis an dá chat dár gcuid, Millie agus Harold Henry. Tá mé ag foghlaim na Gaeilge mar gheall ar mo sheanmháthair, Agnes Collins. Ba as Gort na gCadhan i gContae na Gaillimhe di, agus d’fhás sí aníos i dteach nach raibh ach aon seomra amháin ann. Nuair a bhí mé óg, d’insíodh sí scéalta dom anois is arís. Bhí diamhracht éigin ag baint leo, agus bhínn go hiomlán meallta aici. Deireadh sí liom go raibh aon siblin déag aici, uaireanta eile, deireadh sí go raibh dáréag nó trí shiblín déag aici. Cén chaoi nach mbeadh a fhios aici?! Deireadh sí, freisin, go bhfeiceadh sí taibhsí. Níl a fhios agam an raibh Gaeilge aici, ach ise a spreag chun na teanga mé, í sin agus an tsaoránacht a bhain mé amach in 2018.
Tá an t-ádh liom go bhfuil mé i mo chónaí in aice le Celtic Junction, agus go bhfuil ranganna agam le Coláiste Gaeilge Minnesota agus le Gael Linn. Bainim an-taitneamh as an teanga a fhoghlaim ach tá obair fós le déanamh agam leis an gcaint, sílim! Nuair a d’fhreastail mé ar an Deireadh Seachtaine Gaeilge ag a Celtic Junction Arts Centre anuraidh, bhí mé spreagtha agus lán le fuinneamh. Tá mé ag tnúth go mór leis an Deireadh Seachtaine sin i mbliana.
– Jennifer Collins Manion
Chuir mé spéis sa Ghaeilge ar dtús i mí na Nollag 2020, nuair a thosaigh mé ag baint úsáide as Duolingo chun an corrfhocal a fhoghlaim. Bhí turas go hÉirinn á phleanáil againn in 2021, agus bhí mé ag iarraidh cúpla focal a bheith agam don turas. In earrach na bliana 2021, chuireamar an turas ar ceal mar gheall ar COVID, ach choinnigh mé orm leis an bhfoghlaim. Ghlac mé páirt i gcúpla rang in 2021, agus ansin tháinig mé ar an Celtic Junction Arts Center toisc go raibh cónaí orm in Minnesota. Chláraigh mé don Deireadh Seachtaine Gaeilge in 2022 agus bhain mé an-taitneamh as. Ón deireadh seachtaine sin i leith, tá mo shuim sa teanga tar éis éirí níos láidre. Tá roinnt ranganna déanta agam le Celtic Junction agus Gael Linn. Cuidíonn gach rang le mo stór focal agus cuireann siad feabhas ar mo scileanna cainte, léitheoireachta, agus éisteachta.
D’fhreastail mé ar an Deireadh Seachtaine Gaeilge in 2023 agus tá sé i gceist agam freastal air arís i mbliana. Táim thar a bheith sásta leis an dul chun cinn atá déanta agam ar an iomlán. Is féidir liom labhairt anois i gcomhráite bunúsacha, rud a bhí dodhéanta díreach dhá bhliain ó shin. Tá cairde agam ar fud an domhain mar gheall ar an tsuim choitianta atá againn sa Ghaeilge. Cuireann na caidrimh seo go mór le mo shaol agus mé ar scor. Tá an-áthas orm gur aimsigh mé Celtic Junction agus Gael Linn.
– David (Daithí) Robinson
Is é ceann de na rudaí is tábhachtaí i mo shaol anois ná cuidiú leis an nGaeilge a chaomhnú agus a thabhairt ar aghaidh. Tá an-suim agam i dteangacha atá i mbaol a shábháil. Tá muid i dtréimhse athbheochana ó thaobh na Gaeilge de anois agus tá go leor fuinnimh sa ghluaiseacht. Cúis amháin leis sin ná na hacmhainní atá ar line, mar shampla, tá cláir teilifíse in go leor teangacha ar fáil ar líne. Féadfaí ranganna mionteanga a chur ar fáil do scoláirí ar fud an domhain anois trí mheán an idirlín.
I gcás na Gaeilge, feicim go bhfuil clubanna leabhar Gaeilge ar líne atá ag baint úsáide as leabhair don fhoghlaimeoir fásta. Tá go leor eagraíochtaí Gaeilge timpeall na Stát Aontaithe a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil, ach bíonn sé deacair teacht ar mhúinteoirí i gcoitinne. Ceann de na rudaí is fearr maidir le Celtic Junction ná go bhfostaíonn siad múinteoirí as Éirinn a bhfuil taithí luachmhar acu. Tá comhpháirtíocht acu le Gael Linn, eagraíocht a bhfuil múinteoirí maithe aici. Sin an fáth a ndéanaim ranganna Gaeilge le Celtic Junction.
– Sue Clark, foghlaimeoir Gaeilge atá ina cónaí in Minnesota. Tá súil ag Sue a bheith ar dhuine den mhilliún cainteoir líofa Gaeilge in 2040.
Chuir mé suim sa Ghaeilge ar dtús toisc go mbíodh an ceol traidisiúnta timpeall orm agus mé ag fás aníos. Bhí mé i gcónaí ag iarraidh an Ghaeilge agus Gàidhlig na hAlban a fhoghlaim, agus An Bhreatnais freisin, b’fhéidir. Tá spéis agam i dteangacha go ginearálta. Rinne mé staidéar ar an teangeolaíocht, ar na teangacha mionlaithe go sonrach. Dar ndóigh, bhí na teangacha Ceilteacha san áireamh. Is teanga álainn agus spéisiúil í an Ghaeilge, dar liom. Tá Seachtain na Gaeilge ar fheabhas. Tá sé go hiontach go bhfuil daoine, timpeall an domhain, ag ceiliúradh teanga a d’fhéadfadh a bheith i mbaol.
Nuair a d’aistrigh mé go St Paul ar dtús le freastal ar an ollscoil, tháinig mé ar Celtic Junction. Is damhsóir Gaelach mé agus thosaigh mé ag damhsa le O’Shea Irish Dance ag an Celtic Junction. Is é an t-ionad sin an t-aon chúis amháin nár aistrigh mé chuig ollscoil níos giorra don bhaile, óir thagadh cumha orm go minic in St Paul. Tá na daoine ag an Celtic Junction chomh cairdiúil agus fáilteach sin. Táim ag foghlaim na feadóige móire ann chomh maith leis an damhsa, agus ag déanamh ranganna Gaeilge ar Zoom. Táim ag baint taitnimh as na ranganna cé go bhfuil mé neirbhíseach i gcónaí!
– Danielle Scott
Tá an-mheas agam ar an Celtic Junction Arts Center (CJAC). D’fhreastail mé ar an Deireadh Seachtaine Gaeilge (deireadh seachtaine tumoideachais a chuireann siad ar fáil) in St Paul faoi dhó, agus tá mé ag glacadh páirte sna ranganna ar líne le trí bliana anuas. D’fhreastail mé ar chúrsaí teanga, ar chúrsaí litríocht na Gaeilge agus ar chúrsa amháin a bhain leis an leabhar We Don’t Know Ourselves le Fintan O’Toole. Bhain mé neart oiliúna, gríosú intinne, agus comhluadar aoibhinn as na cúrsaí. Cuireann CJAC réimse leathan ábhar ar fáil, ar an láthair féin agus ar líne, cuirim i gcás, ranganna teanga, litríochta, ceoil, rince, ceardaíochta, agus cócaireachta.
Tá sárobair déanta ag Cormac Ó Sé agus a bhean chéile, Natalie, leis an ionad seo. Thóg siad ar an bhfód a leag na daoine agus na heagraíochtaí ceannródaíocha a chuaigh rompu síos, cuirim i gcás, an tOllamh Eoin McKiernan ag Ollscoil Naomh Tomás; an American Irish Cultural Association; Gaeltacht Minnesota; agus na ceoltóirí, Daithí Sproule agus Ann agus Charlie Heymann.
Níl ach aon rud amháin le cáineadh agam maidir leis an ionad: cuirtear an iomarca béime ar an litríocht Angla-Éireannach agus déantar faillí i Litríocht na Gaeilge. Tuigim nach gcuireann an gnáthMheiriceánach mórán suime i mionteanga cosúil leis an nGaeilge, ach níl sé ceart ná cóir gan ardán ceart a thabhairt do litríocht na Gaeilge, trí mheán an aistriúcháin ar a laghad.
– Conn Mac Aogáin
Comhairle don Scríbhneoir Óg
Fág achan rud i do dhiaidh – an tír, an teaghlach, an cruatan agus an chraic.
Fág an scoil agus fág do chumas teanga ina naíonán
agus imigh thar sáile, do shaol is do shúile amach romhat.
Síl.
Síl go bhfuil do theanga dhúchais caillte agat
agus sin sin.
Curtha i gcré agat féin fadó agus níos faide fós,
Nuair a d’fhág tú Éire i do dhiaidh.
Fan.
Fan, i ngan fhios go bhfuil tú ag fanacht
Fan le fada agus níos faide fós.
Lean ar aghaidh le do shaol
leis an chreidiúint go bhfuil do theanga sa chré.
Síl é sin.
Síl é sin i ngan fhios gur síol í do theanga.
Ach tuig,
Tuig nach bhfuil sí ach ina codladh
agus í féin ag fanacht freisin
ag fanacht
le fáinne geal an lae, le teas na gréine, le fliuch na fearthainne,
ag fanacht go foighneach, gan aon deifir uirthi.
Agus tiocfaidh sí,
Tiocfaidh an dúlra chun dúiseachta
an chré i do chroí
agus an síol istigh ann.
Neamhchaillte.
Agus tiocfaidh an teanga ina racht,
ag claochlú amach arís ina bláth féin.
Agus cuir fáilte roimpi, imirceach é an teanga a fhilleann abhaile chugat.
Agus tú fós thar sáile.
Nóta: mo bhuíochas le mo mhúinteoirí uilig. Buíochas leis an dlúthphósadh aisteach idir an t-idirlíon agus an phaindéim, idir an iargúltacht agus an ceangaltas. D’eascair na mílte deiseanna as leis an Ghaeilge a fhoghlaim ar líne agus a bheith ceangailte le pobail foghlaimeoirí. Agus cé go bhfuilimid ligthe amach arís le bheith i dteannta a chéile, aghaidh ar aghaidh, tá na deiseanna fós ag dul i méid.
Dán le Nollaig Bonar atá in Oileán Phrionsa Éadbhard, Ceanada, le daichead bliain anuas. ‘Tháinig teagascóir ICUF anseo sé bliana ó shin agus mhúscail sí an Ghaeilge a bhí ionam cheana. Chaith mé mí san Acadamh ar an gCeathrú Rua, a bhuí le ICUF. Glacaim páirt i ranganna agus in imeachtaí eile ar líne an t-am ar fad uaidh sin i leith. Agus is iontach an rud é a bheith i measc theanga mo shinsear.’