Litreacha Rúnda na Gaeilge?

Cloistear go mion minic nach n-úsáidtear na litreacha j, k, q, v, w, x, y, ná z sa Ghaeilge.

Nuacht bhréagach, a dhaoine uaisle.

Tá an chuid is mó acu in úsáid le fada an lá!

Nach gcreideann sibh mé?

Bhuel seo daoibh liosta gairid:

– jab, jéiníos, joltaeir
– vitimín K, línte H agus K
– quinín, quionól
– vóta, vód, vrác
– ‘aonad lán-W’
– xaintéin, xiolán, X-radaíocht
– Y-chrómasóm
– zó-eolaíocht, zóifít, zú

Fuist ansin, ar ndóigh géillim gur téarmaí sách aduain cuid acu (go háirithe k, w agus y) ach ní féidir a rá nach ann dóibh.

D’úsáid mé an uile cheann acu sa Mhatamaitic nó san Eolaíocht agus mé ag freastal ar mheánscoil lán-Ghaeilge.

Is fiú a chuimhneamh go bhfuil an-chuid de na litreacha seo sa Ghaeilge leis na céadta bliain.

Mar shampla tá ‘y’ agus ‘x’ le feiceáil sa líne dheiridh den lámhscríbhinn seo ó na 1630í:

Agus cé gur córas simplithe (‘letiriú shímplí’ Sháin Uí Chuív, gaol le hÉamó) a chuir an ‘v’ in ‘Ó Cuív’, tá an ‘v’ féin sa teanga leis na cianta.

Tá an cuntas spéisiúil Twitter @Gaelchlo tar éis súil a chaitheamh ar go leor samplaí de na litreacha a bheith in úsáid i bhfoilseacháin a foilsíodh nó a breacadh i bhfad siar.

Deirtear gurb é ‘k’ an t-aon litir nach bhfuil ag Ó Dónaill, ach tá an carachtar céanna sa teanga le fada – tráth den saol ba ghiorrúchán do ‘cath’ a bhí ann.

Anois feictear é i dtéarmaí teicniúla.

An fada uainn é a fheiceáil i ngnáthfhocal?

Konas atá tú a khara?

Anois, nuair a luaim an liosta thuas le daoine deir siad “Faoiste fáiste nach iasachtaí iad sin?!”

Cé gur fíor sin go pointe, tá mórán acu ar focail dhúchais iad agus go leor eile atá bunaithe ar fhocail atá againn Gaeil le tamall maith.

Ní hamháin sin ach d’fhéadfaí an gearán céanna a chasadh leis an mBéarla bradach nach stadann ach a bheith ag alpadh fhoclóirí theangacha na cruinne.

Nach iasachtaí mórán de na focail a bhfuil x-anna, z-anna agus eile iontu sa Bhéarla féin?

Bí cinnte de, ach mar is gnách bíonn slata tomhais éagsúla ag daoine do theangacha neamhfhorleathana… féach ‘Irish has taken lots of words from English’.

Fadó, fadó ní raibh sa Ghaeilge ach na gutaí a, e, i, o, u agus na consain b, c, d, f, g,l, m, n, p, r, s, t.

Ainmneacha crann a bhíodh orthu anallód: Ailm, Beith, Coll, Dair, Eadha, Fearn, Gort, Uath, Ioga, Luis, Muin, Nuin, Oir, Peith, Ruis, Suil, Teine, Ur.

Déan iarracht é seo a chur le hamhrán na hÁibíosaíos (ABCs)!

Is fiú breathnú freisin ar an mbealach a tháinig aibítir an Bhéarla chun tosaigh chun tuiscint a fháil ar chás na Gaeilge.

Seo an chéad aibítir Laidine a bhí ann A, B, C, D, E, F, H, I, K, L, M, N, O, P, Q, R, S, T, V, X.

Cuireadh Y agus Z leis ar ball chun fuaimeanna ó theangacha eile a chur leis.

Nuair a cruthaíodh an aibítir Angla-Shacsanach bhí litreacha uile na Laidine ón am sin i gceist.

Mar sin féin cuid de na litreacha atá sa Bhéarla anois níor tháinig siad isteach sa teanga sin ach le déanaí.

An litir is déanaí a tháinig isteach ná ‘J’, nó ‘I’ agus eirbeall air.

Úsáideadh ‘I’ agus ‘J’ araon don litir chéanna agus níor glacadh le ‘J’ in aibítir an Bhéarla go dtí an 19ú Céad féin.

Mar sin, an chéad uair eile a déarfaidh daoine nach bhfuil na litreacha j, k, q, v, w, x, y, agus z sa Ghaeilge abair leo, más fíor sin, go mbeidh ort éirí as do ‘jab’ sa ‘zú’ agus gan aon ‘vóta’ a chaitheamh ar aon ‘jacaí’ ná ‘jions’ a chaitheamh i ‘jíp’ as seo amach!

Nó abair leo teacht anseo.

SCÉALTA EILE